Comhghairdeas déanta ag an Aire Calleary le bailte Mhaigh Nuad agus Thír Dhá Ghlas as a n-éachtaí agus iad in iomaíocht thar ceann na hÉireann i gcomórtas Entente Florale Europe 2025
- Foilsithe: 30 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 30 Meán Fómhair 2025
Rinne an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, comhghairdeas inniu (Dé Máirt, 30 Meán Fómhair 2025) le bailte Mhaigh Nuad agus Thír Dhá Ghlas, in éineacht lena ngrúpaí Bailte Slachtmhara, as a sár-éachtaí i gcomórtas Entente Florale Europe na bliana seo a tharla ar an deireadh seachtaine i Velenje na Slóivéine.
Bronnadh Bonn Óir agus Duais Saintréithe ar Thír Dhá Ghlas (Contae Thiobraid Árann) agus Maigh Nuad (Contae Chill Dara) agus ar a ngrúpaí Bailte Slachtmhara. Bronnadh ‘Duais an Uachtaráin’ ar Mhaigh Nuad freisin as a Theach Aeráid-Oiriúnaithe.
D’ainmnigh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta an dá ghrúpa chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann sa chomórtas comhshaoil Eorpach mór le rá seo, a bhfuil ceiliúradh 50 bliana ar siúl acu i mbliana. Chuir an Roinn tacaíocht agus maoiniú ar fáil don dá iontrálaí agus bhí ionadaíocht na Roinne i láthair ag an tsearmanas bronnta a tharla i Velenje ar Dé Sathairn, 27ú Meán Fómhair.
Dúirt an tAire Calleary:
“An-éacht ar fad í seo d’Éirinn. Ba chúis áthais do mo Roinn é Maigh Nuad agus Tír Dhá Ghlas a ainmniú chun dul in iomaíocht thar ceann na hÉireann sa chomórtas iomráiteach seo. Éiríonn go han-mhaith leis an dá ghrúpa i gcónaí i gcomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu agus anois tá an barr bainte amach acu ar leibhéal na hEorpa. Is é seo an dara bliain inar bronnadh Boinn Óir ar dhá iontrálaí na hÉireann, i ndiaidh an rath a bhí ar Cheatharlach agus Buaile na hAbhann i gcomórtas 2024.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Tá mé ar bís chomh maith gur dheimhnigh Entente Florale gur roghnaíodh Baile Cheatharlach chun duaiseanna Entente Florale Europe 2026 a óstáil i mí Mheán Fómhair 2026. Cuirfidh mo Roinn maoiniú ar fáil agus oibreoidh muid go dlúth le Comhairle Contae Cheatharlach ar an bhfiontar spreagúil seo. Oibreoidh muid le chéile agus lenár nGrúpaí Bailte Slachtmhara le cinntiú go mbeidh an spiorad pobail agus an bród poiblí, a bhfuil cáil ar Éirinn astu, le feiceáil ar an leibhéal idirnáisiúnta. Tá súil againn le fáilte a chur roimh thoscairí ó gach tír Eorpach rannpháirteach go Ceatharlach an bhliain seo chugainn.
“’Is cúis áthais dom a dheimhniú go ndéanfaidh Baile idir Dhá Abhainn, Co. Shligigh, agus na Creagacha Dubha, Co. an Lú, ionadaíocht thar ceann na hÉireann i gcomórtas 2026 agus go bhfuil ullmhúcháin á ndéanamh cheana le leanúint le rath na hÉireann.”
Nótaí don Eagarthóir
Entente Florale Europe - Cúlra
Is comórtas uile-Eorpach i gcomhair feasacht comhshaoil agus inbhuanaitheachta é Entente Florale Europe (EFE), atá dírithe ar shráidbhailte, bailte, cathracha, pobail agus forais phoiblí. Tá sé á riar ag an eagraíocht idirnáisiúnta Association Européenne pour le Fleurissement et le Paysage (AEFP). Cothaíonn sé feasacht faoi thábhacht na timpeallachta glaise do chaighdeán maireachtála na bpobal rannpháirteach, i gceantair chónaitheacha, uirbeacha agus tionsclaíochta. Tá an comórtas á reáchtáil ó 1975 i leith, agus tá Entente Florale Europe ag ceiliúradh a 50ú hIubhaile i mbliana.
Tá cúig thír ina mbaill faoi láthair - an tSeicia, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ungáir agus Éire. Beidh an Laitvia, an Iodáil agus an Spáinn ag glacadh páirt sa chomórtas in 2026. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais ag http://www.entente-florale.eu/.
Éire agus Entente Florale Europe
Tá Éire ag dul in iomaíocht ann ó 1981 i leith, agus ghlac 84 baile/sráidbhaile páirt sa chomórtas seo ó shin. Déanann DRCDG bailte agus sráidbhailte a ainmniú gach bliain ó iontrálacha ar chomórtas Bailte Slachtmhara SuperValu. Tá an-rath ar Éirinn sa chomórtas seo go dtí seo, agus an-mheas ag ár gcomh-iomaitheoirí san Eoraip ar an iarracht agus rannpháirtíocht phobail sa tír.
In 2026, glacfaidh Éire uachtaránacht Entente Florale Europe, agus beidh an Dr. Christy Boylan, atá anois ina bhall giúiré EFE agus ina mholtóir Baile Slachtmhara, i ról an Uachtaráin ar feadh téarma 2-bhliana. Tá rúnaí Entente Florale Europe faoi láthair, Bill Kearney, ina mheantóir EFE agus ina mholtóir Bailte Slachtmhara.