Fáiltíonn an tAire Calleary roimh cheadú mhaoinithe 2026 d'Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise
- Foilsithe: 3 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 3 Nollaig 2025
- Cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas ag Campas Síochána Mhuineacháin inniu
- €20 milliún de mhaoiniú comhaontaithe ceadaithe d'Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise
- Os cionn €2 milliún breise ar fáil do chláir agus do ghníomhaíochtaí Fhoras na Gaeilge
- €200,000 breise ar fáil do ghníomhaíochtaí Ultaise sna contaetha cois teorann
- Buiséad Chlár na Leabhar Gaeilge méadaithe go €2 milliún don chéad uair
D’fhreastail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu ar an 30ú cruinniú d’Fhoras Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT). Bhí an tAire Pobail, Gordon Lyons CTR, ina chathaoirleach agus bhí an tAire Sóisearach ag Oifig an Fheidhmiúcháin, Aisling Reilly CTR i láthair ag an gcruinniú ag Campas Síochána Mhuineacháin, mar aon le hionadaithe ón dá ghníomhaireacht de chuid an Fhorais Teanga Thuaidh Theas, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise.
Cheadaigh an cruinniú CATT na Pleananna Corparáideacha do 2026-2028, a leagan amach cuspóirí straitéiseacha an dá ghníomhaireacht don tréimhse trí bliana atá amach romhainn.
Cheadaigh an cruinniú na Pleananna Gnó agus Buiséid 2026 freisin, rud a cheadaíonn an maoiniú comhaontaithe de €20 milliún do 2026 a chur ar fáil d'Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise.
Anuas air seo, beidh maoiniú imfhálaithe á chur ar fáil ag Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta d'Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise le cláir agus gníomhaíochtaí ar leith a reáchtáil i 2026. Cuimsíonn sé seo an maoiniú breise de €2 milliún a deimhníodh mar chuid de Bhuiséad 2026.
Ardófar maoiniú Chlár na Leabhar Gaeilge go €2 milliún i 2026, an leibhéal is airde riamh, agus cuirfear maoiniú os cionn €2 milliún ar fáil do chláir agus do ghníomhaíochtaí eile Fhoras na Gaeilge. Cuirfear €200,000 ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise do thograí bainteach le gníomhaíochtaí ar leith i gcontaetha Dhún na nGall, Mhuineacháin agus an Chabháin, agus níos faide ó dheas de réir a chéile.
Ag labhairt dó i ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tAire Calleary:
“Tá áthas orm go bhfuil na pleananna gnó agus buiséid 2026 ceadaithe anois d'Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise, rud a chuirfidh ar a gcumas feidhm a thabhairt dá gcuid spriocanna le linn na bliana amach romhainn. Tabharfaidh sé seo ar fad cinnteacht don dá áisíneacht, agus do na heagraíochta agus grúpaí pobail ar fud an oileáin a bhaineann tairbhe as na scéimeanna tacaíochta agus maoinithe a chuireann siad ar fáil dóibh.”
Táthar ag súil go mbeidh an chéad chruinniú eile den Fhoras Teanga Thuaidh Theas ar siúl in earrach 2026.