‘Tabhair Suntas Dóibh’: Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann Poiblí á chur chun cinn ag na hAirí Calleary agus Buttimer
- Foilsithe: 22 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 22 Meán Fómhair 2025
- Lá Oscailte le reáchtáil ag leabharlanna poiblí ar fud na tíre Dé Sathairn seo, 27 Meán Fómhair
- Gach seirbhís saor in aisce: ballraíocht, iasacht, acmhainní digiteacha, agus tuilleadh
- Béim speisialta ar fháiltiú roimh dhéagóirí, aosaigh óga, daoine scothaosta, agus pobail néara-éagsúla
Tá fáilte á cur ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary TD agus ag an Aire Stáit le freagracht as Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD, roimh gach duine chun cuairt a thabhairt ar a leabharlanna áitiúla an Satharn seo, 27ú Meán Fómhair, do Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann Poiblí.
Reáchtálfar réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí i leabharlanna fud fad na tíre, idir cheardlanna cruthaitheachta agus amanna scéalaíochta, clubanna leabhar, seisiúin folláine, agus go leor eile. I mbliana, leanann an feachtas ar aghaidh faoin téama ‘Tabhair Suntas Dóibh’, faoina gcuirtear béim ar fhairsinge na seirbhísí leabharlainne atá ar fáil—tá i bhfad eile seachas leabhair ar fáil.
Dúirt an tAire Dara Calleary, agus Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann Poiblí á chur chun cinn aige:
“Tá leabharlanna dírithe ar chách, ag gach céim den tsaol. Tugann siad na scileanna dúinn chun ár mbealach a dhéanamh trí dhomhan athraitheach–idir cheardlanna um inniúlacht dhigiteach do dhaoine óga agus spásanna sóisialta do dhaoine scothaosta, agus tacaíocht do dhaoine de gach cúlra agus cumas.
“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil lenár mbaill foirne dhúthrachtacha sna leabharlanna as a ndíograis agus a n-inniúlacht. Le hos cionn 330 brainse ar fud na tíre, is áiteanna ar leith iad leabharlanna chun tacú le hionchuimsiú, foghlaim agus dea-fholláine sna pobail ar a bhfreastalaíonn siad.”
In éineacht leis sin, dúirt an tAire Buttimer:
“Oscailt doirse agus intinní atá mar aidhm le Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann Poiblí. Is moil bhríomhara iad leabharlanna ag croílár ár bpobal—áiteanna don fhoghlaim, cruthaitheacht agus ceangal.
“Cé acu más cuairteoir rialta thú nó mura bhfuil cuairt tugtha agat ar leabharlann le blianta fada, spreagaim sibh chun triail a bhaint as an méid atá ar fáil an Satharn seo. Idir acmhainní digiteacha agus spásanna céadfaí, is fíor go bhfuil rud ann do gach éinne.
“Agus ná déanaigí dearmad, tá gach seirbhís leabharlainne saor in aisce–gan táillí ballraíochta, fíneálacha nó bacainní.”
Dúirt Sonya Kavanagh, Cathaoirleach an Choiste Náisiúnta Forbartha Leabharlann:
“Is deis iontach í ár Lá Oscailte Náisiúnta do Leabharlanna Poiblí chun béim a leagan ar chumas spreagtha agus cumasaithe na leabharlann. Mar Chathaoirleach an Choiste Forbartha Leabharlann, is cúis bhróid dom go bhfuil leabharlanna ag ceann an tslua maidir le tacaíocht don chruthaitheacht, cultúr agus foghlaim fad saoil. I mbliana, tá béim ar leith á cur againn ar fháiltiú roimh bhaill nua. Tá ár ndoirse ar oscailt, tá ár bhfoirne réidh le cuidiú libh agus tá muid ar bís le fáilte a chur romhaibh.”
Tugann leabharlanna poiblí na hÉireann rochtain shaor in aisce ar bhreis is 12 milliún earra, ar a n-áirítear leabhair sárdhíola, ríomhleabhair, ríomh-chlosleabhair, nuachtáin agus irisleabhair dhigiteacha, uirlisí ceoil, agus go leor eile nach iad. Cuirtear na croísheirbhísí leabharlainne go léir ar fáil saor in aisce, gan táillí ballraíochta nó fíneálacha i gcomhair déanaí. Is féidir le baill earraí a fháil ar iasacht, a chur in áirithe, agus a thabhairt ar ais i leabharlann ar bith sa tír. Tá 330 brainse leabharlainne agus 31 leabharlann taistil ar fud na tíre. In 2024, tháinig méadú ar bhallraíocht leabharlann ón bhliain roimhe le 789,041 ball cláraithe faoi dheireadh na bliana, agus leanadh leis an bhorradh ar úsáid dhigiteach freisin.
Spreagtar do chách páirt a ghlacadh sa chomhrá náisiúnta trí úsáid a bhaint as na haischlibeanna #LibrariesOpenDay agus #TakeACloserLook.
Nótaí don Eagarthóir
Léargas ar Sheirbhís na Leabharlann Poiblí
· Is féidir le gach duine in Éirinn ballraíocht shaor in aisce a ghlacadh i leabharlann phoiblí. Glac ballraíocht ar líne nó ag leabharlann áitiúil: Conas ballraíocht a ghlacadh i do leabharlann áitiúil
· Is féidir le baill aon seirbhís leabharlainne sa tír a úsáid chun earraí a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar ais ag brainse ar bith.
· Brainsí leabharlainne: 330 (lena n-áirítear 55 bhrainse Mo Leabharlann Oscailte le huaireanta oscailte breisithe)
· Leabharlanna Taistil: 31 (an tseirbhís trasteorann san áireamh)
· Breis is 12 milliún earra le fáil ar iasacht, 23,000+ ríomhleabhar, 17,000+ ríomh-chlosleabhar, agus rochtain ar 1,320 nuachtáin agus irisleabhair ar líne
· Baill na leabharlann poiblí in 2024 – 789,041
· Wi-Fi saor in aisce, ríomhairí, spásanna staidéir agus réimse leathan eolais le tacú le daoine chun rochtain a fháil ar sheirbhísí, tacaíochtaí, agus oideachas
- Uirlisí Ceoil ar fáil i roinnt brainsí
- Saintrealamh súgartha/céadfach agus/nó seomraí céadfaí dóibh siúd leis an neamhord de chuid speictream an uathachais, nó néaltrú
- Breis is 600 cúrsa ríomhfhoghlama de leibhéil éagsúla agus le réimse leathan ábhar
- Cúrsaí ar líne in os cionn 110 teanga difriúla do chainteoirí de bhreis is 30 teanga
- Dóibh siúd ó phobail atá faoi ghannionadaíocht, tugann seirbhísí leabharlainne tacaíochtaí riachtanacha gan costas ar bith dóibh chun tacú leo agus deacrachtaí á sárú acu.
- Trí leabhair a athúsáid, tá na céadta míle ball leabharlainne ag cleachtadh freagracht comhshaoil.
Straitéis na Leabharlann Poiblí - ‘Is í an Leabharlann an Áit’
I mí Iúil, seoladh Straitéis Náisiúnta na Leabharlann Poiblí, ‘Is í an Leabharlann an Áit’ (2023–2027) arna forbairt ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobal agus Gaeltachta i gcomhar leis an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRA), Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CBCC) agus na húdaráis áitiúla. Is plean 5-bliana é don tréimhse 2023-2027 ina leagtar amach an comhthéacs straitéiseach i gcomhair tuilleadh infheistíochta in infreastruchtúr, teicneolaíocht, cláir agus seirbhísí na leabharlann.
Forbraíodh an straitéis i ndiaidh próiseas comhairliúcháin chuimsithigh, a raibh comhairliúchán poiblí mar chuid dó. Sa chomhairliúchán phoiblí, comhlíonadh 2,993 ceistneoir, reáchtáladh grúpaí fócais le breis is 300 ball foirne leabharlainne, in éineacht le grúpaí fócais le grúpaí tábhachtacha geallsealbhóirí, agus reáchtáladh agallaimh agus ceardlanna le páirtithe leasmhara tábhachtacha.
Príomhphointí Straitéis na Leabharlann Poiblí
Tá trí théama foriomlána sa straitéis – Daoine, Spásanna agus Naisc Tá 66 ghníomh straitéiseacha liostaithe faoi naoi gcuspóir straitéiseacha agus trí áisitheoir.
Áirítear iad seo ar na gníomhartha ar leith atá ar siúl:
- Leagan nua de Chlár Caipitil na Leabharlann 2023-2027
- Foirgnimh leabharlainne nua chun tacú le pleananna gníomhaithe aeráide na n-údarás áitiúil
- Méadú ar sheirbhísí for-rochtana leabharlainne cosúil le leabharlanna taistil agus seirbhísí digiteacha
- Aistriú go feithiclí leabharlainne hibrideacha, hidrigine nó leictreacha
- Borradh faoi líon na n-úsáideoirí gníomhacha leabharlainne agus na gcuairteoirí
- Scáth-chlár náisiúnta “Scileanna don tSaol” faoina gclúdaítear ceisteanna ar nós scileanna digiteacha, inniúlacht airgeadais, stíl mhaireachtála inbhuanaithe agus feasacht chomhshaoil.
- Spás oscailte do chruinnithe, staidéar agus buaileadh le cairde
- Lá Oscailte Náisiúnta nua do Leabharlanna Poiblí
- Moltaí faoi infreastruchtúr nua ar líne don rochtain ar oidhreacht chultúir agus stair áitiúil
- Clár forbartha gairmiúla a chur i bhfeidhm i gcomhar le Leabharlanna Thuaisceart Éireann
- Líonra a fhorbairt le piarthíortha Eorpacha chun dea-chleachtas a roinnt/a mhalartú
Is féidir tuilleadh eolais faoi imeachtaí áitiúla ar Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann Poiblí a fháil trí theagmháil a dhéanamh le do leabharlann áitiúil nó cuairt a thabhairt ar www.librariesireland.ie.