Tugann an tAire Calleary cuairt ar chontae Phort Láirge chun oscailtí oifigúla agus iompuithe fóid dhéanamh
- Foilsithe: 8 Meitheamh 2026
- An t-eolas is déanaí: 8 Meitheamh 2026
Inniu, Dé Luain, an 8 Meitheamh 2026, thug an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, cuairt ar chontae Phort Láirge chun sraith oscailtí agus iompuithe fóid a reáchtáil do thionscadail ina ndírítear ar phobail a neartú agus ar athnuachan a thacú ar fud an chontae.
Thosaigh an chuairt i gCeapach Choinn áit ar oscail an tAire Calleary Siúlóid Lúibe Dhroichead Iarnróid Cheapach Choinn go hoifigiúil, tionscadal a fuair infheistíocht ón Scéim Bonneagar Áineasa Allamuigh. Rachaidh an siúlóid seo chun tairbhe do mhuintir na háite agus do chuairteoirí chun gnó agus turasóireacht sa cheantar a fheabhsú.
Agus é i gCeapach Choinn, thug an tAire Calleary cuairt ar dhá shuíomh atá san áireamh i dTionscadal Athnuachana Bhaile Cheapach Choinn, freagra straitéiseach agus nuálach chun dul i ngleic le tréigin agus chun beocht a chur sa bhaile. Le tacaíocht €7.2 mhilliún tríd an gCiste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe, áirítear leis an tionscadal athchóiriú shraith seanfhoirgneamh folamh agus tréigthe i lár an bhaile, lena n-áirítear iar-Óstán Uí Mhóra, le haghaidh lóistín cónaithe agus spás tráchtála.
Ag labhairt i gCeapach Choinn, dúirt an tAire Calleary:
“Tá a fhios agam go bhfuil tionchar an-dearfach ag an athnuachan leanúnach seo, a fhaigheann tacaíocht ó mhaoiniú mo Roinnse, ar chur chun cinn an bhaile, lena n-áirítear muinín infheisteoirí a chothú chun athchóiriú foirgneamh a mhaoinítear go príobháideach a dhéanamh.
“Mar thoradh ar fhís straitéiseach chomhairle Phort Láirge, a comhpháirtithe tionscadail, agus infheistíocht spriocdhírithe Rialtais tríd an gCiste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe, chuidigh sé seo le beocht nua a chur sa bhaile.
“Ar ndóigh, níl deireadh leis an obair anseo, agus is sampla iad na tionscadail seo de na rudaí is féidir a bhaint amach trí thacú lenár mbailte agus sráidbhailte tuaithe agus iad a fhorbairt.”
Ag taisteal go Lios Mór, d’oscail an tAire Calleary áis nua faighneoga glampála go hoifigiúil, a sheachadtar trí mhaoiniú a cuireadh ar fáil faoin gCiste Aitheantais Pobail agus faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte. Cuireadh maoiniú os cionn €121,000 ar fáil do Chomhairle Chathair agus Chontae Phort Láirge faoin gCiste Aitheantais Phobail chun an tsaoráid nua seo a fhorbairt agus cuireadh €200,000 ar fáil faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte chun cabhrú le ceannach seanfhoirgneamh Bhanc na hÉireann ina bhfuil sé suite.
Ag oscailt na bhfaighneoga glampála, dúirt an tAire:
“Is pléisiúr dom a bheith anseo i Lios Mór inniu agus tionchar an Chiste Aitheantais Phobail agus an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte a fheiceáil go díreach i seachadadh na saoráide nua Glampála seo.
“Léirítear sa tionscadal seo conas is féidir leis na cistí éagsúla a oibríonn mo Roinnse comhoibriú chun áiseanna nua spreagúla a sheachadadh do phobail áitiúla.
“Trí dhearadh machnamhach ina ndírítear ar chuimsitheacht agus inbhuanaitheacht, ginfear sa tionscadal seo deiseanna fostaíochta, meallfar cuairteoirí agus rachaidh sé chun tairbhe don phobal i gcoitinne sna blianta amach romhainn.”
Ansin, thaistil an tAire go dtí an Rinn áit ar ghearr sé an ribín ag Ceann Heilbhic agus thug sé cuairt ar Choláiste na Rinne. Baineadh úsáid as maoiniú €30,000 ón Scéim Bonneagar Áineasa Allamuigh chun na seomraí feistis ar an trá a nuashonrú chun rochtain agus úsáid na trá a mhéadú do snámhóirí, do snámhóirí snorclála agus do thumadóirí scúba, ón gceantar áitiúil agus do thurasóirí araon. Chomh maith leis sin, sa Rinn, d’iompaigh an tAire Calleary an fód i bPáirc Uí Shíocháin, áit a gcuirfidh maoiniú €283,386 ón Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte spás glas tiomnaithe ar fáil don phobal le páirceáil athdhromchlaithe, soilsiú, seastáin rothair, limistéir phicnice agus seastán caife.
Thug an tAire cuairt freisin ar Léim Uí Bhriain, le haghaidh oscailt oifigiúil tionscadail réimse poiblí i lár shráidbhaile Léim Uí Bhriain, agus ar Chill Rosanta chun uasghráduithe a oscailt ar rian Dhroichead na Machan a éascóidh rochtain ar Choill na Cruaiche agus ar Shléibhte an Chomaraigh.
Ansin thaistil an tAire Calleary go Port Lách áit ar oscail sé trí rian siúil nua ag Coillte Chnoc an Túir.
Mar chuid dá chuairt ar Phort Láirge, d’oscail an tAire Ionad Cuairteoirí agus Cultúir KOKORO i nGairdíní Seapánacha Lafcadio Hearn i dTrá Mhór go hoifigiúil, a faomhadh le haghaidh maoiniú LEADER de bheagnach €160,000 agus a fhaigheann maoiniú faoi chlár na Seirbhísí Pobail freisin. D’fhreastail Ambasadóir na Seapáine go hÉirinn, a Shoilse Miyagawa Manabu, ar an ócáid freisin.
Dúirt an tAire Calleary:
“Ceiliúrann an tsaoráid saol agus oidhreacht Lafcadio Hearn, a chaith cuid dá óige i dTrá Mhór sular shocraigh sé síos sa tSeapáin ina dhiaidh sin, áit ar bhain sé aitheantas idirnáisiúnta amach as a chuid scríbhinní ar chultúr agus ar bhéaloideas na Seapáine. Tá áthas orm gur éirigh le mo Roinnse tacú leis an tsaoráid iontach seo a fheidhmíonn mar dhroichead cultúir idir Éirinn agus an tSeapáin.”
Ag taisteal go dtí imeall Chathair Phort Láirge, d’oscail an tAire Ionad Acmhainní Teaghlaigh BRILL. Faoi Chiste Infheistíochta na nIonad Pobail, fuair Ionad Acmhainní Teaghlaigh BRILL maoiniú i dtreo oibreacha tógála agus bunú bácúis agus scoil cócaireachta nua. Beidh 12 stáisiún cócaireachta ag an scoil chócaireachta agus tacóidh an scoil le teaghlaigh áitiúla, daoine aonair, seirbhísí míchumais agus seirbhísí do dhaoine gan dídean, rud a fhágfaidh go mbeidh teaghlaigh agus pobail níos sláintiúla ann agus go dtabharfaidh an scoil tacaíocht do dhaoine scileanna cócaireachta praiticiúla agus neamhspleáchas a fhorbairt.
Ansin, thug an tAire Calleary cuairt ar Pháirc Áineasa Charraig Phiarais, áit a bhfuil €450,000 ón gCiste Aitheantais Phobail á húsáid chun clós súgartha, limistéar aclaíochta, limistéar cluichí ilúsáide a dhearadh agus a thógáil, crainn agus toir a phlandáil agus oibreacha ar chosáin agus soilsiú.
Ar deireadh, thug an tAire Calleary cuairt ar Bhealach Glas na nDéise áit ar oscail sé limistéar bithéagsúlachta agus áineasa a nascann Campas Thiar Ollscoil Theicneolaíochta an Iardheiscirt leis an mBealach Glas.
Ag labhairt ar an mBealach Glas, dúirt an tAire Calleary:
“Trí stad sosa ar an mBealach Glas a chomhtháthú le crios bithéagsúlachta oideachais, tugann an tionscnamh seo a dhá oiread buntáistí. Cuireann sé áineasa agus folláine faoin aer chun cinn agus tacaíonn sé le turasóireacht agus gníomhaíocht eacnamaíoch áitiúil ó cheann ceann na bliana.
“Is iontach an rud é a fheiceáil go bhfuil mo Roinnse ag tiomáint athrú fiúntach, follasach inár mbailte agus inár sráidbhailte. Le seachadadh tionscadal den scoth mar seo, is féidir liom a rá go muiníneach go bhfuil fís Ár dTodhchaí Tuaithe á fíorú againn.”
Nótaí don Eagarthóir
An Ciste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe (CAFT)
Is clár mór infheistíochta caipitil é an Ciste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe (CAFT) a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le tionscadail mhórscála, uaillmhianacha ar féidir leo forbairt eacnamaíoch agus shóisialta inbhuanaithe a bhaint amach i gceantair thuaithe, ag tacú go díreach le cuspóirí Ár dTodhchaí Tuaithe agus an bheartais chun tosaíocht a thabhairt do lár na mbailte.
Ó bunaíodh an CAFT in 2018, ceadaíodh maoiniú os cionn €613 milliún do 271 thionscadal ar fud na tíre, lena n-áirítear beagnach €18 milliún do 7 thionscadal ar fud chontae Phort Láirge.
An Scéim Infreastruchtúr Áineasa faoin Aer
Cuireann an Scéim Infreastruchtúr Áineasa faoin Aer maoiniú ar fáil chun bonneagar nua áineasa faoin aer a fhorbairt. Cuirtear tacaíocht ar fáil freisin sa scéim chun an deisiú, an chothabháil, an feabhsú nó an cur chun cinn riachtanach a dhéanamh ar bhonneagar áineasa faoin aer atá ann cheana féin i gceantair thuaithe ar fud na hÉireann. Ó 2020 i leith, bronnadh maoiniú os cionn €4.8 mhilliún ar chontae Phort Láirge do 53 thionscadal.
An Ciste Aitheantais Pobail
“Tugadh isteach an Ciste Aitheantais Phobail in 2023 chun aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí ollmhóra a dhéanann pobail chun fáilte a chur roimh dhaoine a thagann go hÉirinn agus iad a thacú. Leithdháileadh €100 milliún chun tacú le cathracha, bailte agus sráidbhailte ar fud na tíre. Faoi scéim 2023, leithdháileadh os cionn €1.4 mhilliún ar Chomhairle Chathair agus Chontae Phort Láirge i dtreo 13 thionscadal. Faoi scéim 2024, leithdháileadh os cionn €1.4 mhilliún ar Chomhairle Chathair agus Chontae Phort Láirge i dtreo 15 thionscadal.
Ciste Infheistíochta na nIonad Pobail
Tá Ciste Infheistíochta na nIonad Pobail ann chun an aontacht agus an acmhainneacht sin a sholáthar trí thacú le pobail chun a n-áiseanna pobail a fheabhsú agus a athchóiriú, chun gníomhú mar áit le haghaidh cruinnithe, d'imeachtaí sóisialta agus don phobal níos leithne chun páirt a ghlacadh i raon seirbhísí sóisialta, spóirt agus pobail. Ó bunaíodh é, leithdháileadh breis is €2.5 mhilliún ar chontae Phort Láirge faoi Chiste Infheistíochta na nIonad Pobal.
An Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte
Tá an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte ar cheann de roinnt beart a dearadh chun bailte agus sráidbhailte na hÉireann a athnuachan. Maoinítear an clár faoi Thionscadal Éire 2040 mar chuid de “Ár dTodhchaí Tuaithe – Beartas Forbartha Tuaithe na hÉireann 2021-2025”. Ó 2016 i leith, leithdháileadh breis is €210 milliún chun tacú le seachadadh breis is 1900 tionscadal ar fud na tíre. As an méid sin, leithdháileadh breis is €7.7 milliún i maoiniú na Scéime do Chomhairle Chontae Phort Láirge le haghaidh 78 dtionscadal.