Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Áras Pobail Jim Lynch i Leitir Ceanainn oscailte ag an Aire Calleary ar an 25ú Meán Fómhair 2025

  • Cuireadh maoiniú de €300,000 ar fáil do Leitir Ceanainn faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobal chun síneadh ar an fhoirgneamh seo a mhaoiniú.

Ar cuairt go Leitir Ceanainn, inniu (Déardaoin, 25ú Meán Fómhair 2025) d’oscail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, Áras Pobail Jim Lynch go hoifigiúil, i ndiaidh an síneadh agus an t-athchóiriú a rinneadh air le déanaí.

Agus é ag oscailt Áras Pobail Jim Lynch, dúirt an tAire Calleary:

“Is cúis áthais dom an tsárobair go léir a rinneadh leis an maoiniú de €300,000 a chuir mo Roinn ar fáil trí Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2022 i gcomhair an síneadh ar an áis phobail seo, agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a d’oibrigh chun an obair a thabhairt i gcrích.

“An aidhm atá le Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail ná aontacht agus acmhainneacht a chothú trí thacú le pobail chun a n-áiseanna pobail a fheabhsú agus a athchóiriú, le go mbeadh siad mar lárionad do chruinnithe, d’imeachtaí sóisialta agus don phobal i gcoitinne chun dul i mbun réimse seirbhísí sóisialta, spóirt agus pobail.”

Bunaíodh Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail in 2022. Ó bunaíodh é, tá timpeall €110 milliún curtha ar fáil faoin chiste i gcomhair feabhsú agus athchóiriú ar ionaid phobail atá ann cheana, agus chun ionaid nua a thógáil in áiteanna nach raibh seirbhísí sásúla iontu.

Tá gealltanas daingean sa Chlár Rialtais le cinntiú go ndéantar buanchiste leanúnach de Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail chun ionaid phobail áitiúla a uasghrádú, a athchóiriú agus a thógáil.

Faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2022, ceadaíodh maoiniú a raibh luach de bhreis is €2.9 milliún aige do níos mó ná 55 ionad i nDún na nGall. Ceadaíodh os cionn €1.6 milliún i gcomhair níos mó ná 40 ionad i nDún na nGall faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2024, a d’fhág gurb ionann an maoiniú iomlán a cuireadh ar fáil do Dhún na nGall agus €4.6 milliún.

Dúirt an tAire Calleary:

“Leis na hoibreacha athchóirithe a rinneadh anseo i Leitir Ceanainn, beidh breis spáis ar fáil do ghrúpaí pobail, grúpaí sláinte agus grúpaí oideachais. Rachaidh na seomraí feistis chun tairbhe na gclubanna áitiúla agus is fearr a mbeifear in ann pleanáil a dhéanamh do bhainistiú imeachtaí dá mbarr.

“Rinneadh gealltanas daingean sa Chlár Rialtais le cinntiú go ndéantar buanchiste leanúnach de Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail chun ionaid phobail áitiúla a uasghrádú, a athchóiriú agus a thógáil, agus táim ag súil, in éineacht le mo chomhghleacaithe sa Rialtas, go ndéanfar é seo agus go dtabharfar na tionscadail fhaofa i gcrích sna blianta amach romhainn.”

Nótaí d’Eagarthóirí

  • Seoladh Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail (CILP) ar dtús in Aibreán 2022 chun maoiniú a chur ar fáil i gcomhair feabhsúchán agus athchóiriú ionad pobail i gceantair uirbeacha agus tuaithe araon.
  • Sa chéad bhabhta den chiste in 2022 cuireadh tacaíochtaí ar fáil a raibh luach idir €10,000 agus €300,000 acu faoi thrí chatagóir. Tríd is tríd, cuireadh €45 milliún ar fáil i gcomhair 860 tionscadal. Faoi CILP 22, leithdháileadh os cionn €2.9 milliún ar Dhún na nGall chun tacú le 56 ionad pobail a athchóiriú agus a uasghrádú.
  • In 2023, díríodh CILP ar ionaid phobail nua a thógáil, le maoiniú de €30 milliún leithdháilte ar 12 ionad pobail nua in Aibreán 2024.
  • Seoladh babhta eile de CILP in 2024, arís chun tacú le hathchóiriú a dhéanamh ar áiseanna atá ann cheana. Rinneadh 1,060 iarratas ar CILP 2024 i gcomhair athchóiriú ar ionaid atá ann cheana.
  • Ceadaíodh 405 iarratas i gcomhair maoiniú de bhreis is €7.8 milliún faoi chatagóir 1 de scéim 2024 (i.e. tionscadail le maoiniú de suas le €25,000).
  • Ceadaíodh 369 iarratas ar an 11ú Márta i gcomhair maoiniú de bheagnach €26.1 milliún faoi chatagóir 2 de scéim 2024 (i.e. tionscadail le maoiniú de suas le €100,000).
  • Faoi CILP 2024, leithdháileadh os cionn €1.6 milliún ar Dhún na nGall chun tacú le 41 ionad pobail a athchóiriú.
  • Óna bhunú in 2022 i leith, tá timpeall €110 milliún curtha ar fáil ag Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail i gcomhair ionaid phobail atá ann cheana a fheabhsú agus a athchóiriú, agus chun ionaid nua a thógáil in áiteanna nach raibh seirbhísí sásúla ar fáil iontu.
  • Tá gealltanas daingean sa Chlár Rialtais le cinntiú go ndéantar buanchiste leanúnach de Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail chun ionaid phobail áitiúla a uasghrádú, a athchóiriú agus a thógáil.
  • Déanfar cinneadh maidir le cathain a seolfar babhtaí eile agus maidir leis na bearta a bheith san áireamh iontu, ag féachaint do bhainistiú na ngealltanas leanúnach faoin scéim agus don phróiseas bhliantúil bhuiséadach.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat