Osclaíonn an tAire Jerry Buttimer, TD, an Seachtú Comhdháil Náisiúnta Fiontraíochta Sóisialta i mBéal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn an tAire Jerry Buttimer, TD, an Seachtú Comhdháil Náisiúnta Fiontraíochta Sóisialta i mBéal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe

  • Buaicphointe bliantúil san fhéilire fiontar sóisialta í an Chomhdháil, arna hóstáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
  • Deis atá inti d’fhiontair shóisialta, agus do na heagraíochtaí a thacaíonn leo, chun léargais ar an earnáil a phlé, dea-chleachtas a roinnt, agus buaileadh lena macasamhlacha

Inniu (Déardaoin, 20 Samhain) thug an tAire Jerry Buttimer TD, Aire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta le freagracht speisialta as Forbairt Phobail agus Carthanachtaí, an t-aitheasc fáiltithe ag Seachtú Comhdháil Náisiúnta Fiontraíochta Sóisialta na hÉireann, os comhair breis is 500 toscaire a bhí i láthair go pearsanta nó ar líne, ó fud fad earnáil na bhfiontar sóisialta. Tharla an chomhdháil in Óstán Shearwater, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe.

Ba é téama na comhdhála ná ‘Trádáil ar mhaithe le Tionchar’. Is deis ar leith í an chomhdháil bhliantúil ina bhfuil deiseanna líonraithe, scaipeadh eolais, comhroinnt dea-chleachtais agus an deis chun páirt a ghlacadh i mbeartas a chur i bhfeidhm agus i bhforbairt beartais amach anseo. Bhí Kim MacKenzie-Doyle, POF an fhiontair shóisialta ‘The Big Idea’, ina bean tí don imeacht.

Agus é ag oscailt na comhdhála, dúirt an tAire Buttimer:

“Tá an-tábhacht leis an obair a dhéanann fiontair shóisialta ar fud na hÉireann i mórán pobal. Is léir go bhfuil siad ag dul i ngleic le cuid mhór de na príomhfhadhbanna sóisialta atá ag an tsochaí, agus iad ag cur fostaíocht agus deiseanna ar fáil agus ag imirt tionchar dearfach i saol daoine. Chonaic mé féin obair agus tionchar ollmhór na bhfiontar sóisialta inár bpobail. Creidim go daingean gur féidir leis an earnáil seo ról níos suntasaí arís a ghlacadh inár sochaí, ár ngeilleagar agus ár gcomhshaol, agus táim ag súil le tacaíocht a thabhairt dóibh chun sin a dhéanamh.”

Lean an tAire ar aghaidh:

“Braitheann ár dtodhchaí ar cé acu an féidir linn fís uaillmhianach Trádáil ar mhaithe le Tionchar a thabhairt i gcrích go héifeachtúil. Ní mór dúinn a bheith nuálaíoch agus ionchuimsitheach, ach praiticiúil agus éifeachtúil ag an am céanna. Is trí chomhpháirtíocht a mbainfidh muid amach ár gcomh-uaillmhian d’earnáil na bhfiontar sóisialta. Leanfaidh mo roinn lena rannpháirtíocht leanúnach ar fud an rialtais, na n-údarás áitiúil agus na ngníomhaireachtaí stáit chun a chinntiú go gcoinnítear fiontair shóisialta i lár an aonaigh maidir le beartais agus cláir, soláthar sóisialta nó rochtain ar sheirbhísí.”

Príomhchainteoirí ag an Chomhdháil:

  • An tAire Jerry Buttimer TD,
  • Bairbre Nic Aongusa, Rúnaí Cúnta ag RFTPG, Ceannasaí Forbartha Pobail
  • Richard Bruton (Cathaoirleach SERI)
  • Gerry O'Grady (Ionad Barr Feabhais na nOifigí Áitiúla Fiontar, Fiontar Éireann)
  • Steven Egan (InterTradeIreland)
  • Margaret Larkin (DLDC, thar ceann Líonra na gCuideachtaí Forbartha Áitiúla)
  • Siobhán Cafferty (POF Simpliified)
  • Peter Williams (Comhairle Contae an Chláir)
  • Anthony Burrowes (Sisk)
  • Debbie Tierney (Triest Press)
  • An Dr. Helen Johnston (NESC)
  • Colin Jess (Social Enterprise Northern Ireland)
  • Charlie Fisher (Development Trusts NI)
  • Maeve Monaghan (NOW Group)
  • Seán Mullan (Third Space)
  • Clare Allen (Rethink Ireland)
  • Anne Graham (Coimisiún Forbartha an Iarthair)
  • Helen Nolan (Spraoi agus Spórt)
  • Máirín Ó Cuireáin (Líonra na gCuideachtaí Forbartha Áitiúla)

Nótaí d’Eagarthóirí

Fiontair Shóisialta

Is ionann fiontar sóisialta agus gnólacht a bhfuil mar chroíchuspóir aici tionchar sóisialta, sochaíoch, nó comhshaoil a bhaint amach. Mar an gcéanna le gnólachtaí eile, baineann fiontair shóisialta a n-aidhmeanna amach trí thrádáil earraí agus seirbhísí ar bhonn leanúnach. Mar sin féin, déanann fiontair shóisialta cibé farasbarr a dhéanann siad a athinfheistiú chun na croíchuspóirí sóisialta a bhaint amach.

Oibríonn siad go minic chun tacú le grúpaí faoi mhíbhuntáiste cosúil leo siúd atá dífhostaithe go fadtéarmach, daoine faoi mhíchumas, baill an lucht siúil, srl. nó chun dul i ngleic le fadhbanna ar nós ganntanas bia, tithíocht shóisialta, nó ceisteanna comhshaoil.

An Polasaí Náisiúnta um Fhiontraíocht Shóisialta 2024-2027

Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys TD Trádáil ar mhaithe le Tionchar: An Beartas Náisiúnta um Fhiontraíocht Shóisialta 2024-2027 ar an 24 Iúil, 2024. Is é cuspóir an bheartais ná fiontair shóisialta láidre éifeachtacha a chur chun cinn agus a chothú in Éirinn chun leas sóisialta, timpeallachta agus eacnamaíoch na ndaoine atá ina gcónaí inár bpobail a shaibhriú.

Glacadh cur chuige comhpháirtíochta i leith fhorbairt an bheartais seo, le rannpháirtíocht leanúnach agus comhairliúchán leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir mar phríomhphrionsabail le linn a phróisis forbartha. Tharla comhairliúchán poiblí oscailte náisiúnta mar chuid de seo.

Sonraítear cúig phríomhchuspóir sa pholasaí:

  1. Feasacht a Chothú ar Fhiontraíocht Shóisialta,
  2. Fiontraíocht Shóisialta a Fhorbairt agus a Chothú,
  3. Tacú leis an Aistriú Ghlas,
  4. Rannpháirtíocht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta,
  5. Tionchar a Thomhas.

Comhdháil Náisiúnta Fiontraíochta Sóisialta 2025

Gealladh in ‘Trádáil ar mhaithe le Tionchar: An Beartas Náisiúnta um Fhiontraíocht Shóisialta 2024-2027’ go reáchtálfaí Comhdháil Fiontraíochta Sóisialta bliantúil chun gur féidir le geallsealbhóirí dea-chleachtas a roinnt agus eolas a dhéanamh do chur i bhfeidhm beartas, agus ar mhaithe le forbairt beartas fiontraíochta sóisialta amach anseo. Rinne cuibhreannas grúpaí ionadaíocha um fhiontraíocht shóisialta, lena n-áirítear Social Enterprise Republic of Ireland (SERI), an Irish Social Enterprise Network (ISEN), Líonra na gCuideachtaí Forbartha Áitiúla (LCFÁ) agus The Wheel, an chomhdháil a riar agus a eagrú thar ceann RFTPG.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat