Fógraíonn an tAire Dara Calleary €828,000 le haghaidh oibreacha caipitil ar ár n-oileáin amach ón gcósta
- Foilsithe: 19 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Meitheamh 2025
- Infheistíocht i dtionscadail bhonneagair ar oileáin amach
ó chósta Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chorcaí - Uasghráduithe ar bhóithre, céanna, cosaint chósta agus soilsiú sráide
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, €828,000 inniu (Déardaoin , 19ú Meitheamh) le haghaidh oibreacha caipitil ar ár n-oileáin amach ón gcósta.
Feicfear uasghráduithe ar bhóithre, ar chéanna, ar chosaint cósta, ar shoilsiú sráide agus ar thionscadail bhonneagair eile mar chuid den infheistíocht.
Is iad na hoileáin a bhainfidh leas as an maoiniú ná:
- Contae na Gaillimhe: Inis Mór, Inis Bó Finne agus an Cloigeann
- Contae Dhún na nGall: Oileáin Bheaga agus Uaigh
- Contae Mhaigh Eo: Cliara, Inis Toirc, Claínis, Inis Laidhre agus Rú an Átha
- Contae Chorcaí: Béara agus Oileán Baoi
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Tá áthas orm maoiniú €828,000 a fhógairt inniu chun tacú le seachadadh agus uasghrádú mórán tionscadal bonneagair ar ár n-oileáin amach ón gcósta.
“Is gealltanas lárnach faoinár mBeartas Oileán deich mbliana, ‘Ár nOileáin Bheo’, cumhachtú ár bpobail oileán trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar.
“Ó ceapadh i m’Aire mé i mí Eanáir na bliana seo, tá tosaíocht tugtha agam do na hoileáin. Tá cuairt tugtha agam ar roinnt de na hoileáin cheana féin agus tá sé i gceist agam cuairt a thabhairt orthu ar fad i rith mo thréimhse mar Aire.
“Ó bhóithre agus céanna go cosaint cósta agus soilsiú sráide – tá na tionscadail seo ríthábhachtach chun feabhas a chur ar shaol an oileáin do dhaoine atá ina gcónaí ar ár n-oileáin agus do na turasóirí iomadúla a thagann ar cuairt.”
Seo a leanas na leithdháiltí contae a d’fhaomh an tAire Calleary inniu:
- Comhairle Chontae Dhún na nGall: €53,100
- Comhairle Chontae Mhaigh Eo: €99,000
- Comhairle Chontae na Gaillimhe: €154,180
- Comhairle Chontae Chorcaí: €521,580
Clúdóidh an maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta suas le 90% de chostas caipitil na dtionscadal seo agus cuirfidh na húdaráis áitiúla an chuid eile ar fáil.
Tá tuilleadh eolas ar na leithdháiltí ar fáil anseo
Nótaí d’eagarthóirí:
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
Ón 2 Meitheamh 2025, is é an t-ainm a bheidh ar an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ná an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Is iad na teidil atá ag ár mbeirt Airí ná an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD agus an tAire Stáit le Freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, Jerry Buttimer TD. Ba cheart úsáid a bhaint as na teidil thuas agus tagairt á déanamh don Roinn agus do na hAirí as seo amach.