Óstálann an tAire Stáit Jerry Buttimer Comhairliúchán le Páirtithe Leasmhara maidir le forbairt straitéise nua chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach
- Foilsithe: 23 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 23 Iúil 2025
Inniu, an 23 Iúil, d'óstáil an tAire Stáit atá freagrach as Forbairt Phobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer T.D., imeacht comhairliúcháin le páirtithe leasmhara i dTulach Mhór i gcomhair eagraíochtaí ar fud na hearnála pobail agus deonaí chun cur le forbairt straitéise nua chun tacú leis an earnáil.
Reáchtáladh an t-imeacht seo tar éis fógra a rinne an tAire Buttimer ní ba luaithe an mhí seo faoi chomhairliúchán poiblí maidir le forbairt straitéise uile-rialtais nua mar chomharba ar an straitéis reatha: Pobail Inbhuanaithe, Chuimsitheacha agus Chumhachtaithe: Straitéis cúig bliana chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach in Éirinn 2019-2024, a síneadh go dtí 2025.
Sa straitéis nua, beifear ag iarraidh cur le struchtúir, éachtaí agus cuspóirí Phobail Inbhuanaithe, Chuimsitheacha agus Chumhachtaithe don tréimhse atá le teacht 2026 – 2030.
D’fhreastail 100 ionadaí ó eagraíochtaí forbartha áitiúla agus pobail, chomh maith le hionadaithe ó Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí agus údaráis áitiúla, ar an imeacht comhairliúcháin le páirtithe leasmhara.
Ag oscailt an imeachta comhairliúcháin, dúirt an tAire Buttimer:
"Mar Aire le freagracht speisialta as Forbairt Phobail agus Carthanachtaí, is mór an onóir domsa ceannaireacht a dhéanamh ar fhorbairt straitéise comharba a thabharfaidh sinn go tréimhse 2030. Sa straitéis seo, tógfar ar na struchtúir atá ann cheana féin, ar na cuspóirí straitéiseacha agus ar éachtaí na straitéise roimhe seo, agus comhthéacsanna, dúshláin agus tosaíochtaí nua don phobal agus don earnáil dheonach á gcur san áireamh.
“Beidh próiseas forbartha na straitéise nua fréamhaithe sa tsraith luachanna agus prionsabal comhaontaithe maidir le comhoibriú agus comhpháirtíocht leis an bpobal agus leis an earnáil dheonach ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil. Soláthraítear iontu seo bunús do gach comhairliúchán, comhoibriú agus comhpháirtíocht idir an pobal agus an earnáil dheonach agus an rialtas láir agus áitiúil.
“Forbraíodh an rannpháirtíocht agus an caidreamh agus an chomhpháirtíocht idir an Rialtas agus an pobal agus an earnáil dheonach go suntasach le roinnt blianta anuas, agus bainfear úsáid as an straitéis nua chun iad seo a neartú."
Labhair Mary Hurley, Ard-Rúnaí an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, ag an imeacht chomh maith. D’aithin sí an ról ríthábhachtach atá ag an earnáil in Éirinn agus leag sí béim ar na héachtaí iomadúla a bhain leis an straitéis roimhe seo, a seachadadh i gcomhpháirtíocht leis an earnáil phobail agus dheonach.
Beidh forbairt na straitéise nua faoi stiúir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, i gcomhar leis an nGrúpa Tras-Earnála um fhorbairt áitiúil agus phobail. Beidh an Roinn i mbun oibre leis an rialtas náisiúnta agus áitiúil agus le páirtithe leasmhara tábhachtacha ón earnáil phobail agus dheonach.
Sa straitéis nua leagfar amach cuspóirí soiléire, agus gníomhartha sonracha a chuirfear i bhfeidhm ar bhealach comhoibríoch.
Nótaí
Pobail Inbhuanaithe, Chuimsitheacha agus Chumhachtaithe: Straitéis cúig bliana chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach in Éirinn 2019-2024
Sa straitéis cúig bliana chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach in Éirinn, leagadh amach fís fhadtéarmach dár bpobail in Éirinn. Leagadh treo ginearálta amach inti do bheartas an rialtais i ndáil le forbairt phobail, forbairt áitiúil agus na hearnálacha pobail agus deonacha do na deich mbliana atá romhainn. Chuir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, comhghleacaithe an Rialtais Láir agus Áitiúil, agus na hearnálacha pobail agus deonacha an Straitéis i dtoll a chéile. Is féidir an straitéis reatha a léamh ar gov.ie