Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhghairdeas déanta ag an Aire Dara Calleary le buaiteoirí Chomórtas na mBailte is Feistiúla in Éirinn sa 30ú eagrán den chomórtas

  • Is é an Nás, Co. Chill Dara an Baile is Feistiúla in Éirinn, 2025
  • Buaiteoirí ón oileán ar fad fógartha ag searmanas bronnta i dTeach Farmleigh, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath

Is comórtas uile-oileáin é Comórtas na mBailte is Feistiúla in Éirinn ina dtéann cuid de na bailte is fearr ó chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu in iomaíocht lena macasamhlacha ó chomórtas Best Kept i dTuaisceart Éireann. I mbliana, tá ceiliúradh á dhéanamh ag Comórtas na mBailte is Feistiúla in Éirinn ar 30 bliana den chomórtas ghalánta seo. Fógraíodh torthaí chomórtas 2025 inniu (17ú Meitheamh 2025) ag searmanas bronnta i dTeach Farmleigh.

Is é an Nás, Contae Chill Dara buaiteoir iomlán Chomórtas na mBailte is Feistiúla in Éirinn, 2025.

Ba é an Nás a bhuaigh i gcatagóir na Lárionad Uirbeach Mór is Feistiúla freisin;

Bun Cranncha, Contae Dhún na nGall a bhuaigh i gcatagóir na mBailte Móra is Feistiúla;

Domhnach Mór, Contae Thír Eoghain a bhuaigh i gcatagóir na Sráidbhailte is Feistiúla; agus

Cromghlinn, Contae an Dúin a bhuaigh i gcatagóir na mBailte Beaga is Feistiúla.

Rinne an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, a chomhghairdeas le buaiteoirí chomórtas 2025.

Dúirt an tAire Calleary:

Ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt do na buaiteoirí go léir i gcomórtas na mBailte is Feistiúla in Éirinn inniu, agus don Nás, Co. Chill Dara as a mbua iomlán in éineacht lena dteideal mar an Lárionad Uirbeach Mór is Feistiúla, agus do Bhun Cranncha, Co. Dhún na nGall, ag a raibh an bua i gcatagóir na mBailte Móra is Feistiúla.

“Chomh maith leis sin, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Domhnach Mór, Co. Thír Eoghain, an buaiteoir i gcatagóir na Sráidbhailte is Feistiúla in Éirinn, agus le Cromghlinn, Co. an Dúin, an buaiteoir i gcatagóir na mBailte Beaga is Feistiúla in Éirinn.”

Lean an tAire ar aghaidh:

“Le 30 bliana anuas tá aitheantas á thabhairt ag Comórtas na mBailte is Feistiúla in Éirinn don bhród mór atá ag muintir na hÉireann agus muintir Thuaisceart Éireann as a bpobail féin. Tá tairbhí fadtéarmacha i ndán do chách leis an infheistíocht inár bpobail tríd an gcomórtas iontach seo, mar atá léirithe ag na buaiteoirí anseo inniu. Is mór an teist í don fhreagracht a ghlacann na hoibrithe deonacha as a gceantair áitiúla agus an obair a dhéanann siad lena bhfeabhsú, don am i láthair agus don todhchaí.

“Is éacht ann féin í ainmniúchán a fháil do na gradaim seo. Is aitheantas é ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag oibrithe deonacha agus pobail áitiúla i gcomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu agus comórtas Best Kept i dTuaisceart Éireann.”

Dúirt Doreen Muskett, MBE, Cathaoirleach an Northern Ireland Amenity Council, an comhlacht a eagraíonn gradaim Best Kept:

Is léir fós sna comórtais seo bród mór na ndaoine as a pobail, ó thuaidh agus ó dheas, agus an obair chrua atá ar siúl ag oibrithe deonacha. Maibh sibh, is saibhre bhur bpobail de bharr bhur n-iarrachtaí agus bhur n-obair chrua.

“Déanaim comhghairdeas ó chroí leo siúd go léir a fuair gradaim i mbliana, an 30ú bliain den chomórtas. Ní haon ionadh domsa é gur aithníodh Domhnach Mór agus Cromghlinn mar dhá cheann de na háiteanna is áille in Éirinn.”


Nótaí d’Eagarthóirí

Chuir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, in éineacht leis an Northern Ireland Amenity Council, tús le comórtas na mBailte is Feistiúla in Éirinn in 1995 chun aird a tharraingt ar Chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu agus comórtais “Best Kept” Thuaisceart Éireann agus, tríd sin, feabhas a chur ar chaighdeán na mbailte agus na sráidbhailte ar fud oileán na hÉireann. Rinneadh na hiontrálaithe a mheas de réir dianchritéar moltóireachta, ar a n-áirítear glaineacht, dealramh seachtrach na bhfoirgneamh, cuma na mbóithre agus na saoráidí poiblí, agus an timpeallacht nádúrtha.

AINMNITHE 2025

Sráidbhaile

Na hAoraí, Co. Chorcaí

Domhnach Mór, Co. Thír Eoghain

Baile idir Dhá Abhainn, Co. Shligigh

Baile Beag

Muine Bheag, Co. Cheatharlach

Cairlinn, Co. an Lú

Cromghlinn, Co. an Dúin

Baile an Randalaigh, Co. Aontroma

Baile Mór

Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall

An Comar, Co. an Dúin

An Ros, Co. Bhaile Átha Cliath

Lárionad Uirbeach Mór

Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí

Doire, Co. Dhoire

An Nás, Co. Chill Dara

An Ómaigh, Co. Thír Eoghain

Ba iad buaiteoirí na nGradam ná:

Sráidbhaile is Fearr – Domhnach Mór, Co. Thír Eoghain

Baile Beag is Fearr – Cromghlinn, Co. an Dúin

Baile Mór is Fearr – Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall

Lárionad Uirbeach Mór is Fearr – An Nás, Co. Chill Dara

Buaiteoir Iomlán – An Nás, Co. Chill Dara