An chéad Imeacht Náisiúnta Feasachta ar Dhaonchairdeas óstáilte ag an Tánaiste Simon Harris agus ag an Aire Jerry Buttimer

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An chéad Imeacht Náisiúnta Feasachta ar Dhaonchairdeas óstáilte ag an Tánaiste Simon Harris agus ag an Aire Jerry Buttimer

Inniu (Déardaoin, 14 Bealtaine 2026) bhí an Tánaiste agus an tAire Airgeadais, Simon Harris, i gcuideachta an Aire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer, chun an chéad Imeacht Náisiúnta Feasachta ar Dhaonchairdeas a oscailt.

Le breis is 300 ionadaí ón rialtas náisiúnta agus áitiúil, ón earnáil daonchairdis, ón tsochaí shibhialta agus ó phobail, rinneadh plé le linn an imeachta seo san RDS faoi ról an daonchairdis i gcóras na hÉireann i gcoitinne agus faoin bhealach inar féidir tacú le nuálaíocht agus luach poiblí a chruthú trí chomhar ar fud earnálacha difriúla.

Dhírigh an t-imeacht ar an téama “Áit an Daonchairdis – Róil, Caidrimh agus Luach Poiblí”, agus leagadh amach an bealach inar féidir leis an daonchairdeas cur le córais phoiblí agus le torthaí comhroinnte sóisialta, cultúrtha agus pobail.

Tá Cumarsáid agus Ardú Feasachta ar cheann de phríomhchuspóirí an Pholasaí Náisiúnta Daonchairdis 2024-2028. Ba dheis í imeacht an lae inniu chun bronnadh daonchairdiúil a chur i láthair, trí dhea-thionchar an daonchairdis in Éirinn a thaispeáint agus oideachas, inspioráid agus spreagadh a thabhairt ag an am chéanna don Rialtas, do chorparáidí agus do bhaill an phobail, chun cultúr daonchairdis níos láidre agus níos feiceálaí a chruthú in Éirinn.

Agus é ag oscailt an imeachta, dúirt an Tánaiste Simon Harris:

“Tá imeacht Náisiúnta Daonchairdis an lae inniu ina léiriú ar an bhfíordheis atá againn chun obair le chéile le bronnadh daonchairdiúil a fhorbairt agus a neartú in Éirinn.

“Tríd an Rialtas a thabhairt le chéile le lucht an daonchairdis agus le pobail, is féidir linn borradh a chur faoin bhronnadh agus tionchar fiúntach marthanach a thabhairt i gcrích do dhaoine ar fud na tíre.”

I rith an lae, rinne cainteoirí agus rannpháirtithe plé ar ról an daonchairdis in Éirinn agus ar na deiseanna chun an comhar idir an rialtas agus an earnáil a neartú.

Thug an t-aoichainteoir, an Bhantiarna Mary Peters, léargas faoi thionchar an daonchairdis ó thaobh tacaíocht do phobail, agus taithí s’aici féin i leith athrú dearfach a spreagadh trí Iontaobhas Mary Peters. Le 50 bliain anuas, is é Iontaobhas Mary Peters an príomhcharthanas spóirt i dTuaisceart Éireann, atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do bhreis is 5,000 lúthchleasaí óga a bhfuil an cumas agus an spreagadh acu chun rath a bhaint amach ar stáitse an domhain.

Le linn an imeachta, cuireadh roinnt cás-staidéar i láthair, ar a n-áirítear The Common Knowledge Centre agus Citywise agus a gcomhpháirtithe daonchairdis faoi seach, Airtricity agus Deloitte, inar léiríodh an tionchar atá á imirt acu sa domhan agus na ceachtanna a foghlaimíodh trína bheith ag obair le chéile. Agus thug an léiriú le Music Generation sampla cumhachtach de thionchar an daonchairdis ar shaol daoine.

Briseadh an t-imeacht ina seomraí ar leithligh le linn an lae, inar pléadh Comhoibriú i gcomhair Tionchair, Daonchairdeas i gcomhair Tionchair Áitiúil agus Daonchairdeas Corparáideach ag Obair, a léirigh conas ar féidir tuilleadh luacha phoiblí a thabhairt i gcrích agus tacú le pobail trí chomhpháirtíochtaí níos láidre agus cineálacha cur chuige spriocdhírithe.

Ina ráitis deiridh, dheimhnigh an tAire Buttimer go bhfuil creat á fhorbairt chun comhoibriú níos fearr a éascú idir an Rialtas, an daonchairdeas agus an tsochaí shibhialta.

Dúirt an tAire Buttimer:

“Is codanna tábhachtacha den daonchairdeas iad comhpháirtíochtaí agus comhar. Is tábhachtach é don daonchairdeas freisin go dtagann rialtas, pobail, gnólachtaí agus daoine aonair le chéile chun difear a dhéanamh.

“Tá cor cinniúnach roimh an daonchairdeas in Éirinn. Tríd an bPolasaí Náisiúnta Daonchairdis, táimid ag oibriú chun a lánacmhainn a bhaint amach chun tacú le pobail ar fud na tíre.

“Mar chuid den Bheartas Daonchairdis, tá mo Roinn ag forbairt Creat um Chomhoibriú chun cabhrú le comhoibriú idir an Rialtas, an daonchairdeas agus an tsochaí shibhialta a dhéanamh níos éasca, níos nasctha agus níos inbhuanaithe.

“Chun tacú leis an obair seo, tá maoiniú CCD €3 mhilliún leithdháilte agam thar an dá bhliain atá romhainn chun an creat seo a thástáil i gcleachtas agus táimid ag dearadh glao maoinithe faoi láthair do thionscadail a sheolfaidh mé níos moille i mbliana.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Buttimer:

“Léirítear leis an imeacht seo go bhfuil borradh faoi fhuinneamh an daonchairdis in Éirinn agus go bhfuil fíordheis againn le cur leis an mbealach a oibríonn muid le chéile idir an Rialtas, pobail agus an earnáil daonchairdis. Trí chomhpháirtíochtaí níos láidre a chruthú, is féidir linn pobail a neartú, tacú le nuálaíocht agus breis luacha phoiblí a bhaint amach.”

Nótaí d’Eagarthóirí

An Polasaí Náisiúnta Daonchairdis 2024-2028

  • Seoladh Polasaí Náisiúnta Daonchairdis na hÉireann 2024-2028 i mí na Nollag 2023.
  • Is é cuspóir an pholasaí seo ná comhthuiscint agus eolas a chothú, timpeallacht chumasaithe a chruthú agus borradh a chur faoin rannpháirtíocht le lucht an daonchairdis in Éirinn ar mhaithe leis an phobal.
  • Dírítear ar chúig phríomhchuspóir sa pholasaí:
  1. Cumarsáid agus ardú feasachta
  2. Sonraí agus taighde
  3. Daonchairdeas a spreagadh agus a dhreasú
  4. Comhpháirtíocht idir an rialtas agus an earnáil
  5. Cothú inniúlachta
  • Leagtar amach sraith 21 ghníomh sa pholasaí thar na cuspóirí seo i gcomhair forbairt an daonchairdis ar feadh na tréimhse cúig-bhliana. Déanfar athbhreithniú ar an pholasaí i ndiaidh trí bliana, lenar féidir measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn ar mhaithe lena uasdátú más gá.
  • Déanann an Grúpa um Chur Chun Feidhme agus Monatóireacht (IMG) maoirseacht ar chur chun feidhme an pholasaí. Déanann an Roinn cathaoirleacht ar an ghrúpa seo atá déanta de gheallsealbhóirí a bhfuil baint acu le saol an daonchairdis. Ina theannta sin, cuireadh cúig fhoghrúpa ar bun, de réir na gcúig phríomhchuspóir sa pholasaí.

Imeacht Náisiúnta Feasachta ar Dhaonchairdeas

  • D’óstáil an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta an chéad Imeacht Náisiúnta Feasachta ar Dhaonchairdeas Déardaoin, an 14ú Bealtaine 2026 san RDS, Baile Átha Cliath 2.
  • Ba é téama an imeachta ná Áit an Daonchairdis – Róil, Caidrimh agus Luach Poiblí.
  • Ba é aidhm an imeachta ná borradh a chur faoi fheasacht agus tuiscint ar dhaonchairdeas in Éirinn agus an ról a d’fhéadfadh a bheith aige i dtacú le pobail agus dea-thorthaí sóisialta a bhaint amach.
  • Le guthanna ón rialtas (náisiúnta agus áitiúil araon), daonchairdeas, corparáidí, an tsochaí shibhialta agus pobail ar fad ag teacht le chéile, bhí an t-imeacht ina léiriú ar áit an daonchairdis i gcóras na hÉireann i gcoitinne agus ar conas ar féidir tacú le nuálaíocht agus luach poiblí a thabhairt i gcrích trí chomhoibriú thar earnálacha difriúla.
  • Ba iad seo a leanas príomhtheachtaireachtaí an imeachta:
    • Tá an daonchairdeas ag cur le torthaí poiblí ar fud Éireann cheana féin.
    • Is fearr don daonchairdeas nuair atá sé mar chuid de chóras níos leithne, le róil chomhlíontacha.
    • Is féidir córais phoiblí a neartú le comhpháirtíochtaí struchtúrtha trédhearcacha, le húdarás iomlán ag an Rialtas maidir le beartas agus maoiniú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat