Tugann an tAire Calleary cuairt ar Chontae Mhuineacháin chun oscailtí oifigúla agus iompuithe fóid a dhéanamh
- Foilsithe: 2 Meitheamh 2026
- An t-eolas is déanaí: 2 Meitheamh 2026
Inniu (Dé Máirt, an 2 Meitheamh 2026) bhí an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, i bhfeighil ag oscailtí agus iompuithe fóid roinnt tionscadal ar fud chontae Mhuineacháin. Maoiníodh na tionscadail tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus cuirfidh siad seirbhísí riachtanacha ar fáil agus tacóidh siad le pobail áitiúla. Tá an infheistíocht iomlán sna tionscadail atá nochtaithe inniu ag an Aire Calleary os cionn €15.8 milliún.
Thosaigh cuairt an Aire i gCarraig Mhachaire Rois, áit ar oscail sé Gairdín Céadfach agus Limistéar Súgartha na Clochbhuaile, a mhaoinítear faoin gCiste Aitheantais Pobail. Tá an gairdín céadfach agus an seomra ranga lasmuigh seo ag feidhmiú mar spás maireachtála dinimiciúil inar féidir leis an bpobal ceangal leis an dúlra agus páirt a ghlacadh i bhfoghlaim phraiticiúil.
Ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire:
“Tá áthas orm maoiniú a chur ar fáil tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta chun tacú le forbairt an Ghairdín Chéadfaigh agus an Limistéir Shúgartha. Gabhaim buíochas le gach duine a ghlac páirt sa tionscadal seo ina dtionscnaítear bunathrú, a mbeidh tionchar dearfach aige ar an bpobal.”
Ansin thug an tAire cuairt ar Theach Margaidh Bhaile na Lorgan chun tús na n-oibreacha ar thionscadal athnuachana suntasach a chomóradh, tionscadal a fuair tacaíocht €11.9 milliún faoin gCiste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe (CAFT). Déanfar an Teach Margaidh stairiúil a athfhorbairt mar mhol ilúsáide pobail agus cultúir in éineacht le feabhsuithe suntasacha ar an réimse poiblí i lár an bhaile.
Ag labhairt inniu i mBaile na Lorgan, dúirt an tAire Calleary:
“Creidim go daingean go dtionscnófar bunathrú in athnuachan an tsuímh ríthábhachtaigh seo ar an bpobal ar fad, agus sin é croílár na hinfheistíochta straitéiseacha faoi CAFT. Déanfaidh na hoibreacha a chríochnófar anseo Teach an Mhargaidh ina cheann scríbe bríomhar agus fáilteach do gach aois.
“Níl aon amhras orm ach go mbainfear taitneamh as na buntáistí a bhainfear as an tionscadal seo ar feadh na mblianta atá le teacht nuair a chuirfear i gcrích é agus go mbeidh ról lárnach ag Teach an Mhargaidh i saol an phobail, anseo le go mbainfidh cách taitneamh as.”
Ansin thug an tAire cuairt ar an Oileán Dubh ar Loch Mucnú áit ar nocht sé roinnt athchóirithe faoin Scéim Áineasa agus Bonneagair Allamuigh. Áiríodh ar na hoibreacha; maolú tuilte, áiseanna feabhsaithe do chuairteoirí agus forbairt spáis oideachais lasmuigh.
Ansin d’oscail an tAire athchóirithe ar an Ionad Aclaíochta Pobail agus ar charrchlós in Achadh na Muileann, a maoiníodh faoi CLÁR, sular bhog sé ar aghaidh go Cúil Darach.
Ag Mol Digiteach Chúil Darach, d’oscail an tAire áis athfhorbartha cianoibre agus fiontraíochta atá suite i seanfhoirgneamh na cúirte. Tacaithe faoi CAFT, tacaíonn an mol anois le 40 post agus is cuid de líonra na Moil Nasctha é.
Ag labhairt i gCúil Darach, dúirt an tAire Calleary:
“Mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, tá sé tábhachtach domsa go dtabharfar deis dóibh siúd a roghnaíonn maireachtáil i gceantair thuaithe na hÉireann leas a bhaint as na deiseanna méadaithe cianoibre a tháinig chun cinn le blianta beaga anuas.”
“Cabhraíonn líonra na Moil Nasctha leis na deiseanna seo, ach tá sé ag cabhrú le daonra roinnt ceantar tuaithe a choinneáil beo, láir bhailte a athbheochan, amanna comaitéireachta a laghdú agus feabhas a chur ar cháilíocht beatha daoine chomh maith.”
Chomh maith leis sin, thug an tAire cuairt ar Shlí Óige Uí Dhufaigh i mBaile Mhuineacháin áit ar iompaigh sé an fód ag Áis Veain Champála atá maoinithe faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte.
Ag a stad deireanach, d’oscail sé Ionad Pobail Bhaile an Fhóid. Cuireadh maoiniú €500,000 ar fáil faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2022 chun ionad pobail nua, a tógadh le sainchuspóir, a thógáil i lár shráidbhaile Bhaile an Fhóid. Is spás nua-aimseartha, solúbtha é an tIonad Pobail a chomhlíonann riachtanais reatha an phobail agus a chuireann ar chumas fás agus forbairt amach anseo sa cheantar ag an am céanna.
Nótaí don Eagarthóir
An Ciste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe (CAFT)
Is clár mór infheistíochta caipitil é an Ciste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe (CAFT) a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le tionscadail mhórscála, uaillmhianacha ar féidir leo forbairt eacnamaíoch agus shóisialta inbhuanaithe a bhaint amach i gceantair thuaithe, ag tacú go díreach le cuspóirí Ár dTodhchaí Tuaithe agus an bheartais chun tosaíocht a thabhairt do lár na mbailte.
Ó bunaíodh an CAFT in 2018, ceadaíodh maoiniú os cionn €613 milliún do 271 thionscadal ar fud na tíre, lena n-áirítear beagnach €42 mhilliún do 15 thionscadal ar fud chontae Mhuineacháin.
An Scéim Infreastruchtúr Áineasa faoin Aer
Cuireann an Scéim Infreastruchtúr Áineasa faoin Aer maoiniú ar fáil chun bonneagar nua áineasa faoin aer a fhorbairt. Cuirtear tacaíocht ar fáil freisin sa scéim chun an deisiú, an cothabháil, an feabhsú nó an cur chun cinn riachtanach a dhéanamh ar bhonneagar áineasa faoin aer atá ann cheana féin i gceantair thuaithe ar fud na hÉireann. Ó 2020 i leith, bronnadh maoiniú os cionn €4 mhilliún ar chontae Mhuineacháin do 48 thionscadal.
An Ciste Aitheantais Pobail
Tugadh isteach an Ciste Aitheantais Phobail in 2023 chun aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí ollmhóra a dhéanann pobail chun fáilte a chur roimh dhaoine a thagann go hÉirinn agus iad a thacú. Leithdháileadh €100 milliún chun tacú le cathracha, bailte agus sráidbhailte ar fud na tíre. Faoi scéim 2023, ceadaíodh 8 dtionscadal de chuid Chomhairle Chontae Mhuineacháin arbh fhiú os cionn €881,000 iad.
CLÁR
Is clár infheistíochta spriocdhírithe é CLÁR do cheantair thuaithe a bhfuil sé mar aidhm aige maoiniú a sholáthar do thionscadail bheaga bonneagair i gceantair thuaithe ainmnithe a bhfuil leibhéil shuntasacha dídhaonraithe agus/nó míbhuntáiste socheacnamaíoch agus iargúltacht gheografach orthu. Leithdháileadh breis is €3.3 mhilliún do chontae Mhuineacháin le haghaidh 80 tionscadal ó 2020 i leith.
An Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte
Tá an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte ar cheann de roinnt beart a dearadh chun bailte agus sráidbhailte na hÉireann a athnuachan. Maoinítear an clár faoi Thionscadal Éire 2040 mar chuid de “Ár dTodhchaí Tuaithe – Beartas Forbartha Tuaithe na hÉireann 2021-2025”. Ó 2016 i leith, leithdháileadh breis is €210 milliún chun tacú le seachadadh breis is 1900 tionscadal ar fud na tíre. As an méid sin, leithdháileadh breis is €9 milliún i maoiniú na Scéime do Chomhairle Chontae Mhuineacháin le haghaidh 82 thionscadal.