Athbhreithniú um Beartas Tuaithe ar Éirinn 2026 foilsithe ag an ECFE

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Athbhreithniú um Beartas Tuaithe ar Éirinn 2026 foilsithe ag an ECFE

  • Athbhreithniú ECFE ar bheartas tuaithe chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt bheartas nua Ár dTodhchaí Thuaithe

Tá an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíoch (ECFE) i ndiaidh a céad Athbhreithniú um Beartas Tuaithe ar Éirinn a fhoilsiú.

Léirítear san athbhreithniú an cur chuige uile-rialtais ar leith atá á ghlacadh faoi bheartas Ár dTodhchaí Thuaithe de chuid na hÉireann, lena ndírítear aird mhéadaithe ar an tionchar atá á imirt ar cheantair thuaithe ag beartais agus cláir ar fud na ranna rialtais go léir, in éineacht leis an stádas shuntasach a tugadh do bheartas tuaithe le bunú na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta in 2017.

Taispeánadh in anailís an ECFE, in ainneoin go bhfuil an-acmhainn i gceantair thuaithe na hÉireann i réimsí cosúil le hearnálacha an gheilleagair ghlais, na turasóireachta agus an bhia, go bhfuil réimse dúshlán roimh cheantair thuaithe go fóill.

Agus sraith moltaí á cur ar fáil acu, díríonn an anailís ECFE ar na buntáistí a bhaineann le húsáid níos fearr a bhaint as intleacht tuaithe, le tacaíocht d’fhiontair thuaithe a leathnú agus le seachadadh seirbhísí bunriachtanacha a éascú i gceantair thuaithe.

Dúirt an tAire Calleary:

“Táim fíor-bhuíoch den ECFE as ucht a saineolas agus taithí leathan ag scrúdú beartais agus cleachtais forbartha tuaithe i measc a chuid ball.”

Tá measúnú neamhspleách fiúntach ar bheartas tuaithe na hÉireann curtha ar fáil san athbhreithniú seo, a bheidh ina chúnamh dúinn chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt ár mBeartas Forbartha Tuaithe nua – Ár dTodhchaí Thuaithe.

“Cúis áthais í domsa a thabhairt faoi deara go bhfuil aitheantas sa tuarascáil ar bhuntáistí ár gcur chuige uile-rialtais chun ár n-uaillmhianta do cheantair thuaithe na hÉireann a bhaint amach. Dár ndóigh, tá dúshláin romhainn go fóill agus muid ag iarraidh na huaillmhianta sin a bhaint amach ina n-iomlán, agus beidh an anailís mhionsonraithe a chuir an ECFE ar fáil ina cabhair dúinn ina leith seo.”

Nóta don Eagarthóir

Foilsíodh an t-athbhreithniú i ndiaidh beart cuimsitheach dhá-bhliana, inar tugadh roinnt cuairteanna misin ar Éirinn. Déanfar plé iomlán ar an athbhreithniú i gcomhthéacs na hoibre leanúnaí ar fhorbairt an bheartais nua Ár dTodhchaí Thuaithe don tréimhse 2026-2031.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat