€7 milliún nua faoin Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026 fógartha ag na hAirí Calleary agus Buttimer
- Foilsithe: 5 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Nollaig 2025
- Ciste €7 milliún chun tacú leis na mílte grúpaí pobail ar fud na tíre
- Clár Feabhsúcháin Áitiúil le díriú ar cheantair faoi mhíbhuntáiste
- Tacaíocht do ghrúpaí pobail mar thosaíocht do ‘Ár dTodhchaí Thuaithe’
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD, inniu (Dé hAoine, 5 Nollaig) go gcuirfear maoiniú €7 milliún ar fáil faoin Chlár Feabhsúcháin Áitiúil (CFÁ) 2026 de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Leis an mhaoiniú seo, cuirfear tacaíochtaí caipitil ar fáil atá bunriachtanach do mhórán grúpaí agus eagraíochtaí pobail beaga, go háirithe iad siúd a fhreastalaíonn ar phobail faoi mhíbhuntáiste i gceantair thuaithe agus uirbeacha.
Beidh béim ar leith ar oibreacha caipitil/feabhsúcháin bheaga, agus ar threalamh a cheannach chun úsáide poiblí. D’fhéadfadh go n-úsáidfear an maoiniú i gcomhair na nithe seo, ach gan a bheith teoranta dóibh; rochtain a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas; rannpháirtíocht phobail a fheabhsú i measc grúpaí faoi mhíbhuntáiste nó grúpaí imeallaithe, agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú in áiseanna pobail chun costais leanúnacha a laghdú.
Dearadh an scéim le cinntiú go sainaithnítear tosaíochtaí áitiúla agus go bhfreastalaítear orthu, chun áiseanna pobail a fheabhsú do chách. Beidh maoiniú ar fáil do réimse éagsúil grúpaí pobail lena n-áireofar, ach gan a bheith teoranta dóibh, ionaid phobail, hallaí paróiste, agus grúpaí deonacha áitiúla.
Dúirt an tAire Calleary:
“Inniu, in éineacht leis an Aire Buttimer, is cúis áthais dom babhta nua maoinithe de €7 milliún a fhógairt don Chlár Feabhsúcháin Áitiúil. Tacófar leis na mílte grúpaí pobail beaga bunriachtanacha ar fud na tíre leis an maoiniú seo.
“Ó rinneadh Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta díom, bhí sé de phléisiúr agam cuairt a thabhairt ar mhórán de na grúpaí pobail seo agus d’aithin mé an bheocht atá iontu. Molaim go mór na grúpaí pobail seo agus a gcoistí díograiseacha as a saorálaíochas agus as spásanna luachmhara a chur ar fáil ina ndéantar ceangail a dhaingniú agus creatlach pobal a chothabháil.
“Tacaítear le pobail áitiúla chun a dtodhchaí a mhúnlú, mar phríomhthosaíocht de bheartas forbartha tuaithe an rialtais, ‘Ár dTodhchaí Thuaithe’. Tá próiseas comhairliúcháin ar oscailt faoi láthair chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt an chéad leagan eile den bheartas seo, agus molaim do dhaoine a dtuairimí a chur in iúl faoi cad atá tábhachtach do cheantair agus muintir thuaithe na hÉireann.
“Rachaidh an maoiniú CFÁ atá á fhógairt agam inniu chun tairbhe daoine i ngach uile contae ar fud na tíre agus beifear in ann réimse leathan tionscadal pobail tábhachtach beag a thabhairt i gcrích sna ceantair ina bhfuil an gá is géire leo, trí dhaoine díograiseacha ag obair ina bpobail áitiúla.
“Molaim do gach páirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh lena gCoiste um Fhorbairt Phobail Áitiúil (LCDC) atá ag riar an chiste ina gceantar.”
Agus é ag fógairt an mhaoinithe inniu le linn a cuairte ar Pháirc Uí Chaoimh i gCorcaigh, áit a fuair cathair agus contae Chorcaí maoiniú CFÁ de bheagnach €300,000 in 2025, dúirt an tAire Buttimer:
“Is cúis áthais dom an leagan is déanaí den Chlár Feabhsúcháin Áitiúil a fhógairt, trína gcuideofar lenár ngrúpaí pobail a spriocanna a bhaint amach ó thaobh a n-áiseanna agus trealamh a fheabhsú ar mhaithe lena bpobail. Tá fíorbhród ag na grúpaí seo as a gceantair agus tá siad tiomanta do phobail athléimneacha a chothú trí sheirbhísí, acmhainní, agus áiseanna.
“Is mór an pléisiúr dom mar Aire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí a bheith in ann tacú le grúpaí pobail ar fud na hÉireann sa tsárobair atá á déanamh acu ar bhonn laethúil.
“Feicimid ón tsárobair atá déanta anseo i gCathair Chorcaí gur féidir leis an maoiniú CFÁ, arna chur ar fáil ag mo Roinn féin, fíorthacaíocht fhollasach a thabhairt do ghrúpaí in áiteanna ina bhfuil an gá is mó léi.
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin d’obair na n-údarás áitiúil a thacaíonn le pobail i rith na bliana, agus a chothaíonn timpeallachtaí ina mothaíonn daoine go bhfuil siad ag ceangal le chéile, go bhfuil tacaíocht acu, agus go bhfuil de chumas acu teacht faoi bhláth. Leanfaidh muid de bheith ag obair le chéile ionas gur féidir linn spásanna láidre bríomhara a fhorbairt do gach ball dár bpobail.”
CFÁ 2026 Leithdháileadh maoinithe de réir an limistéir Údaráis Áitiúil
|
Údarás Áitiúil |
Maoiniú á chur ar fáil |
|
Ceatharlach |
€156,072.58 |
|
An Cabhán |
€164,165.44 |
|
An Clár |
€181,061.31 |
|
Cathair Chorcaí |
€284,886.64 |
|
Contae Chorcaí |
€277,633.01 |
|
Dún na nGall |
€303,465.26 |
|
Cathair Bhaile Átha Cliath |
€656,750.42 |
|
Dún Laoghaire-Ráth an Dúin |
€203,922.40 |
|
Fine Gall |
€268,827.22 |
|
Cathair na Gaillimhe |
€141,688.31 |
|
Contae na Gaillimhe |
€213,600.85 |
|
Ciarraí |
€211,006.90 |
|
Cill Dara |
€244,335.64 |
|
Cill Chainnigh |
€170,519.37 |
|
Laois |
€173,943.19 |
|
Liatroim |
€119,043.40 |
|
Luimneach |
€278,643.81 |
|
An Longfort |
€152,826.93 |
|
Lú |
€239,207.33 |
|
Maigh Eo |
€217,741.96 |
|
An Mhí |
€222,535.73 |
|
Muineachán |
€148,262.64 |
|
Uíbh Fhailí |
€186,553.43 |
|
Ros Comáin |
€153,829.73 |
|
Sligeach |
€144,392.98 |
|
Baile Átha Cliath Theas |
€400,204.48 |
|
Tiobraid Árann |
€240,984.39 |
|
Port Láirge |
€219,286.41 |
|
An Iarmhí |
€172,338.03 |
|
Loch Garman |
€253,226.56 |
|
Cill Mhantáin |
€199,043.66 |
|
|
€7,000,000.00 |
Nótaí
Ár dTodhchaí Thuaithe
Is polasaí uile-rialtais do cheantair thuaithe na hÉireann don tréimhse 2021-2025 é Ár dTodhchaí Thuaithe. Garsprioc eile atá ann sa chur chuige i leith polasaí forbartha tuaithe in Éirinn agus is cur chuige níos straitéisí, níos uaillmhianaí agus níos iomlánaíche é i gcomhair infheistiú i gceantair thuaithe agus deiseanna iontu a uasmhéadú.
Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD comhairliúchán poiblí i mí an Mhárta 2025 chun tuilleadh eolais a dhéanamh d’fhorbairt an chéad leagan eile de Bheartas Forbartha Tuaithe na hÉireann, Ár dTodhchaí Thuaithe.
Tugadh próiseas cuimsitheach comhairliúcháin i gcrích cheana, inar bailíodh tuairimí ó gheallsealbhóirí agus pobail ó fud fad na tíre faoi na ceisteanna is tábhachtaí do cheantair thuaithe na hÉireann agus dóibh siúd atá ina gcónaí iontu.
Cuireadh tús leis an chomhairliúchán i mí an Mhárta le suirbhé ar líne, agus ina dhiaidh sin reáchtáladh sraith d’ocht n-imeacht do gheallsealbhóirí agus an pobal ar fud na tíre agus ar líne. Tharla cruinnithe déthaobhacha le geallsealbhóirí tábhachtacha, grúpaí ionadaíocha, Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí freisin.
Is féidir breathnú ar Pháipéar Comhairliúcháin Ár dTodhchaí Thuaithe 2026-2031 ar líne ar Comhairliúcháin Phoiblí: Ár dTodhchaí Tuaithe agus is féidir aighneachtaí ina leith a chur trí ríomhphost chuig rural.consultation@drcdg.gov.ie le ‘Comhairliúchán Ár dTodhchaí Thuaithe’ sa teideal.
Beidh an comhairliúchán seo ar oscailt go dtí an 12 Nollaig 2025.
An Clár Feabhsúcháin Áitiúil
Cuireann an Clár Feabhsúcháin Áitiúil (CFÁ) maoiniú ar fáil chun tacú le grúpaí pobail ar fud na hÉireann. Tá an CFÁ á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (an Roinn) agus á riar ag na Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDCanna) i ngach limistéar Údaráis Áitiúil. Tugann an Roinn maoiniú do gach limistéar Údaráis Áitiúil agus ansin déanann na LCDCanna an maoiniú seo a riar go háitiúil le cinntiú go ndírítear maoiniú go cuí chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste sna ceantair ina bhfuil an gá is mó leis.
Tá an maoiniú seo dírithe ar thacaíocht a thabhairt do phobail atá faoi mhíbhuntáiste, mar a sainaithnítear iad sa Phlean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail. Rinneadh an maoiniú a leithdháileadh trí bhunmhéid a chur ar fáil do gach Údarás Áitiúil agus an fuílleach a leithdháileadh de réir an daonra agus an leibhéil míbhuntáiste i ngach limistéar Údaráis Áitiúil. Beidh grúpaí in ann an maoiniú a úsáid chun deisiúcháin agus feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh ar a n-áiseanna, agus trealamh a cheannach ar nós táblaí agus cathaoireacha, uirlisí agus comharthaíocht, trealamh TFC agus lomairí féir.
Tá molta ag an Roinn go ndéanfadh LCDCanna 30% den mhaoiniú a imfhálú chun deontais chaipitil bheaga de €1,000 nó níos lú a chur ar fáil. Beidh tuilleadh daoine atá ar bheagán acmhainní in ann maoiniú a fháil tríd an leibhéal seo maoinithe a imfhálú. Ina theannta sin, is féidir leis an chlár seo tionscadail níos mó a mhaoiniú, ina n-iomláin nó go páirteach, chun dul i ngleic le míbhuntáiste.
Ní mór tabhairt faoi deara go ndéanann gníomhaireachtaí agus ranna eile infheistíocht i gceantair faoi mhíbhuntáiste freisin. Feidhmeoidh an CFÁ ar bhealach comhlántach chun luach a chur leis na príomhscéimeanna agus cláir eile atá á reáchtáil i bpobail.
Is féidir iarratais ar mhaoiniú a dhéanamh leis an LCDC ábhartha. Tá sonraí teagmhála do na LCDCanna ar fáil ag an tseoladh seo.