Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comórtas Peile na Gaeltachta oscailte go hoifigiúil ag an Aire Dara Calleary

Rinne an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, Comórtas Peile na Gaeltachta 2026 a oscailt go hoifigiúil inniu (Dé hAoine, 29 Bealtaine) i gCill Chartha, Co. Dhún na nGall.

Comórtas bliantúil Gaeilge is ea Comórtas Peile na Gaeltachta ina mbíonn clubanna Gaeltachta as na seacht gcontae Ghaeltachta chomh maith le hÁth Cliath agus Aontroim páirteach ann gach bliain. Óstálann club difriúil Gaeltachta an comórtas ó bhliain go bliain agus beidh 26 foireann páirteach i gcomórtas na bliana seo.

Agus an comórtas á sheoladh aige dúirt an tAire Calleary:

“Tá áthas orm a bheith anseo le himreoirí, le baill agus lucht tacaíochta CLG Chill Chartha don ócáid speisialta seo. Tá stair fhada ag CLG Chill Chartha ó bunaíodh an cumann in 1924.

“Reáchtáladh Comórtas Peile na Gaeltachta anseo i gCill Chartha níos mó ná fiche bliain ó shin in 2004 agus níl aon dabht ach go bhfuil athrú mór tagtha ar an gcomórtas san idirlinn. Cuirim fáilte roimh na foirne as fud fad na tíre atá ag glacadh páirt i gcomórtas na bliana seo.

“Tá mé iontach sásta go raibh ar chumas na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta deontas caipitil a bhronnadh ar CLG Chill Chartha chun obair riachtanach a dhéanamh ar na háiseanna anseo ag Páirc Peile Chill Chartha, agus sibh ag ullmhú don chomórtas. Tá toradh na hoibre sin le feiceáil inniu, leis an bpáirc bhreá agus na háiseanna eile atá lena taobh le go mbeadh sibh in ann chomórtas den scála seo a reáchtáil. Mar Aire na Gaeltachta is onóir mhór dom a bheith i láthair ag ócáid atá chomh lárnach do shaol na Gaeltachta.

“Guím gach rath ar na himreoirí, ar na bainisteoirí, ar na baill chlub, ar na cuairteoirí agus ar an lucht tacaíochta go léir agus go raibh deireadh seachtaine sultmhar agus sábháilte agaibh ar fad.’’

Le bliain anuas, tá maoiniú os cionn €350,000 bronnta ag an Aire Calleary agus tríd LEADER do CLG Chill Chartha ar mhaithe le háiseanna éagsúla a fhorbairt in am don Chomórtas Peile. Beidh na háiseanna nua seo ina gcuidiú ollmhór agus iad ag cur fáilte roimh chumainn ó cheann ceann na tíre an deireadh seachtaine seo agus ar ndóigh beidh na háiseanna seo ar fáil do phobal Chill Chartha ar feadh na mblianta amach romhainn.

Nóta d’eagarthóirí

Tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta do CLG Chill Chartha

  • Deontas de €116,894 nó 60% ceadaithe ag deireadh 2025 faoin Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga do CLG Chill Chartha chun seomraí feistis nua a thógáil.
  • Deontas de €150,000 faoin gClár LEADER ceadaithe in 2026 do CLG Chill Chartha chun cosán siúil, gairdín folláine, páirceáil inrochtana agus eile a fhorbairt.
  • Deontas de €100,000 faoi CLÁR ceadaithe ag deireadh 2025 do CLG Chill Chartha chun seastán a thógáil.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat