Maoiniú de bheagnach €0.5m ceadaithe ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD do Mhuintearas Teo d’fhorbairt na hÓige sa Ghaeltacht
- Foilsithe: 28 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 28 Deireadh Fómhair 2025
Inniu, Dé Máirt an 28 Deireadh Fómhair 2025, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go bhfuil allúntas suas le €493,509 ceadaithe anois do Mhuintearas Teo. chun seirbhísí óige a fhorbairt sna ceantair Ghaeltachta i 2026.
Is fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta iad Muintearas Teo a bhfuil freagracht orthu i leith fhorbairt na hóige sa Ghaeltacht.
Cuideoidh an t-allúntas seo leis an eagraíocht tús áite a thabhairt don fhoireann agus do na heochairsheirbhísí a bheidh mar bhunchloch na hearnála i 2026 agus straitéis leanúnach soláthar seirbhísí óige a fheabhsú agus a fhorbairt sna ceantair Ghaeltachta. Úsáidfear an t-allúntas seo chun Bainisteoir Óige, Comhordaitheoir Oiliúna agus oibrithe óige páirt aimseartha a fhostú agus chun modúil agus cúrsaí QQI a fhorbairt.
Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD:
“Cuirfidh an tacaíocht seo le líon agus le raon na seirbhísí atá ar fáil ó Mhuintearas, rud a spreagfaidh úsáid agus cur chun cinn na Gaeilge i measc na hóige. Cuirfidh sé go mór le cumas na heagraíocht chomh maith poist agus cúrsaí oiliúna a fhorbairt sa nGaeltacht trí mheán na Gaeilge. Tá an gá le seirbhísí cuimsitheacha óige aitheanta le tamall ag lucht na pleanála teanga sa Ghaeltacht agus is é seo an chéad céim chun dul i ngleic leis an éileamh seo ar bhonn chórasach, ar mhaithe leis an bpróiseas pleanála teanga a threisiú.”
Nótaí don Eagarthóir
Is fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta Muintearas Teo a bhfuil freagracht maidir le forbairt na hóige sa Ghaeltacht tugtha ag Údarás na Gaeltachta di le fada an lá. Tá Muintearas freagrach as tograí oiliúna, oideachais, óige agus luathoideachais a chur chun cinn, agus riaradh a dhéanamh ar Scéim na gCampaí Samhraidh agus ar Scéim na gCúntóirí Teanga don Roinn.
Faoi láthair tá 42 club óige cláraithe le Muintearas ag cur seirbhísí ar fáil do 1,534 duine óg ar fud na Gaeltachta.
An Bainisteoir Óige: Is post ag leibhéal Príomhoifigeach Cúnta é seo. Beidh an té a cheapfar freagrach as bainistiú foirne agus buiséid, chomh maith le pleanáil agus cur i bhfeidhm straitéis óige mar chuid de chlár oibre Mhuintearais.
An Comhordaitheoir Oiliúna: Is post ag leibhéal Ard Oifigeach Feidhmiúcháin é seo. Beidh an té a cheapfar i gceannas ar fhorbairt agus ar chothabháil chúrsaí oiliúna, ag cinntiú go mbíonn siad ar ardchaighdeán agus ag comhlíonadh riachtanais QQI.