Maoiniú €2,152,920 fógartha ag an Aire Dara Calleary le haghaidh Scéim Intéirneachtaí i gcomhar leis na hinstitiúidí Eorpacha
- Foilsithe: 11 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 11 Meitheamh 2025
- Maoiniú fógartha inniu chun an scéim a shíneadh go ceann cúig bliana
- Beidh 7 n-intéireacht aistriúcháin/profléitheoireachta ar fáil in 2025-26.
- Mairfidh na hintéirneachtaí 9 mí – Deireadh Fómhair 2025 go Meitheamh 2026
- Tá 6 institiúid Eorpacha le bheith páirteach sa scéim in 2025-26.
- Bunaíodh an Scéim Intéirneachtaí i gcomhar le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2018
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu go bhfuil €2,152,920 ceadaithe aige chun athnuachan a dhéanamh ar Scéim Intéirneachtaí Eorpacha na Roinne do na cúig bliana amach romhainn (2025-2030).
Faoin scéim seo, tugtar deis do dhaoine blaiseadh a fháil den saol oibre san Eoraip, oiliúint a fháil sna haonaid Ghaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha, agus cur lena gcuid scileanna chun deis níos fearr a thabhairt dóibh sna comórtais earcaíochta amach anseo. Cuidíonn na hintéirnigh aistriúcháin le cáipéisíocht ilchineálach a aistriú agus a chur ar fáil don phobal as Gaeilge. Tréimhse suas le naoi mí a bhíonn i gceist sna hintéirneachtaí, agus cuirtear tús le tréimhse na hintéirneachta go hiondúil i mí Dheireadh Fómhair.
Agus an maoiniú don scéim á fhógairt aige inniu, dúirt an tAire Dara Calleary:
“Is léiriú é an maoiniú seo ar an rún daingean atá ag mo Roinn tacú go gníomhach leis an stádas atá ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir lena bhfuil leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030. Cuirfidh na hintéirneachtaí seo deiseanna luachmhara ar fáil do chéimithe a gcuid scileanna teanga agus gairme a fhorbairt agus iad ag obair i dtimpeallacht phroifisiúnta i gceartlár na hEorpa. Molaim d’aon duine ar spéis leis nó léi gairm bheatha in institiúidí an AE an deis bhreá seo a thapú.”
Is iad seo na mórbhuntáistí a bhaineann leis an scéim:
- Tugtar taithí oibre ríthábhachtach sna hInstitiúidí Eorpacha do chéimithe as Éirinn – cuidíonn an taithí a fhaigheann siad go mór le hintéirnigh ar spéis leo oibriú san Eoraip agus iad ag tabhairt faoi phróisis earcaíochta.
- Láidrítear an nasc idir Rialtas na hÉireann agus institiúidí an AE.
- Tugtar sruth céimithe nua do na hinstitiúidí Eorpacha chun a gcuid riachtanas earcaíochta a chomhlíonadh.
- Cuirtear le feasacht na gcéimithe anseo in Éirinn faoi na deiseanna atá ar fáil san Eoraip.
- Cuidítear go mór leis an obair chun cháipéisíocht ilchineálach as Gaeilge a chur ar fáil don phobal.
Fostófar na hintéirnigh mar Oifigigh Feidhmiúcháin i Státseirbhís na hÉireann, agus iad á dtabhairt ar iasacht ansin don institiúid Eorpach ábhartha. Beidh intéirneachtaí ar fáil i mbliana sna hinstitiúidí seo a leanas:
- An Coimisiún Eorpach, an Bhruiséil (dhá intéirneacht)
- Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Bhruiséil
- Coiste na Réigiún, an Bhruiséil
- Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg
- An Chúirt Iniúchóirí, Lucsamburg
- Oifig na bhFoilseachán, Lucsamburg
Tá próiseas iarratais na scéime intéirneachtaí á reáchtáil thar ceann na Roinne ag an Ionad Barr Feabhais i gcomhair Gairmeacha san Aontas Eorpach. Glacfar le hiarratais go dtí 18 Meitheamh.
Nótaí d’Eagarthóirí:
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
Ón 2 Meitheamh 2025, is é an t-ainm a bheidh ar an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ná an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Is iad na teidil atá ag ár mbeirt Airí ná an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD agus an tAire Stáit le Freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, Jerry Buttimer TD.
Ba cheart úsáid a bhaint as na teidil thuas agus tagairt á déanamh don Roinn agus do na hAirí as seo amach.