Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Polasaí Náisiúnta Daonchairdis: €944,584 i gcomhair Tionscadail Phíolótacha Daonchairdis Áitbhunaithe fógartha ag an Aire Jerry Buttimer

  • Cuspóir tábhachtach den Pholasaí Náisiúnta Daonchairdis 2024-2028
  • Tionscadail áitbhunaithe atá i gceist, a ligeann do dhaonchairde an comhar a íoc lena bpobail féin
  • Tugann na tionscadail eagraíochtaí pobail, an Rialtas agus maoinitheoirí daonchairdiúla le chéile chun dul i ngleic le géarfhadhbanna sóisialta
  • Tacófar leis na tionscadail le €944,584 i síntiúis dhaonchairdiúla, a fhágann gurb ionann an maoiniú iomlán agus beagnach €1.9m

D’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Phobail agus Carthanais, Jerry Buttimer, inniu (Dé Céadaoin, 6 Lúnasa 2025) na tionscadail a d’éirigh leo i ndiaidh gairm ar thionscadail phíolótacha Daonchairdis Áitbhunaithe.

Tabharfaidh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta maoiniú ilbhliantúil, de luach €944,584 ar an iomlán, do naoi dtionscadal ar fud na tíre. Tacófar leis na tionscadail phíolótacha le síntiúis dhaonchairdiúla de bheagnach €1 milliún, a fhágann go ndéanfar infheistiú iomlán de bheagnach €1.9 milliún i dtionscadail a bheidh faoi stiúir pobal.

Rachaidh na tionscadail i ngleic le riachtanais agus dúshláin áitiúla trí rannpháirtíocht láidir ón phobal agus comhar idir an Rialtas agus comhpháirtithe daonchairdiúla.

Gníomh tábhachtach amháin sa Pholasaí Náisiúnta Daonchairdis 2024-2028 ná go gcuirfear comhpháirtíocht trasearnála chun cinn agus go mbainfear leas as acmhainn daonchairdis chun dul i ngleic le ceisteanna tábhachtacha sóisialta.

Agus an leithdháileadh á fhógairt aige, dúirt an tAire Buttimer:

“Is cúis áthais dom maoiniú de bheagnach €1 milliún a fhógairt do na naoi dtionscadal a d’éirigh leo faoin ghairm ar thionscadail phíolótacha daonchairdis áitbhunaithe a sheol mise i mí na Bealtaine i mbliana.

“Léirítear leis an maoiniú seo tiomantas an Rialtais don Pholasaí Náisiúnta Daonchairdis atá dírithe ar bhorradh a chur faoin daonchairdeas in Éirinn agus ar thionchar s’aige a mhéadú ar mhaithe leis an bpobal.

“Is spreagadh mór é an bronnadh áitbhunaithe do dhaonchairde chun a gcomhar a íoc lena bpobail áitiúla.

“Agus in éineacht leis an maoiniú ó mo Roinn do na tionscadail seo, gheofar cómhaoiniú de bheagnach €1 milliún ó shíntiúis dhaonchairdiúla, a fhágann go dtabharfar €1.9 milliún ar an iomlán do thionscadail faoi stiúir an phobail.

“Tá mé ag súil go mór leis an tionchar a imreoidh na tionscadail seo ar a bpobail.”

Agus é ag fáiltiú roimh an fhógra, dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary:

“Is í aidhm na gairme seo ná tacú le tionscadail a dhéanann an méid seo thíos:

  • Comhthuiscint agus comhar a chur chun cinn idir lucht an daonchairdis agus an rialtas (rialtas náisiúnta agus áitiúil araon)
  • Dul i ngleic le riachtanais nó dúshláin áitiúla
  • Triail a bhaint as bealaí nuálacha cómhaoinithe chun dul i ngleic le géarcheisteanna sóisialta.

“Leis na tionscadail rathúla a fógraíodh inniu, táim cinnte go dtabharfar acmhainní le chéile ar bhealach comhoibríoch chun sochair a bpobal agus go léireofar gur féidir le comhpháirtíochtaí idir phobail, daonchairde agus rialtas áitiúil a bheith ina n-uirlisí maithe chun dul i ngleic le dúshláin áitiúla.”

Áirítear iad seo a leanas ar na tionscadail rathúla a fógraíodh inniu:

JumpAGrade, Co Chorcaí. €90,000 chun córas tacaíochta nuálach acadúil agus treorach a chur ar bun do mhic léinn ardteiste i gceantair faoi mhíbhuntáiste i gCathair Chorcaí agus Contae Chorcaí.

Citywise Fast Track Academy, Co Bhaile Átha Cliath. €90,000 chun tacú le daoine óga i gceantar faoi mhíbhuntáiste chun rochtain a fháil ar an oideachas tríú-leibhéal.

The Common Knowledge Centre, Co an Chláir. €100,000 chun clár áitbhunaithe a chur ar fáil ina ndírítear ar inbhuanaitheacht, cumasú pobal agus athchóiriú an chomhshaoil.

Clár Legal Change-Makers, Co Luimnigh. €53,584 chun pobail faoi mhíbhuntáiste i Luimneach a chumasú trí chlinicí comhairle dlíthiúla saor in aisce a chur ar fáil.

Ar deireadh, dúirt an tAire Buttimer:

“Is príomhchuspóir faoin Pholasaí Náisiúnta Daonchairdis é comhpháirtíocht idir an Rialtas agus an Earnáil. Agus muid ag glacadh gur féidir leis an daonchairdeas teacht go maith le hinfheistíochtaí rialtais agus luach s’acu a mhéadú, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt agus buíochas a ghabháil le deontóirí daonchairdiúla as a síntiúis agus a n-infheistíocht inár bpobail.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

Gairm ar Thionscadail Phíolótacha Daonchairdis Áitbhunaithe

Sheol an tAire Buttimer an Ghairm ar Thionscadail Phíolótacha Daonchairdis Áitbhunaithe i mí na Bealtaine i mbliana. Is é atá mar aidhm ag Gairm 2025 ar Thionscadail Phíolótacha Daonchairdis Áitbhunaithe ná maoiniú a chur ar fáil i gcomhair tionscadail chómhaoinithe a théann i ngleic le riachtanas nó dúshlán áitiúil, a bhfuil comhpháirtí daonchairdiúil luaite leo agus ar féidir leo rannpháirtíocht phobail, comhar trasearnála agus torthaí inbhuanaithe a léiriú.

Is é atá mar aidhm leis an ghairm seo ar thionscadail phíolótacha daonchairdis áitbhunaithe ná tacú le tionscadail:

  • A théann i ngleic le riachtanais nó dúshláin aitheanta áitiúla – sóisialta, eacnamaíoch nó comhshaoil,
  • A chothaíonn comhthuiscint agus comhar idir lucht an daonchairdis agus an rialtas (rialtas náisiúnta agus áitiúil araon), agus
  • A bhaineann triail as bealaí nuálacha cómhaoinithe chun dul i ngleic le géarcheisteanna sóisialta.

Is iad príomhchuspóirí an chláir ná:

  • Acmhainní a thabhairt le chéile ar bhealach comhoibríoch chun sochair an phobail i suíomh geografach sainaitheanta,
  • Comhpháirtíocht agus comhar idir phobail, daonchairde, rialtas áitiúil agus eagraíochtaí áitiúla a chur chun cinn, agus
  • Triail a bhaint as cur chuige cómhaoinithe chun eolas a dhéanamh do thionscnaimh amach anseo.

Fuarthas 33 iarratas ar an iomlán, agus gheobhaidh 9 dtionscadal maoiniú ó Chiste na gCuntas Díomhaoin.

Tá liosta iomlán de na tionscadail rathúla ar fáil anseo.

An Polasaí Náisiúnta Daonchairdis 2024-2028

  • Seoladh Polasaí Náisiúnta Daonchairdis na hÉireann 2024-2028 i mí na Nollag 2023.
  • Is é cuspóir an pholasaí seo ná comhthuiscint agus eolas a chothú, timpeallacht chumasaithe a chruthú agus borradh a chur faoin rannpháirtíocht le lucht an daonchairdis in Éirinn ar mhaithe leis an phobal.
  • Dírítear ar chúig phríomhchuspóir sa pholasaí:
  1. Cumarsáid agus ardú feasachta
  2. Sonraí agus taighde
  3. Daonchairdeas a spreagadh agus a dhreasú
  4. Comhpháirtíocht idir an rialtas agus an earnáil
  5. Cothú inniúlachta
  • Leagtar amach sraith 21 ghníomh sa pholasaí thar na cuspóirí seo i gcomhair forbairt an daonchairdis ar feadh na tréimhse cúig-bhliana. Déanfar athbhreithniú ar an pholasaí i ndiaidh trí bliana, lenar féidir measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn ar mhaithe lena uasdátú más gá.
  • Déanann an Grúpa um Chur Chun Feidhme agus Monatóireacht (IMG) maoirseacht ar chur chun feidhme an pholasaí. Déanann an Roinn cathaoirleacht ar an ghrúpa seo atá déanta de gheallsealbhóirí a bhfuil baint acu le saol an daonchairdis. Ina theannta sin, cuireadh cúig fhoghrúpa ar bun, de réir na gcúig phríomhchuspóir sa pholasaí.
  • Tá gach foghrúpa i ndiaidh plean oibre a fhorbairt do 2025, atá curtha le chéile in aon doiciméad amháin ina leagtar béim ar phríomhthosaíochtaí nach mór do gach foghrúpa a thabhairt i gcrích le linn saolré an pholasaí.
  • Foilsíodh an chéad nuashonrú den Pholasaí Náisiúnta Daonchairdis i Márta 2025 ina dtugtar cur síos ar an dul chun cinn a rinne gach foghrúpa le linn 2024.