Seoladh Scéim Deontas Phíolótach €4m Nuálaíochta Sóisialta na Réiteach Nua fógartha ag an Aire Buttimer

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seoladh Scéim Deontas Phíolótach €4m Nuálaíochta Sóisialta na Réiteach Nua fógartha ag an Aire Buttimer

  • Scéim Deontas €4m seolta ag an Aire Buttimer chun nuálaíochtaí sóisialta a thriail ar bhonn píolótach
  • Is ciste €4 milliún dhá bhliain é Scéim Deontas Phíolótach na Réiteach Nua, arna chómhaoiniú ag an Aontas Eorpach agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
  • Déanfaidh Mol Nuálaíochta Sóisialta na Réiteach Nua an ghairm a riar

Inniu (Dé Luain, 10 Feabhra 2026) sheol an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Phobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD, Scéim Deontas Phíolótach Nuálaíochta Sóisialta na Réiteach Nua, ar ciste €4m é chun tacú le nuálaíochtaí sóisialta luathchéime in Éirinn.

Tá de chuspóir foriomlán ag Ciste na Réiteach Nua ná feabhas a chur ar an timpeallacht nuálaíochta sóisialta in Éirinn, agus tá sé á chómhaoiniú trí Chiste Sóisialta na hEorpa + 2021-2027 (CSE+), ar thionscnamh Eorpach é a bhfuil mar aidhm aige baol na bochtaineachta agus an eisiata shóisialta a laghdú, le béim ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste.

Faoi Scéim Deontas Phíolótach na Réiteach Nua, maoineofar tionscnaimh nuálaíochta sóisialta faoina ndéanfar táirgí, seirbhísí, cleachtais nó samhlacha nua a thriail nó a thástáil chun torthaí níos fearr a sholáthar. Tacófar le 40 tionscadal ar a laghad faoin Scéim le deontais de luach idir €70,000 agus €100,000 thar thréimhse 24 mhí. Ina theannta sin, gheobhaidh iarrthóirí rathúla rochtain ar líonraí agus tacaíochtaí Mhol Nuálaíochta Sóisialta na Réiteach Nua, lena n-áireofar meantóireacht, rochtain ar oiliúint, gréasánú le piaraí agus tacaíochtaí ar bith eile a gceapfar gur riachtanach iad chun an tionscadal a thabhairt i gcrích.

Agus seoladh na scéime á fógairt aige inniu, dúirt an tAire Buttimer:

“Is cúis áthais dom Scéim Deontas Phíolótach na Réiteach Nua a sheoladh inniu. Anuraidh, d’fhógair mé go dtabharfar maoiniú €2.5 milliún i gcomhair tionscnaimh nuálaíochta sóisialta a bhí réidh le fás agus le tionchar níos mó a imirt.

“Tá an-deis againn, tríd an scéim deontas phíolótach, chun triail a bhaint as réitigh nuálacha ar ár bhfadhbanna sóisialta is dúshlánaí, nach raibh a réitigh le fáil le modhanna traidisiúnta.

“Is céim eile é fógra an lae inniu inár dtacaíocht don nuálaíocht shóisialta in Éirinn, le suas le €4m á chur ar fáil chun tacú le 40 tionscnamh nuálaíochta sóisialta, ar an íosmhéid, atá ag céim luath ina bhforbairt agus a bhfuil maoiniú de dhíth orthu chun smaoineamh nó seirbhís nua a thriail nó a thástáil.”

Beidh an Scéim á riar ag Mol Nuálaíochta Sóisialta na Réiteach Nua, a d’oscail an tAire go hoifigiúil anuraidh, a bhfuil ról lárnach acu i bhforbairt na timpeallachta nuálaíochta sóisialta in Éirinn. Beidh Mol Nuálaíochta Sóisialta na Réiteach Nua ag obair go dlúth leis na tionscadail a éireoidh leo, chun cothú inniúlachta agus tacaíochtaí a chur ar fáil.

Dúirt Mario Vottero ó Rethink Ireland:

“Tá na Deontais Phíolótacha dírithe ar thionscnaimh a bhfuil céim an smaoinimh críochnaithe acu agus atá réidh lena réitigh a thástáil sa tsaol réadúil. Déantar teagmháil mhíosúil le tionscadail rathúla, tugann siad uasdátuithe ráithiúla faoina ndul chun cinn, agus roinneann siad an méid atá foghlamtha acu chun tacú le forbairt earnáil nuálaíochta sóisialta na hÉireann i gcoitinne”.

Is féidir iarratas a dhéanamh roimh 13 Márta 2026 ag a 6in. Reáchtálfar clinicí iarratais ar líne ar an 18 agus 25 Feabhra. Moltar d’iarrthóirí freastal ar na clinicí iarratais ar líne seo i gcomhair treorach maidir le hincháilitheacht agus an próiseas iarratais. Beidh an t-iarratas ar fáil ar shuíomh gréasáin Mhol Nuálaíochta Sóisialta na Réiteach Nua.

Tá Pobal ag tacú leis an Roinn i gcur i bhfeidhm Chiste Nuálaíochta Sóisialta na Réiteach Nua.

Dúirt POF Pobal, Anna Shakespeare:

“Tá Pobal an-sásta ról a ghlacadh i maoirseacht Dheontais Phíolótacha na Réiteach Nua, atá á gcómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach trí Chlár CSE+ EIST 2021-2027. Léirítear leis an infheistíocht seo go bhfuil tiomantas comhroinnte ann maidir le tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí atá ag forbairt cineálacha nua cur chuige i leith ionchuimsiú sóisialta. Trí chumas a thabhairt do phobail smaointe nuálacha a thástáil, a bheachtú agus a fhorbairt, beidh an clár ina spreagadh d’athrú fiúntach marthanach dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste.”

Nótaí d’Eagarthóirí

Ciste na Réiteach Nua de chuid CSE+

Is é Clár Fostaíochta, Cuimsithe, Scileanna agus Oiliúna (EIST) clár CSE+ de chuid na hÉireann don tréimhse 2021 go 2027. Titeann Réitigh Nua faoi Thosaíocht 4: Nuálaíocht Shóisialta, de Chlár CSE+ EIST 2021-2027.   Cómhaoinítear Clár na Réiteach Nua trí mhaoiniú CSE+ (95%) agus maoiniú RFTPG (5%). Tabharfar an clár i gcrích idir 2026 agus 2028.

Is é cuspóir foriomlán Chlár na Réiteach Nua ná feabhas a chur ar thimpeallacht na nuálaíochta sóisialta in Éirinn trí ‘ionchuimsiú gníomhach a chothú, comhdheiseanna, neamh-idirdhealú agus rannpháirtíocht ghníomhach a chur chun cinn, agus fostaíocht a fheabhsú do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear trí mhúnla gnó an fhiontair shóisialta.’

Bainfear an cuspóir seo amach trí thacú le Mol Nuálaíochta Sóisialta a bhunú, lena ndéanfar tuilleadh forbartha ar thimpeallacht na nuálaíochta sóisialta trí thacaíochtaí um chothú inniúlachta a chur ar fáil, in éineacht le deontais ar nuálaíochtaí sóisialta ag an chéim Phíolótach agus Mhéadaithe, chomh maith le ‘hAcadamh Smaointe’ a thabhairt isteach chun féidearthachtaí faoi nuálaíochtaí sóisialta nua a phlé.

Mol Nuálaíochta Sóisialta

Beidh ról lárnach ag Mol Nuálaíochta Sóisialta na Réiteach Nua i bhforbairt thimpeallacht na nuálaíochta sóisialta in Éirinn. Tacaíocht lárnach a bheidh sa Mhol don nuálaíocht shóisialta in Éirinn. Cuirfidh sé roinnt feidhmeanna ar fáil lena n-áireofar cothú inniúlachta agus bearta saincheaptha tacaíochta a chur ar fáil do thionscnaimh nuálaíochta sóisialta atá ag fáil maoiniú deontais, in éineacht le cothú feasachta, forbairt córais, measúnú tionchair agus foghlaim.

Beidh an Mol Nuálaíochta Sóisialta á thabhairt i gcrích ag cuibhreannas faoi cheannas Rethink Ireland. Áirítear ar bhaill eile an chuibhreannais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Líonra na gCuideachtaí Forbartha Áitiúla, Údarás na Gaeltachta, Coimisiún Forbartha an Iarthair agus The Wheel.

Scéim Deontas Phíolótach na Réiteach Nua

Is ciste dhá bhliain í Scéim Deontas Phíolótach na Réiteach Nua a bhfuil mar aidhm léi tacú le tionscnaimh nuálaíochta i bPoblacht na hÉireann chun táirgí, seirbhísí, cleachtais nó samhlacha nua a thriail nó a thástáil chun torthaí níos fearr a sholáthar i leith ceann amháin, ar a laghad, de na téamaí nuálaíochta sóisialta thíos:

1) Rochtain ar fhostaíocht a mhéadú do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste

2) Rochtain ar oideachas a mhéadú do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste

3) Forbairt phearsanta agus sóisialta do na daoine óga is mó atá i mbaol bochtaineachta agus an eisiata shóisialta

4) Lántairbhe a bhaint as an spórt i gcomhair forbairt shóisialta agus ionchuimsiú

sóisialta do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste.

*Tabhair faoi deara: Seo a leanas an sainmhíniú ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste chun críocha an mhaoinithe seo:

  • Daoine faoi Mhíchumas;
  • Daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach;
  • Imircigh, Teifigh agus an lucht iarrtha tearmainn;
  • Mionlaigh eitneacha, lena n-áirítear an Lucht Siúil & Roma;
  • Iad siúd a bhfuil bochtaineacht nó eisiamh sóisialta á bhfulaingt acu, lena n-áirítear daoine gan dídean, teaghlaigh gan fostaíocht, agus teaghlaigh aontuismitheora;
  • Úsáideoirí drugaí atá ag téarnamh, agus iad siúd le stair choiriúil;
  • Iad siúd faoi mhíbhuntáiste oideachais (ISCED0-26);
  • Daoine atá ina gcónaí i gceantair iargúlta nó thuaithe, nó ar oileáin

Comhthuiscint ar an Nuálaíocht Shóisialta

Dar le hAlt 2.1.8 de Rialachán CSE+ 2021/1057, ciallaíonn Nuálaíocht Shóisialta

‘gníomhaíocht atá sóisialta ó thaobh a cuspóra agus a riachtanas de araon, go háirithe aon ghníomhaíocht a bhaineann le:

  • forbairt agus cur chun feidhme smaointe nua maidir le táirgí, seirbhísí, cleachtais agus samhlacha
  • a riarann ar riachtanais shóisialta agus, san am chéanna, a chruthaíonn saghsanna nua caidrimh nó comhair shóisialta nua idir eagraíochtaí poiblí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó eagraíochtaí príobháideacha
  • agus, dá bharr sin, a dhéanann leas na sochaí agus a threisíonn freisin cumas na sochaí chun gníomhú.

Sainmhíniú ar Bheart Píolótach

Is ionann beart píolótach agus triail nó turgnamh mionscála ar smaoineamh, seirbhís nó samhail nua. Tá sé mar chuid den chéim “Fréamhshamhlacha agus Bearta Píolótacha” (Céim 3 den 6 chéim de Chuar Forbartha na Nuálaíochta Sóisialta) – ina ndéantar smaointe a thástáil le fréamhshamhlacha agus tionscadail phíolótacha go praiticiúil seachas iad a fhágáil mar choincheapa.

New Solutions Social Innovation - “Prototyping and pilots” stage 3 from the 6 stages of Social Innovation Development Curve

Tá mar aidhm le beart píolótach féidearthacht a thástáil agus foghlaim go gasta, faoi choinníollacha réalaíocha ach teoranta – rud a fhágann go mbíonn costais agus baol measartha íseal i gceist, agus gur féidir aiseolas a bhailiú ó úsáideoirí agus soláthraithe. Is minic a bhíonn athruithe móra sa choincheap mar thoradh ar cheachtanna agus tuiscint phraiticiúil, agus mar an gcéanna le fréamhshamhlacha táirgí, ní mór réimse roghanna difriúla a thástáil chun an ceann ceart a aimsiú. Déantar é seo go minic sula leathnaítear nó sula gcoinnítear an smaoineamh (The open book of social innovation).

Is ar feadh 24 mhí a mhairfidh Ciste Nuálaíochta Sóisialta na Réiteach Nua – Deontais Phíolótacha, atá á gcómhaoiniú ag an Aontas Eorpach agus Rialtas na hÉireann.

Faoin Chiste, cuirtear pacáiste deontas airgid ar fáil, de luach €4,000,000 i gcomhair 40 tionscadal ar an íosmhéid, chun cabhrú leo lena nuálaíocht shóisialta a thriail.

Áirítear orthu seo:

  • 40 deontas ar a laghad, de luach idir €70,000 agus €100,000
  • Rochtain ar líonraí Mhol Nuálaíochta Sóisialta na Réiteach Nua.

Is féidir iarratais a chur isteach tríd an fhoirm ar líne idir an 9 Feabhra 2026 agus an 13 Márta 2026 ag a 6in.

Reáchtálfar clinicí iarratais ar an 18 Feabhra 2026 agus an 25 Feabhra 2026. Cuirfear eolas ar fáil sna seimineáir ghréasáin seo, a mhairfidh ar feadh uair a’ chloig, faoi incháilitheacht i gcomhair maoinithe agus faoin phróiseas iarratais, agus deis a bheidh iontu freagra a fháil ar cheisteanna ar bith atá agat.

Is féidir le hiarrthóirí clárú i gcomhair clinic anseo:

18 Feabhra 2026, 11rn - 12in

Clinic Iarratais 1 - Cláraigh anseo

25 Feabhra 2026, 11rn - 12in

Clinic Iarratais 2 - Cláraigh anseo

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat