Maoiniú os cionn €3 milliún ceadaithe ag an Aire Dara Calleary d'Ollscoil Mhá Nuad le haghaidh Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) agus tionscadail straitéiseacha eile don tréimhse 2025-28
- Foilsithe: 11 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 11 Meán Fómhair 2025
- Tá maoiniú €2.3 milliún ceadaithe do Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) le haghaidh na tréimhse ó 2025-26 go 2027-28
- €823,979 san iomlán ceadaithe freisin do Snas.ie, don Teastas i Múineadh na Gaeilge agus don Centre Culturel Irlandais i bPáras.
- Tá Qmarc ALTE bronnta ar TEG faoi dhó, in 2015 agus arís in 2020
- Is é TEG an t-aon chóras neamhspleách teastasaithe atá ar fáil don Ghaeilge.
Inniu (Dé Céadaoin, 10 Meán Fómhair) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go bhfuil €3.143 san iomlán á cheadú aige le haghaidh ceithre thionscadal straitéiseacha de chuid Ollscoil Mhá Nuad don tréimhse 2025-26 go 2027-28.
Tá €2,318,899 ceadaithe ag an Aire Calleary le haghaidh Theastas Eorpach na Gaeilge chun scrúduithe caighdeánacha agus teastasú TEG a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus d’úsáideoirí oilte Gaeilge, atá ag iarraidh dearbhú neamhspleách a fháil ar a gcumas teanga sa Ghaeilge agus cáilíocht a bhaint amach a bhfuil aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint léi.
Tá TEG ar an bhfód le 20 bliain in 2025-26 agus táthar ag súil go mbeidh 20,000 iarrthóir tar éis na scrúduithe a dhéanamh faoi dheireadh na bliana acadúla sin.
Anuas ar an tacaíocht airgid do TEG, d’fhógair an tAire Calleary freisin maoiniú dar luach €823,979 san iomlán do thrí thionscadal straitéiseacha eile atá á reáchtáil ag Ollscoil Mhá Nuad:
- Snas.ie, suíomh acmhainní teagaisc agus foghlama (€331,079)
- An Teastas i Múineadh na Gaeilge (ar líne) (€293,224)
- Cúrsaí agus imeachtaí Gaeilge sa Centre Culturel Irlandais, Páras (€199,676)
Ag labhairt dó ag ócáid i Maigh Nuad tráthnóna inniu chun 20 bliain de TEG a cheiliúradh, dúirt an tAire Calleary:
‘‘Tá ríméad orm go bhfuil mo Roinn in ann síneadh trí bliana a chur lenár maoiniú do thionscnamh TEG – córas teastasaithe teanga atá tar éis ardchaighdeán a chruthú le 20 bliain anuas. Is é TEG an t-aon chóras neamhspleách teastasaithe atá ar fáil don Ghaeilge, agus é ailínithe ar bhealach trédhearcach leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE) – an creat is mó a úsáidtear go hidirnáisiúnta mar shlat tomhais don chumas teanga. Dá réir sin, tá tábhacht faoi leith le TEG ó thaobh acmhainneacht an phobail agus an státchórais sa teanga a dheimhniú, agus beidh ról lárnach aige in iarrachtaí an Stáit i dtaobh chumasú an phobail sa Ghaeilge sna blianta romhainn.”
Chuir Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, Aoife Ní Ghloinn, fáilte mhór roimh an scéala maoinithe:
“Tá muid an-bhródúil as an obair cheannródaíoch atá déanta ag TEG le 20 bliain anuas chun seirbhís tástála ar ardchaighdeán a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, agus tá muid an-bhuíoch den Roinn as an tacaíocht leanúnach don obair. Tacóidh an maoiniú seo le TEG tuilleadh forbairtí a dhéanamh ar an gcóras sa tréimhse trí bliana atá amach romhainn, go háirithe ó thaobh na teicneolaíochta de.”
Is é Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Maigh Nuad an t-aon bhall Éireannach den Association of Language Testers in Europe (ALTE), cumann a bhfuil móreagraíochtaí teanga na hEorpa (leithéidí an Goethe Institut, Cambridge English agus Instituto Cervantes) i measc na mball ann.
Déanann ALTE monatóireacht, bailíochtú staitistiúil agus iniúchadh rialta ar scrúduithe TEG lena chinntiú go bhfuil siad ag teacht leis na caighdeáin is airde agus leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta. Tá Qmarc ALTE bronnta ar TEG faoi dhó, i 2015 agus arís i 2020, mar chruthúnas ar fheabhas an chórais.
Le tacaíocht airgid ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, tá Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad i ndiaidh breis is 17,0000 scrúdú TEG a chur ar fáil d’iarrthóirí go dtí seo, ina measc:
- Fostaithe de chuid an státchórais a dhéanann cúrsaí ullmhúcháin ag leibhéil A1-C1 le Gaelchultúr i gcomhar leis an bhForas Riaracháin (OneLearning).
- Baill foirne in eagraíochtaí poiblí a chuireann isteach ar phoist agus ar ardú céime.
- Aistritheoirí faoi oiliúint a dhéanann scrúdú C1 mar riachtanas fágála do na cúrsaí ar fad atá maoinithe faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge de chuid na Roinne.
- Iarrthóirí ar chúrsaí ollscoile atá ag iarraidh a gcumas teanga a léiriú le bunriachtanais iontrála a shásamh.
- Múinteoirí Gaeilge i mbunscoileanna agus i meánscoileanna nó teagascóirí Gaeilge in Ollscoileanna in Éirinn atá ag iarraidh a gcuid scileanna teanga a léiriú nó barr feabhais a chur ar na scileanna sin.
- Daltaí idirbhliana i meánscoileanna (T1 agus T2) ar fud na tíre a leanann siollabais TEG, le cur lena gcuid scileanna cumarsáide agus cáilíocht aitheanta a bhaint amach ag leibhéal A2-B2.
- Daoine fásta atá ag iarraidh filleadh ar fhoghlaim na Gaeilge (ar mhaithe le cúrsaí oibre nó le bheith in ann í a úsáid lena gclann sa bhaile) agus a bhfuil spriocanna cinnte ag teastáil uathu mar spreagadh.
- Foghlaimeoirí fásta Gaeilge ar fud an domhain, in áiteanna amhail Páras, Sydney, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, srl.
Buntáiste faoi leith a bhaineann leis an gcóras seo ná go dtugann sé cruthúnas neamhspleách d'fhostóirí maidir le cumas teanga agus iad ag roghnú iarrthóirí do phoist nó d'ardú céime. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis seo chun spriocanna Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 go 2021 a bhaint amach.