Tionscadail tacaithe le maoiniú is fiú breis is €2.2 milliún nochtaithe ag an Aire Calleary le linn a cuairte ar Cho. Laois

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tionscadail tacaithe le maoiniú is fiú breis is €2.2 milliún nochtaithe ag an Aire Calleary le linn a cuairte ar Cho. Laois

  • €1.4 milliún d’athnuachan Theach agus Chearnóg Mhargaidh Chúl an tSúdaire
  • €500,000 d’athnuachan Pháirc an Phobail i gCúl an tSúdaire
  • Feabhsú réimse phoiblí agus fiontar sóisialta i Maighean Rátha

Thug an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, cuairt inniu (Déardaoin, 23 Aibreán 2026) ar Chontae Laoise chun roinnt áiseanna pobail a fuair maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a oscailt.

Cuireadh tús le cuairt an Aire i gCúl an tSúdaire, áit inar oscail sé Teach agus Cearnóg an Mhargaidh, ar a ndearnadh athnuachan oidhreacht-bhunaithe, agus a fuair maoiniú faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (CAFT). Rinneadh athchóiriú ar Theach stairiúil an Mhargaidh agus feidhmeoidh sé mar Mhol Pobail agus Faisnéise Turasóireachta.

Agus é ag labhairt i gCúl an tSúdaire, dúirt an tAire:

“Is cúis áthais dom a bheith anseo i gCúl an tSúdaire i gCo. Laoise chun an tionscadal seo a oscailt go hoifigiúil. Cuireadh maoiniú de bheagnach €1.4 milliún ar fáil faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe de chuid mo Roinne.

“Mar cheann de na príomhthionscadail sa Straitéis um Athnuachan Chúl an tSúdaire 2030, beidh sé seo ina athrú ó bhonn do lár Chúl an tSúdaire agus beidh ról lárnach aige i saol laethúil an phobail seo. Cuirfidh sé borradh faoin líon custaiméirí sa bhaile agus beidh sé ina spreagadh do thuilleadh infheistíochta sna foirgnimh agus sna sráid-dreacha ar fud an bhaile.”

Go dtí seo, tá maoiniú de bheagnach €11.9 milliún infheistithe faoin Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe chun naoi dtionscadal a thabhairt i gcrích ar fud Laoise.

I ndiaidh na hoscailte seo, d’oscail an tAire an tionscadal athfhorbartha i bPáirc an Phobail i gCúl an tSúdaire a fuair breis is €500,000 faoin Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte de chuid a Roinne.

Agus é ag labhairt ag Páirc an Phobail, dúirt an tAire:

“De bharr na n-oibreacha a rinneadh anseo, tá an Pháirc anois ina ceann scríbe bríomhar fáilteach do dhaoine de gach aois. Cruthaíodh páirc bhaile nua-aimseartha d’ardchaighdeán, lena n-uasmhéadaítear na buntáistí comhshaoil agus sóisialta don phobal áitiúil.

“Cinnteofar leis an tionscadal seo go leanfaidh Páirc an Phobail de bheith ina spás glas poiblí taitneamhach do dhaoine aonair, do theaghlaigh agus do chuairteoirí do na glúnta amach romhainn.”

Ina dhiaidh sin, d’oscail an tAire Mol Pobail The Compass i bPort Laoise, a fuair tacaíocht de €39,000 trí Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail i gcomhair deisiúcháin agus uasghráduithe ar an tseanteach scoile, a bhí dearóil roimhe seo.

Chuaigh an tAire go Maighean Rátha tar éis sin, áit inar oscail sé Café Donate, ar fiontar sóisialta é a maoiníodh trí chlár LEADER. Cuireadh breis is €105,000 ar fáil chun an foirgneamh a athchóiriú – i ndiaidh dó a bheith dearóil – agus spás pobail bríomhar a dhéanamh de.

I ndiaidh an imeachta seo, d’oscail an tAire tionscadal Shiúlán Abhann Mhaighean Rátha, a fuair beagnach €250,000 faoin Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte. Tá ionchur tábhachtach déanta ag Scéim na mBailte agus na Sráidbhailte chun tacú le pobail bheoga agus inbhuanaithe i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na hÉireann.

Nótaí don Eagarthóir

An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe

Ó 2018 i leith, tá €612 milliún ceadaithe faoin Chiste i gcomhair 272 thionscadal ar fud Éireann. Go dtí seo, leithdháileadh maoiniú CAFT de bhreis is €11.9 milliún ar 9 dtionscadal atá lonnaithe ar fud Cho. Laoise.

An Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte

Ó seoladh an Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte, leithdháileadh breis is €210 milliún ar os cionn 1,900 tionscadal. Is tábhachtach an méid atá déanta faoin Scéim chun tacú le pobail bhríomhara inbhuanaithe i mbailte agus sráidbhailte ar fud Éireann.

Tá Scéim 2025 dírithe go príomha ar thionscadail ina bhfuil béim athnuaite ar théarnamh agus athnuachan eacnamaíoch agus sóisialta i lár bailte.

Déantar an Scéim a riar trí na húdaráis áitiúla, nach mór dóibh oibriú go dlúth le pobail agus gnólachtaí áitiúla chun tograí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. De ghnáth, is iad bailte agus sráidbhailte tuaithe, ina bhfuil cónaí ar níos lú ná 10,000 duine, a fhaigheann maoiniú faoin Scéim. D’fhéadfadh go dtabharfar maoiniú do bhailte móra tuaithe, ina bhfuil suas le 15,000 duine ina gcónaí, más iarratas an-láidir a rinneadh agus ina mbeadh tionchar suntasach ag an tionscadal ar an bhaile sin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat