Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann: €3.4 fógartha ag an Aire Humphreys do ghníomhaíochtaí lasmuigh

  • Tairbhe do thuairim is 189 tionscadal mar chuid d'infheistíocht i dturasóireacht taiscéalaíochta agus tuaithe
  • Maoiniú chun slacht a chur ar chonairí sléibhe, siúlóidí coille, tránna, locha, aibhneacha, gormbhealaí agus glasbhealaí na tíre
  • Béim ar thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí taiscéalaíochta amhail siúlóireacht, rothaíocht, cadhacáil, sléibhteoireacht, éanbhreathnú agus snámh lasmuigh
  • An fógra sa bhreis ar an síneadh a cuireadh le déanaí leis an 'Scéim Siúlóidí' agus ar an méadú i líon na nOifigeach Áineasa Tuaithe (RROnna)

Tá breis is €3.4 milliún i maoiniú fógartha inniu ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, chun tacú le 189 tionscadal lasmuigh ar fud na tíre.

Cuirfidh an maoiniú faoin Scéim um Bonneagar Áineasa Faoin Aer (ORIS) tuilleadh le taitneamhachtaí nádúrtha na tíre agus tacóidh le Ceantair Thuaithe na hÉireann mar cheann scríbe do thurasóireacht taiscéalaíochta.

Tá an scéim leagtha amach chun tacaíocht a thabhairt slacht a chur ar na scórtha taitneamhachtaí áineasa amhail conairí sléibhe, siúlóidí coille, tránna, aibhneacha, locha, gormbhealaí agus glasbhealaí na tíre.

Roghnaíodh tionscadail ar fud gach contae i gcomhair infheistíochta suas le €20,000 faoi Bheart a hAon den scéim, atá á sheachadadh i gcomhpháirtíocht le Fáilte Ireland.

Fógróidh an Aire Humphreys maoiniú do thionscadail níos mó faoi Bheart a Dó agus faoi Bheart a Trí sna seachtainí romhainn amach.

I measc na dtionscadal a bhfuil maoiniú á bhronnadh orthu inniu tá:

  • Sligeach – Slí Shligigh: Naisc nua conaire a chruthú feadh Shlí Shligigh ag Ceathrúnach: €20,000
  • Maigh Eo - Cumann Siúil agus Rothaíochta Bhoth Chomhla: 3 lúb siúil/rothaíochta a fhorbairt lonnaithe timpeall shráidbháile Bhoth Chomhla agus an ceantar tuaithe mórthimpeall air: €20,000
  • Ciarraí – Siúlóid Lúibe "Cullum's Cup" Dhairbhre: Siúlóid Lúibe 8km a fhorbairt ar Dhairbhre: €19,736
  • Laois – Siúlóid Cois Abhann Bhaile an Chaisleáin Uasghrádú ar an Siúlóid Cois Abhann atá i mBaile an Chaisleáin cheana. Faoin tionscadal seo cruthófar cosán sióg draíochtúil nua do leanaí a mbeidh áit phicnice, lochán lachan agus óstán na bhfeithidí mar chuid de. €20,000
  • Tiobraid Árann – Conair Chnoc Mhaoldomhnaigh: Obair uasghrádaithe ar chonair Chnoc Mhaoldomhnaigh a theann ón gCaisleán Nua chuig Béal Átha Póirín: €20,000
  • Luimneach – Conair Dhúlra Shiúlóid Cois Abhann Áth Dara: Conair Dhúlra nua a fhorbairt feadh na siúlóide abhann atá ann: €17, 100.
  • Lú - Lúb Áth an Locháinn agus Chairlinn: Uasghrádú ar an gconair shiúil i gCuaille: €18,000
  • Corcaigh – Bealach Siúil Choiscéim na Caillí: Siúlbhealach 1.1km a fhorbairt trí choill atá ann cheana agus é a cheangal leis na siúlbhealaí atá ann cheana i sráidbhaile Choiscéim na Caillí: €20,000
  • Ceatharlach - Club Cadhcála na Tulaí: Obair feabhsúcháin ar an mbealach isteach san abhainn a fheabhsóidh an t-eispéireas foriomlán cadhcála: €20,000.
  • Gaillimh – Cé Eanach Dhúin: Obair chothabhála a dhéanamh ar limistéar snámha agus baoithe tarrthála a chur ar fáil agus cothabháil a dhéanamh orthu: €20,000

Ag fógairt an mhaoinithe inniu, dúirt an tAire Humphreys:

"Feicimid anois go bhfuil leibhéal infheistíochta nach bhfacthas riamh cheana á dhéanamh i dtaitneamhachtaí lasmuigh na tíre, agus an beartas is uaillmhianaí riamh ón Rialtas maidir le Cheantair Thuaithe na hÉireann - 'Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann' - mar bhonn agus mar thaca faoi."

"Cuirfidh an maoiniú atá a fhógairt inniu agam le forbairt agus feabhas a chur ar thionscadail lasmuigh i bpobail tuaithe ar fud na tíre.

"Tabharfaimid faoi obair feabhsúcháin a dhéanamh ar chonairí sléibhe agus ar shiúlóidí coille na tíre a fhágfaidh go mbeimid ábalta áilleacht cheantair tuaithe na tíre a nochtadh.

"Faoin gciste seo cuirimid limistéir phicnice agus suíocháin ar fáil chomh maith le hobair feabhsúcháin eile chun feabhas a chur ar eispéireas teaghlaigh agus cuairteoirí araon."

Dúirt an tAire chomh maith:

"Tacóidh an infheistíocht leis an mian atá agam Ceantair Thuaithe na hÉireann a bheith ina rogha ceann scríbe do chaitheamh aimsire amuigh faoin aer agus do thurasóireacht taiscéalaíochta.

"Mar gheall go mbeidh tuilleadh cuairteoirí ag tarraingt ar bhailte agus sráidbhailte na tíre chun tairbhe a bhaint as áilleacht na gceantar sin, cuideoimid le tacaíocht níos mó a thabhairt chun geilleagar tuaithe na tíre a atógáil i ndiaidh Covid-19.

"Sna seachtainí romhainn amach, beidh an dea-thionchar ollmhór atá ag 'Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann' ar Cheantair Thuaithe na hÉireann le brath.

"Faoi Bheart a 2 agus Bheart a 3 den scéim tacófar le tionscadail ar scála i bhfad níos mó trí mhaoiniú.

"Tá sin ar fad bainteach le forbairt na Straitéise Náisiúnta Áineasa Faoin Aer a bhfuilim ag súil le hí a sheoladh sa Bhliain Nua."

Is éard a dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:

"Tá áthas orm fáilte a chur roimh fhógra mór an lae inniu a chuideoidh tírdhreach na hÉireann a athrú trí chonairí níos fearr agus uasghrádaithe a chur ar fáil chun críocha caithimh aimsire. Tá úsáid níos mó á baint ag cuairteoirí agus pobail áitiúla araon as an saol amuigh faoin aer le dhá bhliain ar mhaithe le caitheamh aimsire.

"Is í seo an ceathrú bliain a bhfuil infheistíocht déanta ag Fáilte Ireland sa Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh (ORIS), i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Cuirfidh an maoiniú faoi Bheart 1 ORIS tacaíocht thar a bheith luachmhar ar fáil chun bealaí siúil, bealaí rothaíochta, glasbhealaí, gormbhealaí agus bealaí rochtana sléibhe atá ann cheana a chothabháil agus a uasghrádú i ngach contae in Éirinn.

"Is príomhthosaíocht é clár 'Opening the Outdoors' do Fáilte Ireland agus cuidíonn cláir ar nós é a chinntiú go mbíonn cuairteoirí anseo sa bhaile agus cuairteoirí idirnáisiúnta ábalta taithí a fháil ar eispéireas caithimh aimsire inbhuanaithe de scoth an domhain amuigh faoi thír álainn sin againne."

Dúirt an tAire Humphreys chomh maith:

""Tá breis is €71 milliún leithdháilte ag mo Roinnse ón mbliain 2016 do nach mór 1,200 tionscadal tríd an Scéim um Bonneagar Áineasa Faoin Aer.

"D'fhógair mé freisin 31 conair nua faoin Scéim Siúlóide an mhí seo caite chomh maith le 8 Oifigeach Áineasa Tuaithe breise.

"Tá an infheistíocht seo ar fad ag cur go leor le tacaíocht a thabhairt do stíleanna maireachtála atá sláintiúil agus gníomhach fad a chuirtear le hacmhainn eacnamaíochta agus turasóireachta cheantair thuaithe chomh maith. Chomh maith leis sin, tá méadú 25% faighte agam faoi Bhuiséad 2022 chun tacú leis an infheistíocht leanúnach seo an bhliain seo chugainn agus níos faide ar aghaidh.

"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don tacaíocht a fuarthas ónár bpáirtithe, Fáilte Ireland, atá ag cur le maoiniú na dtionscadal a éireoidh leo faoin Scéim um Bonneagar Áineasa Faoin Aer."

Is í an infheistíocht seo an chéad fhógra atáthar a dhéanamh maidir le tionscadail ar éirigh leo faoi Scéim na bliana 2021 agus táthar ag súil go ndéanfar tuilleadh fógraí ar Bheart a 2 (scála meánmhéide), ar Bheart a 3 (scála mór) agus ar an mBeart Forbartha Tionscadail roimh dheiridh na bliana.

CRÍOCH

Nóta d'eagarthóirí:

Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann

Is é Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann an beartas uile-rialtais do cheantair thuaithe na hÉireann don tréimhse 2021-2025. Is ionann é agus cloch mhíle nua sa chur chuige i leith beartas forbartha tuaithe d'Éirinn, agus glacann sé cur chuige níos straitéisí, níos uaillmhianaí agus níos iomlánaíche i ndáil le hinfheistíocht a dhéanamh i ndeiseanna do cheantair thuaithe agus an leas is fearr a bhaint astu.

Is mar seo a leanas a chuirtear maoiniú ar fáil faoin Scéim um Bonneagar Áineasa Faoin Aer (ORIS):

• Beart 1: Deisiú/cur chun cinn agus margaíocht ar scála beag (deontas suas le €20,000 ar fáil)

• Beart 2: Uasghrádú ar scála meánmhéide agus conairí/taitneamhachtaí nua a forbairt (deontas suas le €200,000 ar fáil)

• Beart 3: Uasghrádú ar scála mór agus conairí straitéiseacha /taitneamhachtaí nua a fhorbairt (deontas suas le €500,000 ar fáil).

• Beart Forbartha Tionscadail: Costais forbartha do thionscadail straitéiseacha ar scála mór de chineál Bheart a 2 agus Bheart a 3 e.g. miondhearadh, ullmhú do phleanáil agus/nó soláthar, measúnú cuí etc. (deontas suas le €50,000 ar fáil).

Bronntar maoiniú suas le 90% de chostais iomlán an tionscadail cheadaithe agus déanfar an 10% eile a sholáthar ó fhoinsí eile.

Tacaíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail i gcomhpháirtíocht le Fáilte Ireland le gach beart faoi ORIS. Déanann Údaráis Áitiúla agus Cuideachtaí Forbartha Áitiúil iarratais tionscadal a chur ar aghaidh maidir le Beart a 1 i ndiaidh comhairliúcháin le pobail áitiúla.

Is féidir sonraí na dtionscadal faoi Bheart a 1 a fógraíodh inniu a fháil anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat