Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Dara Calleary maoiniú chun cás gnó a ullmhú i gcomhair feabhsúcháin ar Ché Rú an Átha

  • Ceadaíodh €157,300 do Chomhairle Contae Mhaigh Eo chun innealtóirí comhairleacha a cheapadh tar éis próiseas tairisceana iomaíoch
  • Baineann pobail Chliara agus Inis Toirc úsáid as Cé Rú an Átha

Inniu (Dé Luain, an 29 Meán Fómhair) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, gur ceadaíodh maoiniú €157,300 do Chomhairle Contae Mhaigh Eo chun an cás gnó tosaigh a ullmhú le haghaidh feabhsúcháin ar Ché Rú an Átha. Rinne an tAire an fógra tar éis cruinnithe le hionadaithe oileán i gCathair na Mart.

Aithníodh an gá le feabhsúcháin ar Ché Rú an Átha mar ghníomh tosaíochta i dTuarascáil Nascachta Oileán do Chliara agus Inis Toirc, a choimisiúnaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo le maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Cuirfidh an maoiniú a fógraíodh inniu ar chumas Chomhairle Contae Mhaigh Eo innealtóirí comhairleacha a cheapadh chun an cás gnó tosaigh a ullmhú, lena n-áirítear Measúnú Straitéiseach, do roghanna feabhsúcháin bonneagair mhuirí ar Ché Rú an Átha, arb í an ché ar an mórthír a úsáideann seirbhísí farantóireachta chuig agus ó Chliara agus Inis Toirc.

Ag labhairt ag an bhfógra, dúirt an tAire Dara Calleary:

"Thug mé cuairt ar Chliara agus ar Inis Toirc le déanaí agus tuigim go rímhaith an gá atá le Cé Rú an Átha a fhorbairt. Tá áthas orm a dhearbhú go bhfuil an maoiniú riachtanach ar fáil anois chun dul ar aghaidh leis an gcás gnó tosaigh, céim thábhachtach don fhorbairt bonneagair riachtanach seo.

“Tuigim go bhfuil gá le huasghráduithe práinneacha agus riachtanacha ar chéanna Chliara agus Inis Toirc araon agus thug mé treoir do mo chuid oifigeach leanúint ar aghaidh ag obair le Comhairle Contae Mhaigh Eo maidir leis seo.

“Is í an rochtain idir na hoileáin agus an mhórthír an riachtanas is bunúsaí dóibh siúd atá ina gcónaí ar ár n-oileáin amach ón gcósta agus tá sí ríthábhachtach do phobail na n-oileán. Bíonn tionchar ag an rochtain ar gach gné de shaol na n-oileán, agus aithníonn an Rialtas go mbraitheann nascacht fhisiciúil ar sholáthar calafoirt shábháilte ar na hoileáin agus ar an mórthír araon.”

Agus é ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhaigh Eo, an Comhairleoir Seán Carey:

“Tá an fógra maoinithe seo do Ché Rú an Átha ina chéim thábhachtach chun feabhas a chur ar infreastruchtúr bunriachtanach lena dtacaítear lenár bpobail oileán. Braitheann Cliara agus Inis Toirc ar rochtain shábháilte iontaofa ar an mórthír, agus is léiriú é an infheistíocht seo ar ár dtiomantas coitianta dá n-inbhuanaitheacht agus folláine fhadtéarmach. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Dara Calleary agus lena Roinn as práinn an tionscadail seo a aithint agus as a dtacaíocht leanúnach dár n-oileáin amach ón gcósta. Táimid ag súil le leanúint leis an gcomhoibriú lenár bpobail oileán, lenár ngeallsealbhóirí agus lenár gcomhpháirtithe rialtais agus sinn ag tabhairt faoi chás gnó a fhorbairt i gcomhair feabhsúcháin ar ché Rú an Átha.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat