€235,000 breise ceadaithe ag an Aire Dara Calleary d’Earnáil na Pleanála Teanga
- Foilsithe: 2 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 2 Márta 2026
- Ciste caipitil chun earnáil na Pleanála Teanga a thacú laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D. inniu (Dé Luain 2 Márta 2026) go bhfuil ciste caipitil de €235,000 ceadaithe aige d’earnáil na pleanála teanga go náisiúnta thar tréimhse cúig bliana agus é ag freastal ar an Mhórthionól Pleanála Teanga i gCaisleán an Bharraigh.
San áireamh sa phacáiste seo, tá €155,000 ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta agus €80,000 d’Fhoras na Gaeilge chun trealamh riachtanach oibre a sholáthar do na hOifigigh Pleanála Teanga atá ag feidhmiú sna réigiúin éagsúla.
Laistigh den Ghaeltacht, bainfidh 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) agus 3 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoi scáth Údarás na Gaeltachta leas as an gciste seo agus, lasmuigh den Ghaeltacht, beidh an maoiniú ar fáil do 13 Baile Seirbhíse Gaeltachta agus 3 Líonra Gaeilge a thagann faoi scáth Fhoras na Gaeilge.
Tacaíonn an maoiniú seo le cur i bhfeidhm an mholadh a déanadh san Athbhreithniú neamhspleách ar an bPróiseas Pleanála Teanga maidir le hacmhainní leordhóthanach a bheith ar fáil do gach LPT chun trealamh riachtanach oibre a cheannach. Aithnítear go mbeidh an ciste seo mar thacaíocht mhór do na hOifigigh Pleanála Teanga agus iad i mbun a gcuid oibre.
Agus é ag fógairt an chiste inniu, dúirt an tAire Calleary:
“Cuireann sé an-áthas orm an deontas seo a cheadú. De thoradh an chúnaimh phraiticiúil seo, beidh an tÚdarás agus an Foras in ann a chinntiú go bhfuil an fearas cuí oifige ar fáil do na hOifigigh Pleanála Teanga atá ag obair sna Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge.
“Is léiriú eile é seo ar thiomantas an Rialtais don phróiseas pleanála teanga agus is sampla maith é de na gnímh éagsúla atá ar bun againn chun éiceachóras teanga a chothú agus a fhorbairt. Is obair fíor-thábhachtach atá idir lámha ag na ceanneagraíochtaí agus ag na hOifigigh Pleanála Teanga agus tá mé sásta go bhfuil arm o chumas an tacaíocht seo a chur ar fáil dóibh”.
Nótaí d’Eagarthóirí
Liosta de na LPTanna agus BSGanna laistigh den Ghaeltacht (faoi chúram Údaras na Gaeltachta)
Liosta de na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht (faoi chúram Fhoras na Gaeilge)