Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Imeacht SICAP “Inár bhFocail” oscailte ag an Aire Buttimer i mBaile Átha Luain, Co. na hIarmhí

  • Beagnach 250 toscaire i láthair ó Chuideachtaí Forbartha Áitiúla, Comhairlí Cathrach & Contae, an earnáil Phobail agus Dheonach agus eagraíochtaí ionadaíochta náisiúnta
  • Tairbhithe SICAP agus Guthanna Pobail i lár an aonaigh

Inniu (Déardaoin, 2ú Deireadh Fómhair 2025) d’oscail an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Phobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD, imeacht “Inár bhFocail” SICAP in Óstán Radisson, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí.

Is ceiliúradh é an t-imeacht ar an obair atá á dhéanamh tríd an Chlár um Ionchuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP) 2024-2028, arb é príomhchlár ionchuimsithe shóisialta an Rialtais. Oibríonn SICAP le daoine aonair agus grúpaí, chun pobail a neartú agus caighdeán maireachtála a fheabhsú dóibh siúd a bhfuil eisiamh sóisialta agus neamhionannas á bhfulaingt acu.

Tá an clár á chomhchistiú ag Rialtas na hÉireann, tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, agus ag Ciste Sóisialta na hEorpa Plus faoin Chlár um Fhostaíocht, Ionchuimsiú, Scileanna, agus Oiliúint (EIST) 2021-2027.

Tháinig beocht i scéalta pearsanta, taithí saoil, agus tionscnaimh chomhroinnte inniu agus beagnach 250 ball de Chuideachtaí Forbartha Áitiúla, Comhairlí Cathrach agus Contae, an earnáil Phobail agus Dheonach, ranna rialtais agus eagraíochtaí ionadaíochta náisiúnta ag teacht le chéile don imeacht.

Ina aitheasc tosaigh, dúirt an tAire Buttimer:

Is léiriú inspioráideach é imeacht an lae inniu – SICAP “Inár bhFocail” – ar thionscadail agus tionscnaimh ionchuimsithe shóisialta faoi stiúir an phobail, arna roinnt trí ghuthanna s’acu siúd le taithí saoil.

Rinneadh ceiliúradh san ócáid lae ar chumhacht na taithí saoil, inar tugadh daoine le chéile ó gach cearn d’Éirinn chun a n-aistir phearsanta a roinnt agus daoine eile chun léiriú a thabhairt ar thionchar na dtionscadal faoi stiúir an phobail ar thug clár SICAP tacú dóibh.

Lean an tAire ar aghaidh:

“Ní faoin chlár amháin atá imeacht an lae inniu, is faoi fhíordhaoine, fíorscéalta agus fíorthionchar na dtacaíochtaí SICAP atá sé. Tá mé ag súil go han-mhór le cloisteáil faoi na haistir a thug anseo sibh inniu. Trí bhur dtaithí a roinnt, cuireann sibh ar acmhainn daoine eile foghlaim, dul i dtaithí agus gníomh fiúntach a dhéanamh.”

Bhí caint fíor-inspioráideach leis an Dr Niamh Sheridan, an t-eochairchainteoir arb í Stiúrthóir Ionad Teaghlaigh an Tóchair i gCorcaigh. Tá an Dr Sheridan ag obair in eagraíochtaí pobail le 25 bliana agus labhair sí faoi chumhacht na ndaoine sa phobal chun athrú éifeachtach forleathan a dhéanamh.

Dúirt an Dr Niamh Sheridan:

Is fada í stair na forbartha pobail éifeachtaí in Éirinn. Is deimhniú é imeacht an lae inniu ar ár ngean domhain dá chéile agus a thiomanta atáimid mar dhaoine do shochaí chóir a chruthú do chách atá ina gcónaí inár dtír aoibhinn. I bhfianaise an baol atá roimh chóir agus cothroime inár ndomhan inniu, ní fhéadfaí luach a chur ar na tréithe seo.”

Chuir an tAire Buttimer deireadh leis an lá le:

Ar deireadh, ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh mo bhuíochas a ghabháil le gach duine anseo atá ag obair chun sochaí chomhionann agus ionchuimsitheach a chruthú i bpobail imeallaithe. Is suntasach an difear a dhéanann bhur ndúthracht, agus táim ag súil go mór le tionchar dearfach bhur bhfiontar amach anseo agus sibh ag leanúint de bheith ag cur clár SICAP i bhfeidhm. Go raibh maith agaibh agus go raibh gach rath oraibh amach anseo.

Cuireadh críoch leis an imeacht leis an Chór Pobail Chorus Connection ó Uíbh Fhailí, a chan meascra amhrán.

Ina aitheasc deiridh, dúirt an tAire Buttimer:

“Níl bealach níos fearr le críoch a chur leis an imeacht seo ná cumhacht guthanna atá in armóin le chéile – meabhrú dúinn ar cad is féidir linn a chruthú nuair a thagann muid le chéile.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat