Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Dul chun cinn i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach le léiriú i tuarascálacha nua-foilsithe

  • Tuarascáil an Aire ar fheidhmiú Achtanna na dTeangacha Oifigiúla idir 2022-2024 foilsithe
  • An chéad Tuarascáil ar dhul chun cinn an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge (Meitheamh 2022 go Nollaig 2023) foilsithe
  • Tráchtaireacht an Choimisinéara Teanga ar thuarascáil an Choiste Chomhairligh foilsithe

Chuir an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D., fáilte inniu, an 27 Deireadh Fómhair 2025, roimh fhoilsiú tuarascálacha éagsúla bainteach leis an mbogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach.

Is tuarascáil dá chuid féin í ceann de na tuarascálacha, le léargas tugtha inti ar an obair ar fad atá déanta faoin reachtaíocht teanga ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ag deireadh na bliana sin, le hobair leanúnach ar bun le cur i bhfeidhm iomlán agus rathúil na reachtaíochta leasaithe sin a chinntiú ó shin i leith. Tugtar spléachadh sa tuarascáil chomh maith ar na nithe atá le baint amach in 2025 freisin.

I measc buaicphointí faoin obair sin go dáta tá an fhoráil fógraíochta – foráil thar a bheith dearfach atá tar éis cur go mór le feiceálacht na teanga ar na hardáin meán uile atá in úsáid ag Ranna Stáit agus comhlachtaí poiblí. Rinneadh forbairtí ar chúrsaí Gaeilge a chuirtear ar fáil do státseirbhísigh freisin, le Teastas Eorpach na Gaeilge ag déanamh creidiúnaithe ar na cúrsaí seo anois ó 2022 ar aghaidh agus ranganna do thosaitheoirí agus ag ard-leibhéal (C1) curtha ar fáil leis. Tá Gréasán Gaeilge bunaithe anois don earnáil phoiblí chomh maith, áit a cuirtear deiseanna spraíúla agus neamh-fhoirmiúla ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus cainteoirí líofa sa chóras araon a gcuid scileanna teanga a úsáid agus a chothú. Tacaítear chomh maith le Gluaiseacht, tionscnamh feasachta atá á riar ag Conradh na Gaeilge chun aird a tharraingt ar dheiseanna fostaíochta trí Ghaeilge san earnáil phoiblí i measc daoine óga mar aon le nithe eile – le dul i bhfeidhm á dhéanamh ar bhreis is 42,500 duine óg in aghaidh na bliana leis an tionscnamh. Tugadh faoi roinnt bearta feasachta eile freisin idir seimineáir faisnéise do chomhlachtaí poiblí agus ullmhú d’fheachtas mór náisiúnta.

Ceann de na bearta is suntasaí a baineadh amach áfach ná foilsiú an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge i stair an Stáit i mí Dheireadh Fómhair 2024. Is é an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh faoin Acht chomh maith, a rinne an Plean taighde-bhunaithe seo a ullmhú.

Agus is le hobair an Choiste sin go sonrach a bhaineann an dara tuarascáil a foilsíodh inniu, le léargas tugtha inti ar an méid a bhain an Coiste amach óna lá bunaithe i lár 2022 suas go deireadh 2023, ag teacht leis an tréimhse tuairiscithe atá sonraithe san Acht. Tá ionadaíocht leathan ag leibhéal sinsearach ar an gCoiste seo ó trasna na hearnála poiblí, rud atá thar a bheith luachmhar ó thaobh straitéisí agus dúshláin éagsúla a roinnt agus a réiteach i measc nithe eile. Rinneadh Tráchtaireacht ón gCoimisinéir Teanga ar an tuarascáil chéanna a fhoilsiú taobh leis chomh maith. Tá an Coiste seo ag súil leis an gcéad Phlean Gníomhaíochta faoin bPlean Náisiúnta a fhoilsiú anois go luath.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Calleary:

Leis na tuarascálacha atá foilsithe inniu, tugtar cuntas soiléir don phobal ar an obair thábhachtach agus nuálaíoch uile atá déanta agus á déanamh ag mo Roinnse, ag an gCoiste Comhairleach agus na heagraíochtaí lena mbaineann, chomh maith leis an earnáil phoiblí níos leithne, chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a neadú isteach inár gcuid seirbhísí.

Tá moladh mór ag dul don Choiste Comhairleach as an méid oibre atá curtha i gcrích aige ó bunaíodh é - agus ullmhú an Phlean Náisiúnta mar bhuaicphointe ar ndóigh. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCoimisinéir Teanga as na léargais luachmhara a thug sé ina thráchtaireacht freisin, ar a ndéanfar machnamh agus an obair seo ag forbairt sa tréimhse amach romhainn.

Cuireann mo thuarascáil féin ar chur i bhfeidhm an Achta béim ar an méid oibre atá ar bun ó achtaíodh an t-Acht neartaithe ceithre bliana ó shin. Mar a luadh roimhe seo, le linn an ama sin tá roinnt struchtúir nua bunaithe agus caidrimh nua cothaithe trasna na hearnála poiblí – rud atá le léiriú tríd an tuarascáil. Cinnteoidh an obair seo ar fad atá déanta go bhfuil bunús láidir anois faoin éiceachóras atá muid ag iarraidh a fhorbairt faoin Acht. D’fhógair mé bunú an Ghrúpa Oibre Teicniúil faoin bPlean Náisiúnta an tseachtain seo caite mar shampla agus táim ag súil le neart fógairtí eile bainteach le hábhar a dhéanamh as seo go deireadh na bliana chomh maith.

Nótaí d'Eagarthóirí

Nasc chuig Tuarascáil an Aire ar Fheidhmiú an Achta 2022-2024 anseo (leagan dátheangach)

Nasc chuig Chéad Tuarascáil ar dhul chun cinn an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge (Meitheamh 2022 go Nollaig 2023) anseo (leagan dátheangach)

Nasc chuig Tráchtaireacht an Choimisinéara Teanga ar Thuarascáil an Choiste Chomhairligh anseo (leagan dátheangach)

Eolas ginearálta faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla anseo (GA/EN)

Fógairtí faoi dul chun cinn faoin Acht roimhe seo anseo (GA/EN)

Eolas faoin gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge anseo (GA/EN)

Eolas faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge anseo (GA/EN)

Forléargas an Choimisinéara Teanga ar Thorthaí Tosaigh Ailt 10A (an fhoráil fógraíochta) anseo (GA/EN)

Eolas faoi Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí anseo (GA/EN) agus anseo

Eolas faoi Ghluaiseacht, tionscnamh feasachta (GA/EN)

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat