Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deontas ceadaithe ag an Aire Dara Calleary do Choláiste Bhríde, Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall

  • Maoiniú caipitil de €230,495 ceadaithe ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD chun obair athchóirithe agus sábháilteachta dóiteáin a chur i gcrích ar an gcoláiste Gaeilge i Rann na Feirste

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, inniu go bhfuil deontas suas le €230,495 ceadaithe aige do Choláiste Bhríde, Rann na Feirste chun obair athchóirithe agus sábháilteachta dóiteáin a chur i gcrích ar an gcoláiste aitheanta seo.

Bunaíodh Coláiste Bhríde i Rann na Feirste sa bhliain 1926 chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc aos óg thuaisceart na tíre. Freastalaíonn os cionn 1,700 scoláire ar na cúrsaí a bhíonn ar bun ansin gach samhraidh chomh maith le mic léinn tríú leibhéal i rith na bliana acadúil.

Is faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid Roinn an Aire Calleary atá an deontas seo ceadaithe. Faoin gclár seo, cuirtear maoiniú caipitil ar fáil do choistí Gaeltachta chun áiseanna pobail agus teanga a thógáil nó a athchóiriú. Déanfar feabhsú ar áiseanna inrochtana agus sábháilteachta an choláiste leis an deontas seo agus beidh leithris nua do na múinteoirí, leithris do dhaoine faoi mhíchumas, córas nua aláraim agus soilsiú éigeandála, doirse nua, fuinneoga nua agus rampaí nua san áireamh mar thoradh ar an obair atá á maoiniú.

Agus é ag labhairt faoin deontas, dúirt an tAire Calleary:

“Beidh Coláiste Bhríde 100 bliain ar an bhfód i mbliana agus is cúis áthais dom mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta .a bheith ábalta tacú leo obair athchóirithe a dhéanamh ar an choláiste. Tá ról tábhachtach ag Coláistí Samhraidh sa phróiseas pleanála teanga agus tagann na mílte foghlaimeoirí go Rann na Feirste gach bliain ó cheann ceann na tíre chun freastal ar chúrsaí Gaeilge.

“Táim tiomanta tacú le pobail na Gaeltachta áiseanna d’ardchaighdeán a fhorbairt a chuirfidh le beocht an phobail agus beocht na teanga. Tá mé cinnte go mbainfidh na foghlaimeoirí óga agus aosta a thugann cuairt ar an cheantar agus muintir na háite leas as áiseanna nua an choláiste seo.”

Nótaí

Tá an maoiniú seo ceadaithe faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga agus tá níos mó eolais faoin gclár sin ar fáil anseo: An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat