Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Jerry Buttimer Tuarascáil Bhliantúil Chlár na Seirbhísí Pobail 2024

Inniu, (Dé Céadaoin, an 26 Samhain 2025) d’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, a bhfuil freagracht speisialta air as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD, seoladh Thuarascáil Bhliantúil Chlár na Seirbhísí Pobail 2024. Sa tuarascáil seo, leagtar béim ar na héachtaí suntasacha agus an dul chun cinn a rinneadh faoin gClár le linn 2024, ag léiriú a thionchair ar phobail ar fud na tíre.

Cuimsítear sa tuarascáil roinnt cás-staidéar ar eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Chlár na Seirbhísí Pobail, ag taispeáint na mbealaí a chuireann siad le pobail. Trí na samplaí éagsúla seo sa tuarascáil, léirítear an éifeacht dhearfach a chruthaíonn maoiniú an Chláir; ag tacú le daoine, ag neartú pobal agus ag tógáil acmhainneachta áitiúla.

Tá sé mar aidhm ag Clár na Seirbhísí Pobail (CSP) tacú le heagraíochtaí pobail áitiúla chun seirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar trí dheiseanna fostaíochta a chruthú do dhaoine aonair faoi mhíbhuntáiste agus raon éagsúil seirbhísí áitiúla a sholáthar do phobail agus do ghrúpaí spriocdhírithe faoi mhíbhuntáiste, trí mhúnla fiontair shóisialta.

Dírítear sa Chlár ar phobail ina bhfuil easpa seirbhísí san earnáil phoiblí agus phríobháideach, bíodh sé sin de bharr iargúltachta geografaí nó sóisialta nó mar gheall ar easnaimh éilimh. Soláthraítear sa Chlár ranníocaíocht chómhaoinithe bhliantúil i leith gach post bainisteora agus/nó coibhéise lánaimseartha atá á thacú.

Is iad cuspóirí straitéiseacha an Chláir ná:

  • Aghaidh a thabhairt ar riachtanais an phobail trí sheirbhísí agus sócmhainní pobail a thacú, ag cinntiú go bhfuil siad cuimsitheach agus freagrúil do dhaoine faoi mhíbhuntáiste nó imeallaithe;
  • Deiseanna fostaíochta a sholáthar agus infhostaitheacht na ndaoine is faide ón margadh saothair a fheabhsú; agus
  • Eagraíochtaí pobail atá ag feidhmiú mar fhiontair shóisialta a neartú agus a thacú chun áiseanna agus seirbhísí feabhsaithe a sholáthar.

In 2024, tacaíodh le 451 seirbhís trí 431 eagraíocht trí 1,727 bpost coibhéise lánaimseartha agus 352 post bainisteora sa Chlár.

Ar fud na n-eagraíochtaí seo;

  • Fostaítear 3,302 duine i róil Chlár na Seirbhísí Pobail.
  • 64% d’fhostaithe a bhfuil tacaíocht CSP acu i bhfostaíocht pháirtaimseartha i gcomparáid le 36% lánaimseartha.

I measc na bpríomhphointí a dhéantar sa tuarascáil, tá:

  • Méadú Deiseanna Fostaíochta: Fógraíodh glao maoinithe CSP d’iarratasóirí nua ar an gClár in 2023. Ag leanúint ar aghaidh ón nglao seo, cuireadh fáilte roimh 14 eagraíocht nua chuig an gClár, ag tosú i mí Eanáir 2024 agus 13 bhainisteoir agus 23 phost coibhéise lánaimseartha á dtacú.
  • Maoiniú d’Acmhainní Breise: Tar éis próiseas iarratais i Meán Fómhair 2023, leithdháileadh acmhainní foirne breise ar 32 eagraíocht atá ann cheana féin a raibh tacaíocht CSP acu ó Mheitheamh 2024. Bhí 35 post cóibhéise lánaimseratha agus seacht bpost bainisteora sna 42 post nua a raibh tacaíocht CSP acu.
  • Méadú Rátaí Maoinithe: Chun inbhuanaitheacht leanúnach na n-eagraíochtaí a raibh tacaíocht CSP acu a chinntiú, méadaíodh na rátaí maoinithe a bronnadh ar phoist cóibhéise lánaimseartha agus bainisteoirí CSP, trasna na gcatagóirí maoinithe ard agus meánmhéide araon, ó Eanáir 2024.

Todhchaí Chlár na Seirbhísí Pobail

Cuireadh leithdháileadh €55.4m ar fáil i mBuiséad 2025 chun tacú leis an gClár do 2025, méadú €3m ó 2024. Fógraíodh méadú breise €4m do 2026, rud a thugann leithdháileadh iomlán an Chláir go €59.4m do 2026.

Faoi chlár 2025 an Rialtais, tugtar gealltanas Clár na Seirbhísí Pobail a oscailt d’iarratais nua gach bliain. Tá an raon feidhme chun glao oscailte a reáchtáil don Chlár á athbhreithniú faoi láthair, i gcomhthéacs fhógra Bhuiséad 2026, agus aird á tabhairt ar riachtanais mhaoinithe na n-eagraíochtaí atá ann cheana féin agus na ndaoine ar mhian leo páirt a ghlacadh sa chlár.

Ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire Buttimer:

“Léirítear an tionchar atá ag Clár na Seirbhísí Pobail ar phobail ar fud na tíre sa tuarascáil seo. Léirítear an difríocht fhíor agus bhuan a dhéanann Clár na Seirbhísí Pobail inti trí sheirbhísí agus fostaíocht a sholáthar go háitiúil, rud a chuireann le pobail inbhuanaithe, chuimsitheacha agus chumhachtaithe a thógáil.”

Dúirt Anna Shakespeare, POF Pobal:

“I gClár na Seirbhísí Pobail cumasaítear leanúint agus fás seirbhísí tábhachtacha agus luachmhara arna soláthar ag eagraíochtaí pobail agus fiontair shóisialta ar fud na tíre. Tá seirbhísí a fhaigheann tacaíocht ón gClár éagsúil ó thaobh raon na ngníomhaíochtaí a sholáthraíonn siad, na hearnálacha ina bhfeidhmíonn siad, agus na pobail nó na grúpaí a dtacaíonn siad leo. Tá rath an chláir agus athdhearthaí le déanaí soiléir i dTuarascáil Bhliantúil 2024 chun a chinntiú go bhfuil an clár freagrúil agus go léirítear ann tosca sóisialta agus eacnamaíocha, go háirithe díothacht ar leibhéal na gceantar. Tá Pobal bródúil as Clár na Seirbhísí Pobail a riaradh thar ceann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus oibriú taobh leis na 431 eagraíocht a mhaoinítear, a thacaíonn leis na daoine is leochailí inár bpobail áitiúla trí sheirbhísí riachtanacha, spásanna pobail, deiseanna fostaíochta agus oiliúna a sholáthar.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“In ainneoin na ndúshlán sóisialta agus eacnamaíocha iomadúla a bhí againn in 2024 mar a léirítear sa Tuarascáil Bhliantúil, lean eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSP orthu ag imirt ról ríthábhachtach i neartú na bpobal a bhfreastalaíonn siad orthu, ag soláthar seirbhísí ríthábhachtacha agus spásanna fáilteacha sábháilte chun a chinntiú go bhfaigheann daoine agus pobail ar fud na tíre na tacaíochtaí a theastaíonn uathu.”

Nótaí don eagarthóir

Clár na Seirbhísí Pobail

Tacaíonn Clár na Seirbhísí Pobail (CSP) le 446 seirbhís phobalbhunaithe faoi láthair trí 427 eagraíocht, chun seirbhísí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil ​​​​áitiúla a sholáthar trí mhúnla fiontair shóisialta.

Soláthraíonn CSP, nach n-ailínítear leis an íosphá, ranníocaíocht mhaoinithe i dtreo chostas post lánaimseartha coibhéise agus, i gcás inar gá, poist bhainisteora. Níl an maoiniú a chuirtear ar fáil beartaithe chun freastal ar chostas iomlán tuarastail na bpost a fhaigheann tacaíocht. Ní mór d’eagraíochtaí cáilitheacha a bheith ina bhfiontair shóisialta atá in ann ioncam a ghiniúint óna ngníomhaíochtaí chun costais iomlána tuarastail na bpost a fhaigheann tacaíocht a chomhlíonadh, mar shampla, ó ioncam a fhaightear ó úsáid phoiblí áiseanna agus seirbhísí.

Ó Mheán Fómhair 2025, tá 352 Bainisteoir agus 1,724 fostaí coibhéise lánaimseartha á dtacaíocht faoi láthair faoin gClár. Thosaigh Clár reatha na Seirbhísí Pobail i mí Eanáir 2023 agus cuirfear deireadh leis i mí na Nollag 2027. Bainistíonn agus riarann ​​Pobal an Clár thar ceann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Leithdháiltí athbhreithnithe

Mar chuid de phróiseas athstruchtúraithe a críochnaíodh in 2022, tugadh isteach samhail nua leithdháilte ráta maoinithe do CSP in Eanáir 2023, mar mhalairt ar an tsamhail íocaíochta ráta comhréidh roimhe seo. Bhain eagraíochtaí CSP atá ag feidhmiú i gceantair faoi mhíbhuntáiste níos airde, a fhostaíonn 70% ar a laghad de dhaoine ó na grúpaí sprice cláir forordaithe agus a bhfuil acmhainneacht tuillimh theoranta acu, leas as an gcatagóir ráta maoinithe níos airde.

Cé nach bhfuil Clár ailínithe leis an íosráta pá, tar éis fógra faoi mhéadú €1.40 san uair ar an ráta pá íosta ón 1 Eanáir 2024, breithníodh an tionchar ar eagraíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gClár. Ina dhiaidh sin, mhéadaigh ranníocaíocht na Roinne le rátaí maoinithe CSP in 2024 faoi €2,717 sa ranníocaíocht in aghaidh poist choibhéise lánaimseartha d’eagraíochtaí a bhfuil riachtanas ard maoinithe acu agus €2,142 in aghaidh poist choibhéise lánaimseartha d’eagraíochtaí a chatagóirítear mar a bhfuil riachtanas meánach maoinithe acu. Soláthraíodh ranníocaíocht mhéadaithe €1,500 i dtreo thuarastal an bhainisteora sa chatagóir ard in 2024 agus €1,000 d’eagraíochtaí sa chatagóir meánach freisin.

Níor athraíodh an líon beag eagraíochtaí sa chatagóir íseal maoinithe, is iad seo eagraíochtaí a aithnítear leis an acmhainneacht tuillimh is láidre agus a oibríonn i gceantair nach bhfuil faoi mhíbhuntáiste chomh suntasach.

Seo iad na leithdháiltí athbhreithnithe do 2024:

Rátáil Fhoriomlán                                    

Ráta nua in aghaidh poist choibhéise lánaimseartha  

Ráta nua in aghaidh an bhainisteora

Ard 8-10 (80% go 100%)                      

€25,750                           

€37,500

Meán 5-7 (50% go 79%)                    

€23,175                           

€35,000

Íseal 0-4 (0% to 49%) (gan athrú)         

€19,033                           

€32,000

Glaoch Oscailte 2023 i gcomhair iarratas

Cuireadh maoiniú €1m ar fáil le haghaidh glao ar iarratais faoin gClár in 2023, chun deis a thabhairt d’eagraíochtaí nua rochtain a fháil ar thacaíocht, ó Eanáir 2024, chun foireann bhreise a fhostú, i gcomhréir le fochláir athshainithe an Chláir agus leis an bhfís nua. Ina dhiaidh sin, ceadaíodh iontráil isteach i gClár do cheithre cinn déag d’eagraíochtaí pobail nua, agus maoiniú á chur ar fáil do 13 phost bainisteora agus 23 phost coibhéise lánaimseartha.

Glao Maoinithe Breise:

Glao ar Iarratais ar Mhaoiniú Breise 2023

I Meán Fómhair 2023, osclaíodh glao maoinithe breise do sheirbhísí CSP atá ann cheana féin, ar fiú €1 milliún é. Ba é cuspóir an mhaoinithe tacú le seirbhísí CSP atá ann cheana féin le poist mhaoinithe breise chun leathnú agus fás a chumasú laistigh de na fiontair shóisialta agus na heagraíochtaí pobail seo atá thar a bheith tábhachtach. Glacadh le hiarratais ón 1 go dtí an 29 Meán Fómhair 2023. Fuarthas líon ollmhór iarratas agus mar thoradh air sin níor éirigh le gach eagraíocht a rinne iarratas. I mí an Mheithimh 2024, fógraíodh seacht mbainisteoir breise agus 35 phost coibhéise lánaimseartha a maoiníodh faoi CSP, ar bhain 32 eagraíocht leas as ar fud na hÉireann.

Cás-Staidéir ó Thuarascáil Bhliantúil Chlár Seirbhísí Poiblí 2024:

1. Fóram Chonamara – Wild Goat Café

Is Cuideachta Forbartha Áitiúil é Fóram Chonamara atá lonnaithe sa Chlochán, Co. na Gaillimhe a oibríonn dhá sheirbhís CSP – Coimpléasc Spóirt Bhinn Ghuaire a fhostaíonn bainisteoir amháin faoi thacaíocht CSP agus 2.5 phost coibhéise lánaimseartha agus Wild Goat Café, a fhostaíonn bainisteoir amháin agus 3.5 phost coibhéise lánaimseartha, atá lonnaithe i Leitir Fraic. Soláthraíonn an caifé seirbhís inmheánach agus béilí ar rothaí do dhaoine níos sine a chlúdaíonn achar de gha thart ar sheasca míle agus a sholáthraíonn thart ar chéad caoga béile in aghaidh na seachtaine do mhuintir na háite.

2. Ionad Delta-Gáirdíní Céadfaí Delta

Cuireann Ionad Delta, atá suite in Strawhall, Contae Cheatharlach, seirbhísí oiliúna, cónaithe, faoisimh lae agus ilchéadfacha ar fáil do dhaoine fásta le míchumais foghlama. Tá Gairdíní Céadfaí Ionad Delta suite ar 2.5 acra le caifé ar an láthair. Tacaíonn maoiniú CSP le bainisteoir amháin agus 6 phost coibhéise lánaimseartha, beirt acu ag obair sa chaifé agus ceathrar sna gairdíní. Sa bhliain 2024, bhuaigh na gairdíní Duais na Sainghnéithe Speisialta i gComórtas Entente Florale Europe agus tá siad le feiceáil i Sraith Home Grown Bord Bia RTÉ.

3. Líonra Ban Ros Comáin – Cycleup

Is tionscadal pobail áitiúil agus carthanas é Líonra Ban Ros Comáin atá tiomanta do thacaíocht a thabhairt do mhná agus do theaghlaigh ar fud chontae Ros Comáin. Tugtar Cycleup Textiles ar an tseirbhís a oibríonn siad agus a mhaoinítear faoin gClár, a thraenálann daoine aonair agus grúpaí i ndeisiú agus athúsáid ábhar, agus a tháirgeann earraí athchúrsáilte le díol mar chuid den gheilleagar ciorclach. Tá bainisteoir agus ceathrar ball foirne a fhaigheann tacaíocht ó CSP fostaithe (in dhá phost coibhéise lánaimseartha) a sholáthraíonn meantóireacht agus scileanna agus foghlaim piaraí. Sa bhliain 2024, bhuaigh an tseirbhís gradam Thionchar Sóisialta Tuaithe Inbhuanaithe mar chuid de Ghradaim Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe Inbhuanaithe an RDS.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat