Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Aitheantas Tugtha d’Fhiontair Shóisialta ag na chéad Ghradaim Náisiúnta Fiontar Sóisialta

  • Díríonn na Gradaim Náisiúnta Fiontar Sóisialta aird ar an dea-thionchar a imríonn fiontair shóisialta ar ár bpobail agus ardaíonn siad feasacht agus tuiscint ar fhiontraíocht shóisialta ar fud na hÉireann.
  • Ainmníodh 20 fiontar sóisialta ó fud fad na tíre in ocht gcatagóir, agus bronnadh gradam an Bhuaiteora Fhoriomláin ar Turn2Me, ar tionscnamh meabhairshláinte é trína gcuirtear comhairleoireacht ar líne ar fáil go náisiúnta.
  • Tugadh ‘Gradam Saoil’ speisialta do Senan Cooke ó Chontae Phort Láirge, duine atá fíorthiomanta d’earnáil na bhfiontar sóisialta le blianta fada anuas.

Inniu (Dé Céadaoin 15 Deireadh Fómhair) thug an tAire Jerry Buttimer TD, an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta le freagracht speisialta as Forbairt Phobail agus Carthanachtaí, an t-aitheasc oscailte ag na chéad Ghradaim Náisiúnta Fiontar Sóisialta os comhair lucht féachana a tháinig ó fud fad earnáil na bhfiontar sóisialta.

Tá na Gradaim á dtacú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta faoin Bheartas Náisiúnta Fiontar Sóisialta 2024-2027, Trádáil ar mhaithe le Tionchar, chun feasacht ar an earnáil a ardú agus í a chur os comhair an phobail.

Tharla an t-imeacht in ionad Priory Market agus Apex Theatre i dTamhlacht, Baile Átha Cliath. Ba chuibhreannas eagraíochtaí, a bhfuil baint acu le réimse na bhfiontar sóisialta, a d'eagraigh na gradaim thar ceann na Roinne. Tá na heagraíochtaí seo i mbun oibre don Roinn ar mhaithe le roinnt de ghníomhartha an Bheartais a thabhairt i gcrích: Líonra na gCuideachtaí Forbartha Áitiúla (LCFÁ), Fiontraíocht Shóisialta Phoblacht na hÉireann (FSPÉ), Líonra Fiontar Sóisialta na hÉireann (LFSÉ), agus The Wheel.

Dúirt an tAire Buttimer, agus é ag labhairt faoi na gradaim:

Tá fás ag teacht ar earnáil na bhfiontar sóisialta, agus ar an ngeilleagar sóisialta i gcoitinne. Tá borradh ag teacht freisin faoi thábhacht a róil ó thaobh freagraí dearfacha a thabhairt ar ár bhfadhbanna sóisialta agus sochaíocha. Is tábhachtach an obair a dhéanann siad fud fad na hÉireann le mórán pobal. Is léir go bhfuil siad ag dul i ngleic le cuid mhór de na príomhfhadhbanna atá ag an tsochaí, agus iad ag cur fostaíocht agus deiseanna ar fáil agus ag imirt tionchair dhearfaigh.”

Agus é ag labhairt ag na gradaim, dúirt an tAire:

Leis na Gradaim Náisiúnta Fiontar Sóisialta seo, tá ceiliúradh á dhéanamh againn ar gach fiontar sóisialta atá ag feidhmiú in Éirinn inniu. Is ambasadóirí don earnáil iad siúd atá cruinnithe anseo, a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu orthu siúd atá ag obair go gníomhach chun dul i ngleic le fadhbanna tábhachtacha ar gach leibhéal. Is mór an sásamh é eagraíochtaí a fheiceáil anseo atá ag tacú lenár bpobail agus le cúiseanna maithe le blianta anuas, agus is spreagadh é fiontair shóisialta nua atá ag teacht chun cinn a fheiceáil. Léiríonn na fiontair seo éagsúlacht agus fuinneamh na hearnála. Tá súil agam go mbeidh na gradaim seo ina spreagadh do dhaoine eile chun machnamh a dhéanamh ar a bpobail féin a chothú trí fhiontar sóisialta a thosú.”

Agus í ag labhairt ag na gradaim freisin, dúirt Máirín Ó Cuireáin, POF Líonra na gCuideachtaí Forbartha Áitiúla:

“An-éacht ar fad é a bheith ar an ngearrliosta, i bhfianaise an caighdeán ard a bhí ar na hiarratais a fuair muid. Tá a’ fhios againn faoin obair iontach atá ar siúl ag fiontair shóisialta i bpobail ar fud na tíre, agus tá a’ fhios againn nach bhfeictear cuid mhór den obair seo. Tugann na gradaim deis dúinn béim a leagan ar an obair sin – ní amháin obair na mbuaiteoirí agus na daoine eile ar an ngearrliosta, ach obair na hearnála i gcoitinne.”

Chuir an tAire Buttimer deireadh lena ráiteas leis seo, agus é ag labhairt leis na hainmnithe inniu:

Is mór an acmhainn a fheicim san earnáil seo sna blianta amach romhainn. Táim ag súil go mór lena bheith ag obair go dlúth libh, agus leis an tacaíocht a thabharfaidh mo Roinn do bhur n-obair i gcomhar leanúnach le geallsealbhóirí san earnáil, trínár mBeartas a thabhairt i gcrích.”

Liosta na gCatagóirí, na mBuaiteoirí agus na nAinmnithe Eile

Buaiteoir Foriomlán: Fiontar Sóisialta na Bliana

Buaiteoir

Turn2Me

Catagóir: Sláinte agus Folláine / Seirbhísí do Pháistí agus do Dhaoine Aosta

Buaiteoir

Turn2Me

Ainmní eile

Spraoi agus Spórt

Ainmní eile

LIFT Ireland Foundation

Catagóir: An aeráid agus an comhshaol

Buaiteoir

CycleUp Textiles le Roscommon Women's Network

Ainmní eile

Leave No Trace Ireland

Ainmní eile

Education for Sustainability CLG 

Catagóir: Áiseanna Pobail/Infreastruchtúr, na hEalaíona agus an Oidhreacht, agus Forbairt Áitiúil

Buaiteoir

Common Knowledge

Ainmní eile

Creative Spark

Ainmní eile

St. Munchins Community Centre CLG   

Catagóir: Oiliúint, Comhtháthú Oibre agus Foghlaim Fad Saoil

Buaiteoir

Connections Arts Centre

Ainmní eile

Generation Ireland

Ainmní eile

Rise at the Cove

Catagóir: Miondíol, Fáilteachas, agus Seirbhísí Gairmiúla

Buaiteoir

Duhallow Community Food Services

Ainmní eile

The Bluestack Special Needs Foundation

Ainmní eile

The Green Kitchen and Garden Shop (Faiche Bhaile Bhailcín)

Catagóir: Gnólacht Nuathionscanta   

Buaiteoir

AnamVR

Ainmní eile

HUGS Community

Ainmní eile

Beyond Surviving

Catagóir: Ceannaigh go Sóisialta       

Buaiteoir

Rise at the Cove

Ainmní eile

LIFT Ireland Foundation

Ainmní eile

Spraoi agus Spórt

Catagóir: Airgeadas Sóisialta - arna urrú go Sóisialta

Buaiteoir

CareBright CLG

Ainmní eile

EDI Centre  Longford

Ainmní eile

Rise at the Cove

Catagóir: Gradam Saoil (Aitheantas do Dhuine Amháin)

Buaiteoir

Senan Cooke

(Tá cur síos gearr ar bhuaiteoir gach catagóire le léamh sna Nótaí don Eagarthóir thíos)

Nótaí d’Eagarthóirí:

Fiontair Shóisialta

Is ionann fiontar sóisialta agus gnólacht a bhfuil mar chroíchuspóirí aici tionchar sóisialta, sochaíoch, nó comhshaoil a bhaint amach. Mar an gcéanna le gnólachtaí eile, baineann fiontair shóisialta a n-aidhmeanna amach trí thrádáil earraí agus seirbhísí ar bhonn leanúnach. Mar sin féin, déanann fiontair shóisialta cibé farasbarr a dhéanann siad a athinfheistiú, go hiomlán nó go príomha, chun na croíchuspóirí sóisialta a bhaint amach.

Oibríonn siad go minic chun tacú le grúpaí faoi mhíbhuntáiste cosúil leo siúd atá dífhostaithe go fadtéarmach, daoine faoi mhíchumas, baill an lucht siúil, srl. nó chun dul i ngleic le fadhbanna ar nós ganntanas bia, tithíocht shóisialta, nó ceisteanna comhshaoil.

Beartas Náisiúnta

Sheol an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Trádáil ar mhaithe le Tionchar i mí Iúil, 2024. Dearadh é chun earnáil fiontar sóisialta láidir éifeachtach a fhorbairt agus a chothú in Éirinn, lena saibhrítear folláine shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíoch ár bpobal.

Is mó uaillmhian atá sa bheartas nua ná mar a bhí sa chéad bheartas a seoladh in 2019, agus tá béim ann ar réimsí nua tábhachta, ar nós gníomhú ar son na haeráide agus an geilleagar ciorclach.

Sonraítear cúig phríomhchuspóir sa pholasaí:

  • Feasacht a Chothú ar Fhiontraíocht Shóisialta
  • Fiontraíocht Shóisialta a Fhorbairt agus a Chothú
  • Tacú leis an Aistriú Ghlas
  • Rannpháirtíocht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta
  • Tionchar a Thomhas

Na Gradaim Náisiúnta Fiontar Sóisialta

Tá reáchtáil Gradaim Náisiúnta Fiontar Sóisialta ar cheann de na gealltanais a rinneadh i dTrádáil ar mhaithe le Tionchar, Beartas Náisiúnta Fiontar Sóisialta 2024-2027 chun aitheantas a thabhairt don obair atá á déanamh ag fiontair shóisialta inár bpobail, chun dea-chleachtas a chomhroinnt, agus chun feasacht a chothú faoin earnáil. Is iad seo na chéad Ghradaim.

Gradaim Náisiúnta Fiontar Sóisialta 2025 - Buaiteoirí

Turn2Me (Fiontar Sóisialta na Bliana & Sláinte agus Folláine / Seirbhísí do Pháistí agus Daoine Aosta)

Is acmhainn shábháilte anaithnid rúnda d’ardchaighdeán é Turn2Me, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, lenar féidir tacaíocht ar líne a fháil do mheabhairshláinte. Cuireann siad comhairleoireacht do dhaoine fásta ar fáil in éineacht le seirbhísí piarthacaíochta do dhaoine fásta agus daoine óga ó 12 bhliana ar aghaidh. Is ardán slán saintógtha é an acmhainn ar líne ar a gcuirtear seirbhísí meabhairshláinte ar líne ar fáil in Éirinn.

CycleUp Textiles (An aeráid agus an comhshaol)

Is fiontar sóisialta é CycleUp Textiles atá lonnaithe in Áth Liag, Co. Ros Comáin, a dhíríonn ar an gheilleagar chiorclach trí tháirgí nua, cosúil le málaí agus bronntanais, a dhéanamh de theicstílí dramhaíola. Cuireann an eagraíocht, ar tionscnamh de chuid Roscommon Women's Network í, oiliúint agus uasoiliúint ar fáil do mhná imeallaithe, chun cumas s’acu a fheabhsú le scileanna nua agus deiseanna fostaíochta solúbtha. Déantar a dtáirgí lámhdhéanta go hiomlán le hábhar uaschúrsáilte agus díoltar ar líne nó ina siopa iad.

Common Knowledge (Áiseanna Pobail/Infreastruchtúr, na hEalaíona agus an Oidhreacht, agus Forbairt Áitiúil)

Is fiontar sóisialta seachbhrabúsach Éireannach é Common Knowledge i gContae an Chláir a roinneann scileanna i gcomhair saol baile níos inbhuanaithe agus níos lúcháirí. Agus é lonnaithe ar 50 acra gar do Shlí an Atlantaigh Fhiáin, cuireann an eagraíocht cúrsaí praiticiúla ar siúl i gcomhair tógála, cruthaithe, agus fáis, agus reáchtálann siad tionscadail phobail agus ionad cónaithe inbhuanaithe le lóistín. Is é misean s’acu ná cumhacht a thabhairt do dhaoine chun bailte inacmhainne inbhuanaithe sásta a chruthú.

Connections Arts Centre (Oiliúint, Comhtháthú Oibre agus Foghlaim Fad Saoil)

Is fiontar sóisialta é Connection Arts Centre i Ráth Garbh, Baile Átha Cliath a thacaíonn leis an lucht míchumais trí chláir ealaíon cruthaitheach, stíle beatha agus oideachais. Óna bhunú in 2020, tá sé ag feidhmiú de réir phrionsabail na cruthaitheachta, an Phobail agus an athraithe chun ionchuimsiú a chur chun cinn, bearnaí oideachais a líonadh agus ardán a thabhairt d’ealaíontóirí faoi mhíchumas. Cuireann siad ranganna ar fáil ar líne agus ar an láthair araon, in éineacht le siopa bronntanas ina bhfuil saothair a n-ealaíontóirí ar díol, agus cláir shaincheaptha d’eagraíochtaí eile.

Duhallow Community Food Services (Miondíol, Fáilteachas, agus Seirbhísí Gairmiúla)

Is fiontar sóisialta é Duhallow Community Food Services i gContae Chorcaí a chuireann béile, lónadóireacht agus táirgí bácáilte fóirdheonaithe ar fáil do dhaoine i gceantar Dhúiche Ealla. Cuireann sé seirbhís béilí sóisialta ríthábhachtach ar fáil, lena n-áirítear clár “béilí ar rothaí” do dhaoine atá ina n-aonar nó leochaileach, in éineacht le seirbhísí tráchtála cosúil le bialann, lónadóireacht taobh amuigh d’imeachtaí, agus bácús áitiúil.

Anam VR (Gnólacht Nuathionscanta)

Is comhlacht é AnamVR atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus a d’fhorbair ardán meabhairshláinte inar cuireadh teicneolaíocht mhóibíleach le chéile le Réaltacht Fhíorúil (RF) chun cuidiú le daoine lena n-imní a láimhseáil agus dea-fholláine a fheabhsú. Síciteiripeoir agus forbróir cluichí a chomhbhunaigh an comhlacht seo, a chuireann uirlisí fianaise-bhunaithe ar fáil cosúil le cleachtaí Teiripe Cognaíochta agus Iompraíochta (TCI), rianú meoin, agus eispéiris thumthacha suaimhnis RF, agus é mar aidhm leo tacaíocht mheabhairshláinte inrochtana spreagúil inacmhainne a chur ar fáil.

Rise at the Cove (Ceannaigh go Sóisialta)

Is caifé fiontair shóisialta é Rise at the Cove sna Clocha Liatha, Éire, a chuireann oiliúint agus fostaíocht ar fáil do dhaoine sa chlár athshlánaithe Tiglin Challenge Limited. Tá sé mar chuid de Tiglin, ar carthanas é a thacaíonn le daoine atá ag téarnamh ón andúil agus easpa dídne, agus cuirtear na fáltais go léir isteach ina obair charthanais. Is é misean an chaifé ná réidh a fháil leis an stiogma a bhaineann le handúil trí spás pobail a chur ar fáil ina mbíonn teagmháil idir dhaoine áitiúla agus úsáideoirí na seirbhíse.

Carebright CLG (Airgeadas Sóisialta)

Is fiontar sóisialta é Carebright CLG a chuireann seirbhísí cúraim baile agus pobail ar fáil do dhaoine aosta agus daoine faoi mhíchumas i Luimneach agus ar fud na Mumhan. Óna bhunú in 1998, tá an eagraíocht ina príomhsholáthraí cúraim baile, agus béim á cur acu ar chuidiú le daoine chun a bheith ina gcónaí go neamhspleách ina mbailte féin i bhfad eile agus ar chúram speisialaithe a chur ar fáil i gcomhair néaltraithe agus Alzheimer’s. Chomh maith leis sin, d’fhorbair siad an chéad phobal in Éirinn a saintógadh dóibh siúd a bhfuil néaltrú orthu.

Senan Cooke (Gradam Saoil)

Is cosantóir fiontraíochta sóisialta, fiontraí sóisialta, oibrí pobail, údar, staraí, iománaí agus fear bródúil CLG é Senan Cooke, atá ar cheann de na hinspioráidí taobh thiar d’Éiceapháirc Dhún Aill i gContae Phort Láirge. Tá sé réidh i gcónaí chun a eolas fairsing faoin fhiontraíocht shóisialta a roinnt. Tá leabhar s’aige, ‘The Enterprising Community: A Bottom Up Perspective on the Capacity Within Communities to Regenerate’ fós ar cheann de na foinsí eolais is fearr d’fhorbairt na fiontraíochta sóisialta in Éirinn.

Rinneadh cuibhreannas, ina raibh Fiontraíocht Shóisialta Phoblacht na hÉireann (FSPÉ), Líonra Fiontar Sóisialta na hÉireann (LFSÉ), Líonra na gCuideachtaí Forbartha Áitiúla (LCFÁ) agus The Wheel, a choimisiúnú chun tacú leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta chun roinnt gníomhartha i mbeartas Trádáil ar mhaithe le Tionchar a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear Gradaim Náisiúnta Fiontar Sóisialta a thabhairt i gcrích in 2025, Comhdháil Náisiúnta Fiontar Sóisialta a thabhairt i gcrích in 2024 agus 2025, sraith imeachtaí rannpháirtíochta do gheallsealbhóirí a eagrú in 2025 agus Clár Píolótach Idirbhliana a thabhairt i gcrích chun feasacht faoin fhiontraíocht shóisialta a chothú i measc scoláirí dara leibhéal.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat