Sonraí faoi €25 milliún do Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail fógartha ag an Aire Dara Calleary

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Sonraí faoi €25 milliún do Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail fógartha ag an Aire Dara Calleary

  • Beidh an ciste dírithe ar oibreacha uasghrádaithe agus feabhsúcháin ar lárionaid phobail ar fud na tíre
  • Beidh maoiniú suas le €100,000 ar fáil i gcomhair oibreacha athchóirithe
  • Réimse tacaíochtaí ann chun tacú le grúpaí pobail iarratais d’ardchaighdeán a ullmhú

Inniu, 26ú Márta 2026, d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go mbeadh ceathrú babhta maoinithe ann faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail (CILP).

Is í an bhéim a bheidh ag Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2026 – Athchóiriú ná tacú le hoibreacha uasghrádaithe agus feabhsúcháin ar lárionaid phobail ar fud na tíre. Beidh an ciste seo ag cur leis an mhéid a baineadh amach faoi CILP 2022 & 2024, faoinar cuireadh maoiniú de bhreis is €80m ar fáil i gcomhair beagnach 1,650 tionscadal athchóirithe lárionad pobail. Cuireadh breis is €30 milliún ar fáil chun 12 lárionad nua a thógáil freisin.

Agus an fógra á dhéanamh aige inniu, dúirt an tAire Calleary:

“Tá tionchar as cuimse imeartha ag Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail ar fud na tíre. Ó bunaíodh an Ciste seo, cuireadh breis is €111 milliún ar fáil chun tacú le lárionaid phobail ina róil ag croílár shaol an phobail.

“Is cúis áthais dom go bhfuilim in ann babhta eile maoinithe a sheoladh inniu faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail, le hiarratais á nglacadh ar líne ón 29ú Bealtaine. Tiocfaidh an méid seo sa bhreis ar an leibhéal ollmhór infheistíochta inár lárionaid phobail le blianta beaga anuas.

“Is féidir an scéim seo a úsáid i gcomhair réimse oibreacha athchóirithe ar nós díonta nua, uasghráduithe fuinnimh, bearta inrochtaineachta, áiseanna cistine nua, stáitsí agus soilsiú nua, deisiú bunriachtanach agus go leor eile.”

Faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2026 – Athchóiriú, cuirfear deontais ar fáil do thionscadail, ó €10,000 go huasmhéid €100,000 i leith costais chaipitil. Tá an méid seo roinnte ina dhá chatagóir mhaoinithe:

  • Catagóir 1:

Miontionscadail/feabhsúcháin ar áiseanna: €10,000 - €25,000 (maoiniú 95%)

  • Catagóir 2:

Mórthionscadail: €25,001 - €100,000 (maoiniú 90%)

Ní mór do gach iarrthóir clárú mar ‘úsáideoir’ ar an tairseach ar líne anseo sula n-osclófar an próiseas iarratais ag deireadh mhí Bealtaine. Ní bheidh ar ghrúpaí a chláraigh don chiste seo roimhe seo clárú a dhéanamh arís, ach ba cheart dóibh a sonraí a sheiceáil arís le cinntiú go bhfuil siad cruinn fós.

Moltar do ghrúpaí a n-iarratas agus a bpáipéarachas a ullmhú sula n-osclófar an próiseas iarratais ar líne ag deireadh mhí Bealtaine. Is é an dáta deiridh do na hiarratais ná an 13ú Iúil.

Beidh sraith seisiún eolais á reáchtáil ag an Roinn roimh dháta oscailte na n-iarratas chun tacú le hullmhú na n-iarratas.

Tá an t-ábhar tacaíochta ar fad d’iarrthóirí, ar a n-áirítear teimpléad na foirme iarratais, treoirlínte, doiciméad ceisteanna coitianta agus sonraí faoi na seisiúin eolais, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta anseo.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“Mholfainn do ghrúpaí a bhfuil maoiniú de dhíth orthu i gcomhair oibreacha ar a lárionad pobail, mholfainn dóibh an deis seo a thapú chun tús a chur le hullmhú a n-iarratas agus meastacháin a bhailiú i gcomhair na n-oibreacha riachtanacha. Mholfainn dóibh freisin páirt a ghlacadh sna seisiúin eolais a reáchtálfar agus breathnú ar an eolas atá ar fáil faoin scéim seo ar shuíomh gréasáin mo Roinne.

“Trí ‘Ár dTodhchaí Thuaithe’, leanann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta de bheith ag tabhairt infheistíocht agus tacaíocht do phobail ó cheann ceann na tíre chun teacht faoi bhláth agus chun a bheith ina n-áiteanna níos fearr le cónaí iontu, le hoibriú iontu agus le teaghlach a thógáil iontu.”

Nótaí don Eagarthóir

Is féidir áiseanna pobail a shainmhíniú mar fhoirgneamh atá á bhainistiú ag eagraíocht phobalbhunaithe, atá ar oscailt do réimse leathan daoine agus grúpaí ón phobal áitiúil agus atá in úsáid acu i gcomhair gníomhaíochtaí grúpa cosúil le himeachtaí sóisialta, eolas/tacaíochtaí agus fóillíochta.

Is mar seo a leanas a bhronnfar deontais faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2026 – Athchóiriú:

Catagóir 1: Miontionscadail/feabhsúcháin ar áiseanna €10,000 - €25,000.

Ní mór don iarrthóir maoiniú meaitseála a chur ar fáil arb ionann é agus 5% de bhuiséad iomlán an tionscadail ar a laghad.

Catagóir 2: Mórthionscadail €25,001 - €100,000.

Ní mór don iarrthóir maoiniú meaitseála a chur ar fáil arb ionann é agus 10% de bhuiséad iomlán an tionscadail ar a laghad.

Tá maoiniú ar fáil i gcomhair oibreacha caipitil cosúil le:

  • Costais a bhaineann le hoibreacha tógála/athchóirithe (m.sh. ábhair i gcomhair sínte, athchóirithe, nua-chóirithe, urláir, leictreachais agus pluiméireachta)
  • Costais a bhaineann le trealamh a cheannach agus a shuiteáil, nó trealamh nua a fháil, atá bunriachtanach don fhoirgneamh, m.sh. aonaid chistine, cuntair oibre, doirtil, feisteas seomra folctha srl.
  • Costais a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh an fhoirgnimh a fheabhsú.
  • Costais chíosa an trealaimh atá de dhíth ar an tionscadal m.sh. tochaltóirí, meascthóirí stroighne, srl.
  • Táillí gairmiúla cosúil le hailtirí, suirbhéirí cainníochta srl., suas le huasmhéid 12.5% de chostais iomlána an tionscadail do dhá chatagóir an deontais.
  • Costais saothair do cheardaithe cláraithe ar nós tógálaithe, plástrálaithe, maisitheoirí, pluiméirí, leictreoirí srl. atá de dhíth chun an tionscadal a chríochnú.
  • Costais cheannacháin a bhaineann le trealamh a bhfuil gá leis chun go mbeidh rath leanúnach ar an tionscadal i ndiaidh dó críochnú, m.sh. fearais chistine do thionscadal athchóirithe cistine, soilsiú feabhsaithe, córais fuaime, stáitse, cuirtíní, ardaitheoir chun rochtain níos fearr a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas, táblaí, cathaoireacha, fearas lónadóireachta, trealamh céadfach, seomraí céadfach agus táblaí púil/táblaí leadóige do limistéir óige.
  • Feabhsúcháin ar áiseanna a bhfuil gá leo chun cloí le rialacháin sábháilteachta dóiteáin agus foirgnimh m.sh. líneáil ballaí agus urlár, bealaí éalaithe, sreangú, soicéid, lasca leictreachais agus boird dáileacháin, umair gháis, múcháin dóite gáis, córais agus fearais téimh.
  • Trealamh sábháilteachta dóiteáin m.sh. doirse dóiteáin, córas aláraim dóiteáin, staighre éalaithe cosanta, aláraim toite agus aláraim CO2.
  • Oibreacha uasghrádaithe ar fhearais leictreacha, gháis agus téimh le cinntiú go bhfuil siad ag teacht le rialacháin agus caighdeáin.
  • Costais a bhaineann go díreach le rochtain a fheabhsú d’úsáideoirí faoi mhíchumas nó iad siúd le deacrachtaí soghluaisteachta.
  • Soilsiú lasmuigh chun sábháilteacht a fheabhsú díreach lasmuigh de na foirgnimh agus/nó sa láthair pháirceála, seachas tuilsoilse do chosáin nó páirceanna imeartha.
  • Stóráil sheachtrach m.sh. chun táblaí, cathaoireacha, trealamh srl. a stóráil
  • Péinteáil inmheánach/sheachtrach, lena n-áirítear taobh amuigh an fhoirgnimh, botháin stórála agus ballaí teorann.
  • Comharthaíocht lasmuigh (Ní mór aistriúchán Gaeilge a bheith ar chomharthaíocht atá crochta ar an fhoirgneamh agus/nó comharthaíocht ata scoite ón fhoirgneamh)
  • Leithris agus ceathanna laistigh den lárionad pobail.

Iarrtar ar iarrthóirí a n-eagraíochtaí a chlárú sula n-osclófar an próiseas iarratais ar an 29ú Bealtaine:

  • Is féidir le grúpaí rochtain a fháil ar an tairseach agus iad féin a chlárú láithreach. Níl ar ghrúpaí a chuir isteach ar an chiste seo roimhe seo iad féin a chlárú arís, ach moltar dóibh seiceáil a dhéanamh ar a sonraí le cinntiú go bhfuil siad fós i gceart.
  • Osclófar an próiseas iarratais ag deireadh mhí Bealtaine.
  • Is é an dáta deiridh i gcomhair iarratas ná Iúil 13ú, 2026.
  • Reáchtálfar seisiúin eolais, clinicí agus imeachtaí tacaíochta ar líne in Aibreán, Bealtaine, Meitheamh agus Iúil 2026. Breathnaigh ar shuíomh gréasáin RFTPG anseo i gcomhair tuilleadh sonraí agus naisc chun clárú do na himeachtaí eolais agus clinicí iarratais atá ag teacht aníos.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat