Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Calleary agus an tAire Buttimer fáilte roimh mhéadú ar mhaoiniú i gcomhair an Phlean Forbartha Náisiúnta don Fhorbairt Tuaithe agus Pobail agus don Ghaeltacht

  • Maoiniú caipitil €1.3 bhilliún chun tacú le cláir forbartha tuaithe agus pobail agus Gaeltachta ó 2026 go 2030
  • Seachadfar trí phríomhthionscadal bonneagair leis an maoiniú do phobail oileáin agus Ghaeltachta: Cé Inis Oírr, mol Gaeilge Shráid Fhearchair, agus Ionad Oideachais agus Óige Indreabháin
  • Scéim nua stíl RAPID le bunú chun tacú le pobail faoi mhíbhuntáiste ar fud na tíre
  • Méadaíodh maoiniú foriomlán ríthábhachtach chun tacaíochtaí leanúnacha a sholáthar do cheantair thuaithe, agus do phobail ar fud na tíre, lena n-áirítear ár bpobail oileáin agus Ghaeltachta

Inniu, (Déardaoin, an 11 Nollaig 2025) Déardaoin, an 11 Nollaig 2025, chuir an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, agus an tAire Stáit Jerry Buttimer TD, fáilte roimh fhoilsiú Phlean Infheistíochta Earnála na Roinne agus roimh thiomantas láidir leanúnach an Rialtais don fhorbairt tuaithe agus pobail.

Sa Phlean Forbartha Náisiúnta, cuirfear infheistíocht chaipitil €1.3 bhilliún ar fáil don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta idir 2026 agus 2030.

Thar thréimhse 5 bliana go dtí 2030, seachadfar na nithe seo a leanas leis an maoiniú caipitil dá bhforáiltear sa PFN:

  • Beidh méadú ar mhaoiniú caipitil ó €258 milliún in 2025 go €273 mhilliún i 2026. Beidh maoiniú caipitil ar fiú €255 mhilliún in aghaidh na bliana i 2029 agus 2030. Tacóidh an maoiniú seo le tionscadail agus scéimeanna caipitil ar fud chúram na Roinne.
  • Infheistíocht fheabhsaithe i mbonneagar cé dár n-oileáin amach ón gcósta, go háirithe chun cé Inis Oírr i gContae na Gaillimhe a fhorbairt.
  • Maoiniú chun mol teanga agus cultúir na Gaeilge a fhorbairt, agus infheistíocht in earnáil na Scoileanna Samhraidh Gaeilge, chun freastal ar an éileamh atá ag fás ar bhonneagar a bhaineann leis an nGaeilge. I measc na bpríomhthionscadal a chuirfear i gcrích, beidh Ionad Gaeilge nuálach ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, agus forbairt scoil samhraidh Ionad Oideachais agus Óige Indreabháin i nGaeltacht Chonamara.
  • Maoiniú chun dul chun cinn a dhéanamh ar ghealltanas Chlár an Rialtais maidir le scéim RAPID a bhunú, a chuirfidh tacaíochtaí ar fáil do na pobail is mó faoi mhíbhuntáiste ar fud na tíre.
  • Méaduithe spriocdhírithe ar mhaoiniú le haghaidh scéimeanna caipitil lárnacha na Roinne a sholáthraíonn áiseanna ríthábhachtacha do cheantair thuaithe agus do phobail ar fud na tíre.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Tá áthas orm a bheith i Loch Garman inniu chun a fheiceáil dom féin an tionchar dearfach ar phobail.atá á dhéanamh ag na hinfheistíochtaí atá déánta againn cheana.

“Cuirfidh an Plean Forbartha Náisiúnta an maoiniú riachtanach ar fáil chun cur leis na tacaí láidre a chuireann an Rialtas ar fáil cheana féin chun freastal ar ár bpobail. Tacóidh an maoiniú seo le pobail ar fud na tíre agus cuirfidh sé cumhacht bhreise leo, agus spreagfaidh sé forbairt ár gceantar Gaeltachta.

“Ligfidh an maoiniú a méadaíodh sa Phlean Forbartha Náisiúnta dúinn infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar ríthábhachtach céanna dár bpobail oileáin, ag feabhsú áiseanna do dhaoine atá ina gcónaí ar ár n-oileáin agus do thurasóirí ar cuairt. Cuirfidh sé ar chumas freisin áiseanna feabhsaithe a sholáthar chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a mhúineadh.

“Cinnteoidh seachadadh ghealltanais chlár an Rialtais, amhail athbhunú cláir de stíl RAPID atá dírithe ar ár bpobail is mó faoi mhíbhuntáiste, go mbainfidh ionaid uirbeacha i gceantair thuaithe na hÉireann leas as an leibhéal méadaithe maoinithe seo freisin, rud a dhéanfaidh difríocht dhearfach do dhaoine ar fud na tíre.”

Dúirt an tAire Stáit Buttimer, atá freagrach as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí:

“Tá áthas ar leith orm an méadú a fheiceáil ar mhaoiniú caipitil d’fhorbairt phobail a fhoráiltear sa Phlean Forbartha Náisiúnta. Cinnteoidh an maoiniú seo tacaíocht leanúnach d’infheistíocht chaipitil i mbonneagar pobail, agus cuirfidh sé ar ár gcumas Clár Rialtais a chur i gcrích.”

“Ciallaíonn sé go bhforbróimid áiseanna agus spásanna pobail nua ar féidir le gach duine a úsáid. Tá sé tábhachtach freisin go dtacaímid le tionscnaimh bheaga a bhfuil tionchar mór acu. Bíonn tionchar ollmhór ag maoiniú chun rochtain a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas, rannpháirtíocht a fheabhsú agus áiseanna atá ann cheana a uasghrádú ar an leibhéal áitiúil.”

Tá Plean Infheistíochta Earnála NDP DRCDG ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne anseo

Nótaí don Eagarthóir

Leithdháiltí Caipitil an Phlean Forbartha Náisiúnta 2026-2030

Tar éis athbhreithniú 2025 ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, comhaontaíodh na huasteorainneacha caipitil seo a leanas don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Sa Phlean Forbartha Náisiúnta, cuirfear €1.3 bhilliún san iomlán ar fáil don Roinn thar an tréimhse idir 2026 agus 2030, agus leagtar leithdháiltí bliantúla amach sa tábla thíos. Méadóidh maoiniú caipitil ó €258 milliún in 2025 go €273 mhilliún in 2026. Beidh maoiniú caipitil do 2029 agus 2030 cothrom le €255 mhilliún in aghaidh na bliana.

 

2025

2026

2027

2028

2029

2030

Leithdháileadh Iomlán PFN (€m)

259

273

273

273

255

255

Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a scéimeanna caipitil i gcrích faoi na réimsí cláir leathana seo a leanas: (i) forbairt tuaithe; (ii) forbairt pobail, agus (iii) an Ghaeltacht agus na hOileáin. Leagtar amach sa tábla thíos na leithdháiltí caipitil atá beartaithe ar fud na dtrí réimse cláir ar bhonn bliantúil idir 2026 agus 2030.

Meastachán Caipitil (€m)/Bliain

2025

2026

2027

2028

2029

2030

Forbairt Tuaithe & Gnóthaí Réigiúnacha

165.00

160.00

170.00

176.00

171.00

171.00

Forbairt Pobail

38.00

46.80

49.80

50.30

50.80

50.80

An Ghaeltacht agus na hOileáin

30.05

55.40

52.40

45.90

32.40

32.40

Uasteorainneacha Caipitil an RFTPG

235.05

263.00

273.00

273.00

255.00

255.00

Ciste Aitheantais Pobail Neamh-Lárnach

25.00

10.00

0.00

0.00

0.00

0.00

Caipitil Iomlán

259.00

273.00

273.00

273.00

255.00

255.00

Tá Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta 2025 ar fáil ar Gov.ie ag an nasc seo a leanas:

Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta 2025

Tá an Plean Infheistíochta Earnála ar fáil anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat