Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An 4ú Fóram Saoránach Náisiúnta i Halla na Mílaoise, Corcaigh, oscailte ag an Aire Stáit Jerry Buttimer TD

  • Ba ardán é an t-imeacht do thionscadail chomhoibríocha idir an Stát agus an earnáil phobail faoi théama an “Ionchuimsithe Shóisialta”
  • Tá mar aidhm leis an Fhóram Saoránach borradh a chur faoi chur chuige machnamhach rannpháirtíoch i leith ceapadh beartais phoiblí, ar leibhéal náisiúnta agus áitiúil
  • D’fhreastail breis agus 100 toscaire ó earnálacha pobail, deonach agus stáit ar an imeacht lae ag Halla na Mílaoise, Corcaigh

Inniu (Dé hAoine, 14 Samhain 2025) d’oscail an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Jerry Buttimer TD, an ceathrú Fóram Saoránach Náisiúnta bliantúil i gcomhair plé idir an stát agus an earnáil phobail agus dheonach ag Halla na Mílaoise i gCathair Chorcaí.

Bhí breis agus 100 toscaire ó na hearnálacha pobail agus deonach, rialtais áitiúil agus stáit i láthair ag an Fhóram. Léiríodh eiseamláirí den chomhar idir an stát agus an earnáil phobail chun tionscadail a bhaineann le hionchuimsiú sóisialta a dhearadh agus comhoibriú a dhéanamh ina leith, agus chun athruithe dearfacha a thabhairt i gcrích do dhaoine aonair agus do phobail.

Bhí deiseanna ann dóibh siúd a d’fhreastail ar an Fhóram Saoránach páirt a ghlacadh i gcomhphléite faoi na taispeántais a tugadh, agus fuarthas tuairiscí ó na geallsealbhóirí ábhartha.

Reáchtáladh an ceathrú Fóram Saoránach Náisiúnta i Halla na Mílaoise de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí, agus is é seo an chéad uair a reáchtáladh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath é i ndiaidh imeachtaí rathúla i Staid Aviva in 2022 agus 2023, agus i gCaisleán Bhaile Átha Cliath in 2024.

Aithníodh le téama Fhóram Saoránach na bliana seo go bhfuil an t-ionchuimsiú sóisialta ar cheann de na luachanna i ‘Luachanna agus Prionsabail le haghaidh Obair Chomhoibrithe agus Comhpháirtíochta leis an Earnáil Phobail agus Dheonach’ ar ghlac an Rialtais leo in 2023. Pléadh san fhóram conas ar féidir leis an stát agus an earnáil phobail agus dheonach borradh breise a chur faoi chur chuige machnamhach agus rannpháirtíoch i leith ceapadh beartais phoiblí, ar leibhéil náisiúnta agus áitiúil.

Ag labhairt le toscairí dó agus é ag oscailt an Fhóraim go hoifigiúil, leag an tAire Buttimer béim ar thábhacht an imeachta, agus dúirt sé:

“Is cúis áthais dom raon leathan daoine a fheiceáil i láthair anseo inniu ón earnáil phobail agus dheonach agus ón rialtas áitiúil agus lárnach. Deiseanna iontacha iad imeachtaí cosúil leis seo chun sinne a thabhairt le chéile, ár n-eispéiris a roinnt, agus plé a dhéanamh faoi conas oibriú le chéile chun torthaí dearfacha a thabhairt i gcrích ar son ár bpobal.”

Lean an tAire Buttimer ar aghaidh:

“Tagann na taispeántais i bhFóram an lae inniu ó chláir éagsúla éifeachtacha um ionchuimsiú sóisialta ó fud fad na tíre, a forbraíodh agus atá á gcur i bhfeidhm trí chomhar idir comhlachtaí stáit agus an Earnáil Phobail agus Dheonach.

“Forbraíodh an Fóram Saoránach mar chuid de straitéis an Rialtais chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach in Éirinn, chun rannpháirtíocht agus comhar a spreagadh idir an Rialtas, áitiúil agus náisiúnta, agus an earnáil phobail agus dheonach ar mhaithe le riachtanais pobal a shásamh ar bhealach níos fearr.

“In éineacht le Luachanna agus Prionsabail le haghaidh Obair Chomhoibrithe agus Comhpháirtíocht leis an Earnáil Phobail agus Dheonach, a forbraíodh mar chuid den straitéis seo, tá creat comhair againn, agus táim ag súil leis na heispéiris agus smaointe comhroinnte a chloisteáil i rith an lae inniu.”

Chuir an tAire Buttimer deireadh lena chaint leis an mhéid seo:

“Is cúis áthais dom an 4ú Fóram Saoránach Bliantúil seo a óstáil, agus táim sásta le deimhniú go bhfuil mo Roinn i mbun forbartha, i gcomhair leis an earnáil phobail agus dheonach, ar straitéis nua a thiocfaidh i gcomharbas uirthi seo, chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach in Éirinn, agus a fhoilseofar go luath in 2026. Is í an sprioc a bheidh againn ná breis feabhas a chur ar chomhar agus comhpháirtíocht agus muid ag obair faoin straitéis nua.”

Tá an Fóram Saoránach seo mar chuid de réimse beartas a bhfuil an roinn ag tabhairt fúthu chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach, agus chun pobail bhríomhara inbhuanaithe a chumasú ar fud na hÉireann.

Nótaí don Eagarthóir

An Fóram Saoránach Náisiúnta

Tá an t-imeacht seo, arna óstáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, ag comhlíonadh cuspóirí faoi Phobail Inbhuanaithe, Uilechuimsitheacha agus Chumhachtaithe: an straitéis chúig bliana chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach in Éirinn.

Chuaigh an Roinn i gcomhar le hionadaithe ón earnáil phobail agus dheonach agus an t-imeacht seo á dhearadh acu.

Chuir ranna rialtais, eagraíochtaí neamhrialtais agus údaráis áitiúla le clár oibre an imeachta, inar léiríodh samplaí de luachanna agus prionsabail um chomhar agus comhpháirtíocht a bheith á gcur i bhfeidhm go praiticiúil. Beidh seisiúin chomhphlé ann freisin, ina mbeidh deis labhartha ag cách.

Tá an t-imeacht seo mar chuid de phróiseas níos leithne chun tacú le cur chuige machnamhach rannpháirtíoch i leith ceapadh beartais agus socrú cláir. Níl i gceist leis teacht in ionad aon fhóram nó plé atá ann cheana, ach breis luach agus doimhne a chur le pléite atá ag tarlú cheana.

Pobail Inbhuanaithe, Uilechuimsitheacha agus Chumhachtaithe

Is straitéis chúig bliana é seo chun tacú leis an earnáil phobail agus dheonach in Éirinn, ina leagtar amach fís fhadtéarmach i leith ár bpobal in Éirinn. Leagtar amach treoir ghinearálta don bheartas rialtais sa straitéis, mar a bhaineann sé le forbairt phobail, forbairt áitiúil agus na hearnálacha pobail agus deonach sna deich mbliana amach romhainn. Ba chomhshaothar í an Straitéis idir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, comhghleacaithe ón rialtas lárnach agus rialtas áitiúil, agus na hearnálacha pobail agus deonach.

Luachanna agus Prionsabail

Tá na Luachanna agus Prionsabail in úsáid ag an rialtas lárnach agus áitiúil, in éineacht le comhlachtaí stáit, mar bhonn lena gcaidreamh leis an earnáil phobail agus dheonach ar mhaithe leis an toradh is fearr a fháil do gach pobal.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat