Mol Digiteach Champas Íosagáin, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí oscailte go hoifigiúil ag an Taoiseach agus ag an Aire Calleary
- Foilsithe: 9 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 9 Aibreán 2026
- Áis úrscothach forbartha fiontraíochta, oiliúna agus taighde ar fiú €10 milliún í, le mol gTeic san áireamh, oscailte i gCo. Chorcaí
- Infheistíocht de bhreis is €3.4 milliún tríd an Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe
- Beidh an t-ionad nua ina thacaíocht don fhiontraíocht agus forbairt shóisialta sa réigiún
Inniu, d’oscail an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (RFTPG), Dara Calleary, Campas nua Íosagáin, atá suite i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí, go hoifigiúil.
Tagann oscailt na háise úrscothaí seo i nGaeltacht Mhúscraí sna sála ar thionscadal athchóirithe iomlán, faoina ndearnadh athrú ó bhonn ar shuíomh Choláiste Íosagáin, a bhí tréigthe, ina áis úrscothach forbartha fiontraíochta, oiliúna agus taighde.
Fuair an tionscadal seo, a fuair maoiniú iomlán de bheagnach €10 milliún, infheistíocht de bhreis is €3.4 milliún ón Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (CAFT) de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, breis is €3.7 milliún ó Údarás na Gaeltachta agus €2.7 milliún eile faoin Chiste um Fhorbairt Fiontraíochta Réigiúnaí de chuid Fhiontraíocht Éireann.
Tá mol digiteach agus nuálaíochta gTeic mar chuid den áis, atá dírithe ar fhorás agus nuálaíocht eacnamaíoch a chothú sa phobal áitiúil Gaeltachta agus níos faide i gcéin.
Ina theannta sin, leanfaidh Campas Íosagáin le traidisiún fada na foghlama ar an tsuíomh trí áiseanna oiliúna a chur ar fáil, lena leathnófar institiúidí tríú leibhéal isteach sa Ghaeltacht.
Agus é ag labhairt ag oscailt an Champais, dúirt an Taoiseach:
“Is cúis áthais dom a bheith anseo i gcroílár Ghaeltacht Mhúscraí chun Campas Íosagáin a oscailt go hoifigiúil. Léirítear le tionscadail nuálaíocha, amhail an ceann seo a bhfuil sé de phribhléid againn a oscailt inniu, cad is féidir a bhaint amach trí abhcóideacht agus gníomh áitiúil láidir, trí chomhpháirtithe straitéiseacha a fhorbairt agus trí infheistíocht Rialtais a chur ar fáil.
“Is léir ó mhéid na comh-infheistíochta i gCampas Íosagáin go bhfuil an-uaillmhian ag comhpháirtithe an tionscadail. Trí infheistiú i mórthionscadail uaillmhianacha straitéiseacha ar nós Champas Íosagáin, is féidir linn ár bpobail tuaithe agus Ghaeltachta a athrú ó bhonn fud fad na hÉireann.”
Agus é ag labhairt ag an oscailt freisin, dúirt an tAire Calleary:
“Le hinfheistíocht ó mo roinn, tríd an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, chuir an tionscadal seo beocht nua i bhfoirgneamh folamh tréigthe agus rinne sé áis úrscothach de, lena dtacófar le fiontraíocht agus le forbairt agus nuálaíocht eacnamaíoch.
“Seo go díreach an cineál nuálaíochta atá ar intinn agam do cheantair thuaithe na hÉireann. Obair a dhéanamh le comhpháirtithe amhail Údarás na Gaeltachta, comhlacht atá faoi choimirce mo roinn féin, agus Fiontraíocht Éireann chun tionscadail a thabhairt i gcrích mar atá molta againn i mbeartas forbartha tuaithe an Rialtais, Ár dTodhchaí Thuaithe. Mar thoradh ar an gcomhoibriú seo, tá breis is €7 milliún den mhaoiniú iomlán don tionscadal ag teacht ó bhuiséad caipitil mo roinne atá ar fáil faoin bPlean Forbartha Náisiúnta. Beidh sé seo ina chabhair chun tairbhe a bhaint as an acmhainn ollmhór atá i gceantair thuaithe na hÉireann agus, mar thoradh air sin, áiteanna cosúil le Baile Bhuirne a dhéanamh ina n-áiteanna níos fearr le cónaí, le hoibriú agus le hinfheistiú iontu. Tacóidh an infheistíocht shuntasach seo, ar ndóigh, le cur i bhfeidhm an phróisis reachtúil pleanála teanga i nGaeltacht Mhuscraí freisin.”
Agus é ag labhairt faoin oscailt freisin, dúirt an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer:
“Mar Aire Forbartha Pobail, tá feicthe agamsa a thábhachtach atá tionscadail cosúil le Campas Íosagáin chun tacú le hathghiniúint agus forbairt inbhuanaithe ár mbailte agus sráidbhailte.
“Is suntasach iad an iliomad buntáistí a bhainfidh leis an mórthionscadal seo, ní amháin do Bhaile Bhuirne agus an ceantar mórthimpeall air, ach do Chontae Chorcaí agus an réigiún máguaird.”
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:
"Táimid thar a bheith sásta go bhfuil Campas Íosagáin á oscailt ag an Taoiseach Micheál Martin inniu. Is lá stairiúil é seo don cheantar agus do Ghaeltacht Mhúscraí ar fad. Cuirfidh Campas Íosagáin dlús le cúrsaí taighde agus forbartha, ag tógáil ar bhuanna an réigiúin, i mBaile Bhuirne agus i gCorcaigh trí chéile. Beidh sé mar ardán don ré digiteach sa cheantar ag mealladh daoine le ard chaighdeán chun na Gaeltachta agus mar áis oiliúna eiseamlárach do na h-earnálacha phoiblí agus príomháideach araon."
Dúirt Jim Woulfe, Cathaoirleach le Fiontraíocht Éireann:
“Tá áthas ar Fhiontraíocht Éireann tacú le Campas Íosagáin le maoiniú €2.7 milliún tríd an gCiste um Fhorbairt Fiontraíochta Réigiúnaí, ag spreagadh fás eacnamaíoch réigiúnach agus cruthú post i nGaeltacht Mhúscraí. Neartaíonn an infheistíocht seo an bonneagar atá riachtanach d’fhiontair chun fás agus méadú a dhéanamh i Réigiún an Iardheiscirt, ag tacú le forbairt eacnamaíoch chothrom agus inbhuanaithe.”