Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ár dTodhchaí Tuaithe: Fógraíonn an tAire Calleary Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma mar an baile is slachtmhaire in Éirinn do 2025

  • Ainmníodh Cora Droma Rúisc i gCo. Liatroma mar an baile is slachtmhaire in Éirinn; bhuaigh Carraig Airt, Co. Dhún na nGall duais na Gaeltachta
  • Fógraíonn an tAire cúnamh deontais €1.5 mhiliún do bheagnach 1000 grúpa de chuid na mBailte Slachtmhara ar fud na tíre

Inniu, Dé hAoine, an 24 Deireadh Fómhair, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, gur ainmníodh Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma mar an baile is slachtmhaire in Éirinn do 2025.

Bhí 600 oibrí deonach de chuid na mBailte Slachtmhara i láthair ag searmanas bronnta duaiseanna SuperValu TidyTowns i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath agus craoladh an ócáid bheo ar líne chuig go leor eile.

I mbliana, bhí 929 baile ag iomaíocht do na duaiseanna móra le rá, rud a léiríonn an spéis mhór leanúnach náisiúnta i gcomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu, atá ar siúl ó 1958. Seo an líon is airde iontrálacha a fuarthas riamh i stair an chomórtais.

Ainmníodh Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma mar an baile is slachtmhaire in Éirinn.

Bhronn an tAire Calleary Gradam na Gaeltachta inniu ar ghrúpa Bhailte Slachtmhara Carraig Airt, Co. Dhún na nGall. Bhronn an tAire Stáit Buttimer an gradam don Duine Óg i mBailte Slachtmhara ar ghrúpa Bhailte Slachtmhara Cora Finne, Co. Chláir.

Agus an buaiteoir á fhógairt aige, dúirt an tAire Calleary:

“Comhghairdeas ó chroí le Cora Droma Rúisc agus a gcuid oibrithe deonacha Bailte Slachtmhara go léir as a bheith ainmnithe mar an baile is slachtmhaire in Éirinn do 2025.

“Is éacht iontach é seo agus nóiméad speisialta bróid do Cora Droma Rúisc agus do chontae Liatroma i gcoitinne.

“Tar éis dúinn páirt a ghlacadh sa chomórtas go seasta le 40 bliain anuas, léiríonn éacht Cora Droma Rúisc nuálaíocht, inbhuanaitheacht, spiorad pobail agus toradh na hoibre deonaí. Tá na gnéithe seo ag croílár an chomórtais.”

Ar an dara dul síos, dúirt an tAire:

“Bhí caighdeán an chomórtais thar a bheith ard i mbliana i ngach catagóir, fuarthas 929 iontráil ar an iomlán ó beagnach 1000 grúpa gníomhach ar fud na tíre.

“Déanaim comhghairdeas leis na buaiteoirí go léir sna catagóirí éagsúla inniu.

“Aithním ról ríthábhachtach na n-oibrithe deonacha ar fud na tíre a oibríonn go dian ó cheann ceann na bliana chun a chinntiú gur áiteanna bríomhara agus inbhuanaithe iad ár bpobail le maireachtáil, le hoibriú iontu agus le cuairt a thabhairt orthu.

“Is mór an spreagadh bhur bpaisean agus bhur dtiomantas agus léiríonn siad tábhacht an phobail.

“Tugann infheistíocht inár bpobail tríd an gcomórtas iontach seo luach saothair fadtéarmach do chách, mar a léiríonn na grúpaí anseo inniu.”

“Is féidir tionchar Bhailte Slachtmhara Supervalu a fheiceáil go soiléir, go háirithe maidir le cuimsiú, inbhuanaitheacht agus rannpháirtíocht phobail a chothú.”

Is é SuperValu príomhurraitheoir an chomórtais ó 1991, agus d’fhógair Luke Hanlon, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, na torthaí inniu in éineacht leis an Aire Calleary.

I measc roinnt de na buaiteoirí móra eile ar an lá bhí:

  • Ros Ó gCairbre, Co. Chorcaí, an Sráidbhaile is Slachtmhaire in Éirinn.
  • Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma, an Baile Beag is Slachtmhaire in Éirinn.
  • Deilginis, Co. Átha Cliath, an Baile Mór is Slachtmhaire in Éirinn.
  • Trá Lí, Co. Chiarraí, an tIonad Uirbeach Mór is Slachtmhaire in Éirinn.

Ar an tríú dul síos, ghabh an tAire buíochas le SuperValu, urraitheoir an chomórtais:

“Tá an comórtas á urrú ag SuperValu le breis agus 30 bliain agus leanann siad orthu ag tacú leis an inbhuanaitheacht trína líonra tacaíochta miondíoltóirí ar fud na tíre. D’oibrigh an fhoireann go dlúth le mo Roinnse chun a chinntiú go leanann an comórtas seo ag déanamh go maith. Tá go leor dár ngrúpaí tar éis iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas le breis agus 50 bliain – rud a léiríonn díograis dá bpobail.”

Dúirt Luke Hanlon, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, i ndiaidh an tsearmanais bronnta:

“Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a ghabháil le Cora Droma Rúisc as a n-ainmniúchán mar an Baile is Slachtmhaire in Éirinn 2025. Tá an sár-éacht seo ina léiriú ar dhíograis agus tiomantas an choiste agus na saorálaithe. Ní amháin gur aitheantas é an gradam seo ar obair chrua, ach is eiseamláir é ar cad is féidir le pobail a bhaint amach nuair a thagann siad le chéile agus cuspóir coitianta acu chun áiteanna cónaithe, oibre agus súgartha níos fearr a dhéanamh dá mbailte agus sráidbhailte.

“Faigheann SuperValu, arb é an gréasán miondíola is mó in Éirinn é, faigheann sé spreagadh ón fhíorbhród agus dúthracht arna léiriú ag breis agus 30,000 saorálaí thar 929 gcoiste, a bhfuil os cionn milliún uair a’ chloig caite acu ag obair ar son a bpobal i mbliana. Is ardú croí é go bhfuil 70% de na grúpaí ar an bhfód le deich mbliana anuas ar a laghad, rud a léiríonn leanúnachas suntasach sa tiomantas agus sa rannpháirtíocht chathartha. Anuas air sin, tá réimse leathan deonaithe fós á mealladh chun an tionscnaimh, le 25% acu d’aois idir 14 agus 45, agus 11% acu ina mic léinn. Is leor tiomantas na saorálaithe agus ár miondíoltóirí neamhspleácha, a dhéanann obair as cuimse ar son a gceantair áitiúla, mar fhianaise gur féidir le gníomh áitiúil fíorathrú marthanach a dhéanamh, chun ár sráideanna a athrú ó bhonn agus chun an bhithéagsúlacht a chosaint.”

Lean Luke Hanlon, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, ar aghaidh:

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin do thacaíocht leanúnach na Roinne, a bhfuil comhar agus díograis s’acu mar chuid lárnach de rath an chláir seo. Tá muidne in SuperValu an-bhródúil ar fad as Comórtas na mBailte Slachtmhara a chur chun cinn, agus táimid ag súil lena bheith ag obair i gcomhar leis an Roinn agus le coistí áitiúla go ceann na mblianta. Sibh go léir a d’oibrigh i mbliana, go raibh maith agaibh as bhur sár-iarrachtaí, is sibhse an spreagadh taobh thiar den tionscnamh seo.”

D’fhógair an tAire Calleary leithdháileadh speisialta mhaoiniú €1.5 mhilliún freisin chun tacú le hobair ghrúpaí Bailte Slachtmhara ina n-iarrachtaí leanúnacha chun a mbailte agus a sráidbhailte a dhéanamh ina n-áiteanna níos fearr le maireachtáil, le hoibriú iontu agus le cuairt a thabhairt orthu.

Ó 2017 i leith, chuir an Roinn maoiniú níos mó ná €12 mhilliún ar fáil chun tacú le gníomhaíochtaí na ngrúpaí seo.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“Tá an bhéim shuntasach ar thionscnaimh inbhuanaitheachta agus bithéagsúlachta thar a bheith tábhachtach dúinn uile. Cabhróidh an maoiniú ó mo Roinnse le grúpaí leanúint lena n-iarrachtaí inspioráideacha chun a bpobail agus an timpeallacht áitiúil a athrú.”

Tá an comórtas á riaradh ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, agus tá sé á urrú ag SuperValu ó 1991 i leith.

Tá sonraí iomlána faoi bhuaiteoirí na bliana seo ar fáil ar www.tidytowns.ie agus ag www.supervalu.ie

Nótaí don eagarthóir:

  • Leithdháileadh speisialta mhaoiniú €1.5 mhilliún – bainfidh thart ar 900 grúpa Bailte Slachtmhara leas as maoiniú €1.5 mhilliún. Beidh gach grúpa a ghlac páirt sa chomórtas in 2023, 2024 nó 2025 incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar dheontas idir €1,000 agus €4,000. Déanfaidh Pobal, a bheidh ag riaradh an deontais thar ceann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, teagmháil le gach grúpa incháilithe in am trátha. Tá liosta de ghrúpaí na mBailte Slachtmhara a gheobhaidh an maoiniú ar fáil ar shuíomh gréasáin an RFTPG www.gov.ie/drcdg agus ar shuíomh gréasáin na mBailte Slachtmhara www.tidytowns.ie
  • Is é Ár dTodhchaí Tuaithe an polasaí uile-rialtais do cheantair thuaithe na hÉireann do thréimhse 2022-2025. Tá cuspóirí an bheartais á mbaint amach trí bhreis is 150 gealltanas a sheachadadh atá le cur i bhfeidhm ar fud raon ranna agus gníomhaireachtaí rialtais. Tá inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil i gcroílár Ár dTodhchaí Tuaithe.
  • Tá 33 ghníomh uathúil i mBeartas Lár an Bhaile a thabharfaidh na huirlisí agus na hacmhainní atá de dhíth ar ár mbailte chun a bheith ina n-áiteanna níos inmharthana agus níos tarraingtí le maireachtáil, oibriú, gnó a reáchtáil iontu agus cuairt a thabhairt orthu. Tá Oifigigh Athnuachana Baile i ngach limistéar Údaráis Áitiúil ábhartha á maoiniú ag an RFTPG chun Lár an Bhaile a thiomáint chun cinn ar leibhéal áitiúil.
  1. Tá tuilleadh sonraí faoi na cláir uile a riarann an Roinn ar fáil ag www.gov.ie/drcdg

Eolas faoi SuperValu:

Freastalaíonn SuperValu ar bhreis is 2.9 milliún custaiméir gach seachtain agus tá 220 siopa acu ar fud na tíre. I dteannta a gcomhpháirtithe miondíola, fostaíonn SuperValu thart ar 16,000 comhghleacaí, rud a fhágann gurb é ceann de na fostóirí earnála príobháidí is mó sa Stát é. Leanann SuperValu de bheith ag soláthar go háitiúil nuair is féidir, rud a chabhraíonn le 30,000 post a choinneáil i ngeilleagar na hÉireann. Faigheann SuperValu 100% dá gcuid feola agus éanlaithe clóis úra ó fheirmeacha a cheadaíonn Bord Bia agus ó bhreis is 1,800 soláthraí Éireannach (Taighde a rinne Sustineo – Meán Fómhair 2024).

Nótaí don Eagarthóir: Cearta Ainmnithe

Tá an comórtas á riaradh ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, agus tá sé á urrú ag SuperValu. Tugtar cearta ainmnithe do SuperValu sa chomhaontú urraíochta seo. Ba chóir aon tagairt in aon fhoirm sna meáin don chomórtas a bheith ina theideal iomlán mar;

“Comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat