€388,000 ceadaithe ag an Aire Dara Calleary do Chumann CLG Micheál Breathnach i nGaeltacht na Gaillimhe
- Foilsithe: 10 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 10 Feabhra 2026
- Tá maoiniú caipitil os cionn €388,000 ceadaithe ag an Aire Dara Calleary do Chumann Mícheál Breathnach in Indreabhán chun réimse oibreacha a chur i gcrích ag suíomh an chumainn ansin
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu go bhfuil deontas de €388,059 ceadaithe aige do Chumann Mícheál Breathnach in Indreabhán, Co. na Gaillimhe, le cur ar a gcumas oibreacha uasghrádaithe a chur i gcrích ag suíomh an chumainn.
I measc na n-oibreacha a bheidh á ndéanamh beidh dromchla nua le cur ar an gcarrchlós, cosáin coisithe, soilsiú poiblí agus tuilsoilse don pháirc féin. Freastalaíonn Cumann Mícheál Breathnach ar an gceantar ó Abhainn Bhoth Loisce siar chomh fada le Ros an Mhíl. Tá suas le 700 ball ag an gcumann faoi láthair agus cuirfidh na hoibreacha seo go mór le cúrsaí rochtana agus sábháilteachta do na baill agus don phobal i gcoitinne.
Is faoin gClár Tacaíochta Pobail agus Teanga de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a ceadaíodh an maoiniú seo.
Ag fógairt an deontais inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, táim tiomanta tacú le pobal na Gaeltachta chun áiseanna den scoth a fhorbairt agus a chur ar fáil don phobal. Tá nasc tábhachtach idir an spórt agus an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus tá ról lárnach ag cumainn spóirt sa phróiseas pleanála teanga. Beidh feabhas mór ar thimpeallacht an chumainn mar thoradh ar an deontas seo a rachaidh go mór chun tairbhe do bhallraíocht an chumainn, muintir na háite agus don phobal mórthimpeall.
“Is maith an sampla é an togra seo den chineál cúnaimh caipitil atá ar fáil faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí Gaeltachta. Tá mé cinnte go mbainfidh muintir na háite, idir óg agus aosta leas as an áis a bheas ar fáil mar thoradh ar an mhaoiniú seo.
“Molaim an obair atá déanta ag an gcoiste agus iad ag iarraidh áiseanna an chumainn a fheabhsú ar mhaithe le pobal na Gaeltachta agus gan amhras cuirfidh an togra seo go mór leis an obair atá déanta cheana féin.”