Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Méadú suntasach ar Fhógraíocht i nGaeilge ag Comhlachtaí Poiblí don bhliain 2024

  • Tuairisc Oifig an Choimisinéara Teanga ar thorthaí iniúchta alt 10A (Fógraíocht ag Comhaltaí Poiblí) don bhliain 2024 foilsithe
  • Caiteachas iomlán de €19m ar fhógraíocht i nGaeilge in 2024
  • Caiteachas iomlán de €5.2m ar fhógraíocht Ghaeilge sna meáin Ghaeilge in 2024

Chuir an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D., fáilte inniu, an 31 Deireadh Fómhair 2025, roimh fhoilsiú thuairisc Oifig an Choimisinéara Teanga ar thorthaí iniúchta alt 10A (Fógraíocht ag Comhaltaí Poiblí) don bhliain 2024 ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste.

Leagann an tuarascáil seo béim ar phríomhthorthaí an iniúchta a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga, ar a ghéilliúla a bhí 397 comhlacht poiblí d’Alt 10A in 2024. Léiríonn torthaí 2024 méadú suntasach ar fhógraíocht i nGaeilge i gcomparáid le 2023, rud a léiríonn a mheáite atáthar i dtreo ár n-oidhreacht a chaomhnú agus a chur chun cinn. Chuimsigh an t-iniúchadh 98% den fhógraíocht uile a rinne comhlachtaí poiblí in Éirinn in 2024. I measc na bpríomhthorthaí tá:

  • Caiteachas iomlán de €19m ar fhógraíocht i nGaeilge in 2024. Sin méadú €4.7m ar an gcaiteachas iomlán ar fhógraíocht i nGaeilge do 2023.
  • Caitheadh €5.2m ar fhógraíocht Ghaeilge ar na meáin Ghaeilge in 2024, méadú €1.4m ó chaiteachas 2023 ar na meáin Ghaeilge.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Cuirim fáilte roimh thorthaí dearfacha Oifig an Choimisinéara Teanga a léiríonn an dul chun cinn suntasach atá á dhéanamh ag comhlachtaí poiblí maidir le béim níos mó a chur ar an nGaeilge ina gcuid fógraíochta. Ní amháin go léiríonn na torthaí géilliúlacht fhorleathan leis an Acht, ach go bhfuil an earnáil phoiblí tiomanta chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a neadú isteach ina gcuid seirbhísí.

Mar iarmhairt neamhdhíreach ar an bhforáil seo chomh maith, tá iliomad meán Gaeilge tar éis teacht chun cinn anois le roinnt blianta anuas idir meáin chlóite, ar líne agus podchraolta – rud a chuireann tuilleadh le feiceálacht na teanga.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí na gcomhlachtaí poiblí agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCoimisinéir Teanga as na léargais luachmhara a thug sé ina thuarascáil.”

Leagann Alt 10A. (Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 arna leasú, dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí cuid shuntasach dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge.

Forordaítear in Alt 10A go gcaithfidh comhlachtaí poiblí a chinntiú:

  • gur i nGaeilge a bheidh 20% ar a laghad d’aon fhógraíocht a dhéanann siad in aon bhliain, agus;
  • go ndéanfaidh siad 5% ar a laghad d’aon airgead a chaitheann siad ar fhógraíocht in aon bhliain a úsáid chun fógraíocht a chur amach i nGaeilge ar na meáin Ghaeilge.

Tagann breis is 500 comhlacht poiblí faoi raon feidhme Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 arna leasú.

Nótaí d'Eagarthóirí

Nasc chuig tuairisc ar thorthaí iniúchta alt 10A don bhliain 2024 (GA/EN)

Forléargas an Choimisinéara Teanga ar Thorthaí Tosaigh Ailt 10A 2023 (an fhoráil fógraíochta) anseo (GA/EN)

Eolas ginearálta faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla anseo (GA/EN)

Fógairtí faoi dul chun cinn faoin Acht roimhe seo anseo (GA/EN)

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat