Seolann an tAire Stáit Jerry Buttimer Comhairliúchán Páirtithe Leasmhara ar fhorbairt straitéis nua chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach
- Foilsithe: 3 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 3 Iúil 2025
Inniu (Déardaoin, an 3 Iúil), d’fhógair an tAire Stáit atá freagrach as Forbairt Phobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer T.D., gur cuireadh tús le comhairliúchán páirtithe leasmhara maidir le forbairt straitéise nua Rialtais chun tacú leis an earnáil. Tabharfaidh an comhairliúchán deis d’eagraíochtaí ar fud na hearnála pobail agus deonaí cur leis an straitéis nua. Rinne an tAire an fógra agus é ar chuairt ar thionscadail phobail a fhaigheann tacaíocht ó Chomharchumann Pobail Oirthear an Chláir Teoranta.
Aithnítear leis an bhfógra straitéis nua uile-rialtais a fhorbairt an ról tábhachtach atá ag an earnáil phobail agus dheonach in Éirinn. Neartóidh sé an dul chun cinn atá déanta faoin straitéis reatha: Pobail Inbhuanaithe, Chuimsitheacha agus Chumhachtaithe: Straitéis cúig bliana chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach in Éirinn 2019-2024, a síneadh go dtí 2025.
Féachfaidh an straitéis nua le struchtúir, éachtaí agus cuspóirí Phobail Inbhuanaithe, Chuimsitheacha agus Chumhachtaithe don tréimhse atá le teacht 2026 – 2030 a fhorbairt. Beidh an próiseas forbartha féin fréamhaithe sa tsraith luachanna agus prionsabal comhaontaithe maidir le comhoibriú agus comhpháirtíocht leis an bpobal agus leis an earnáil dheonach ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil. Soláthraíonn siad seo bunús do gach comhairliúchán, comhoibriú agus comhpháirtíocht idir an pobal agus an earnáil dheonach agus an rialtas láir agus áitiúil.
Ag fógairt tús an comhairliúcháin, dúirt an tAire Buttimer:
"Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise le cúig bliana anuas, tá áthas orm a fhógairt gur iarr mé ar oifigigh i mo Roinn tosú ar fhorbairt straitéise nua chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach. Is é an comhairliúchán seo le páirtithe leasmhara an chéad chéim i bpróiseas fairsing forbartha straitéise a leanfaidh ar aghaidh ar feadh 2025. Tá an Rialtas an-eolach ar an ngá atá ann tacú leis an earnáil seo a chuireann le hÉirinn níos cothroime, ag obair i bpobail chun leanúint de shochaí níos cuimsithí, níos cumhachtaí, níos cothroime agus níos rathúla a thógáil."
“Tá torthaí suntasacha bainte amach ag an straitéis atá ann cheana féin, a seoladh in 2019, le blianta beaga anuas. Is iomchuí leanúint leis an obair luachmhar seo, agus táim ag tnúth le straitéis nua a fhéadfaidh an stát agus an pobal agus an earnáil dheonach a thabhairt le chéile arís chun oibriú i dtreo cuspóirí comhroinnte, agus na torthaí is fearr a bhaint amach do chách.
“Le roinnt blianta anuas, tá ról ríthábhachtach imeartha ag an earnáil phobail agus dheonach maidir le rannpháirtíocht shibhialta a chothú, ceartas sóisialta agus aeráide a chur chun cinn, agus seirbhísí riachtanacha a sholáthar dá baill ar fud na tíre. Ag dul ar aghaidh, tá sé ríthábhachtach go gcoinneoimid agus go dtógfaimid ar na caidrimh dhearfacha agus ar na héachtaí a bhain leis an straitéis roimhe seo agus go leanfaimid orainn ag tacú leis an earnáil trí na gníomhartha comhchoiteanna a aithneofar agus a chuirfear i bhfeidhm le linn shaolré an rialtais seo.”
Beidh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta i gceannas ar fhorbairt na straitéise nua, i gcomhar leis an nGrúpa Tras-Earnála um fhorbairt áitiúil agus pobail. Beidh an Roinn i mbun oibre leis an rialtas náisiúnta agus áitiúil agus le páirtithe leasmhara tábhachtacha ón earnáil phobail agus dheonach.
Leagfar amach sa straitéis nua cuspóirí soiléire, agus gníomhartha sonracha le cur i bhfeidhm ar bhealach comhoibríoch.
Tá an comhairliúchán ar líne le páirtithe leasmhara ar fáil anseo agus beidh sé oscailte go dtí deireadh gnó Dé hAoine, 15 Lúnasa 2025. Déileálfar faoi rún le gach freagra a fhaightear.
Nótaí don eagarthóir:
Pobail Inbhuanaithe, Chuimsitheacha agus Chumhachtaithe: Straitéis cúig bliana chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach in Éirinn 2019-2024
Sa straitéis cúig bliana chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach in Éirinn leagadh amach fís fhadtéarmach dár bpobail in Éirinn. Leagadh amach inti treo ginearálta taistil do bheartas an rialtais i ndáil le forbairt phobail, forbairt áitiúil agus na hearnálacha pobail agus deonacha don deich mbliana atá romhainn. Chuir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus comhghleacaithe na Gaeltachta, an Rialtais Láir agus Áitiúil an Straitéis, agus na hearnálacha pobail agus deonacha an straitéis i dtoll a chéile. Tá an straitéis reatha ar fáil ar gov.ie