Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann:Tá sonraí maidir leis leithdháileadh €70 milliún Chlár LEADER Idirthréimhseach fógartha ag an Aire Heather Humphreys, T.D.
- Foilsithe: 9 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Tá Grúpaí Áitiúla ábalta iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú láithreach
- €70 milliún ar fad atá ar fáil chun tacú le pobail agus fiontair faoin tuath
- Leithdháiltí maoinithe fógartha do 29 Grúpa Áitiúil Gníomhaíochta
- Cur chuige ón mbonn aníos ar LEADER - príomhghné de Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann
Tá sonraí maidir leis leithdháileadh €70 milliún Chlár LEADER Idirthréimhseach fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, T.D. inniu (an 9 Aibreán 2021) don tréimhse 2021-2022.
- Tá €65 milliún le leithdháileadh ar fhorbairt na tuaithe faoi threoir áitiúil ar fud na 29 Grúpa Áitiúil Gníomhaíochta (LAGanna)
- Tá €3 mhilliún le leithdháileadh chun tacú le beart Comhoibrithe LEADER a thugann spreagadh do cheantair áitiúla obair a dhéanamh le chéile ar thionscadail i gcomhar lena mbaineann leas do gach ceantar atá páirteach.
- Tá €2 mhilliún le leithdháileadh chun ullmhú don chéad Chlár LEADER eile.
Cuireann an leithdháileadh foriomlán €70 milliún €50 milliún sa bhreis leis an gcéad leithroinnt maoinithe €20 milliúin a fógraíodh i mí na Nollag.
Tá na leithdháiltí maoinithe atáthar a chur ar fáil don 29 Grúpa Áitiúil Gníomhaíochta (LAGanna) foilsithe ag an Aire Humphreys inniu.
Dúirt an tAire inniu:
"Sheol mé "Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann" an tseachtain seo caite, beartas cúig bhliana an Rialtais chun ceantair thuaithe na hÉireann a fhorbairt. Leagtar amach sa bheartas an ról lárnach a ghlacfaidh an Clár LEADER i dtaobh tacú le pobail tuaithe agus d'fhiontair faoin tuath le linn théarnamh Covid-19."
"Is príomhghníomh é faoin mbeartas seo an Clár LEADER Idirthréimhseach ar fiú €70 milliún é a chur i bhfeidhm."
"Tá ríméad orm a fhógairt inniu go bhfuil an clár seolta agus oscailte d'iarratais".
Dúirt an tAire Humphreys freisin:
"Tabharfaidh an maoiniú seo deis do phobail agus d'fhiontair áitiúla freagairt do na dúshláin atá ag teacht chun cinn ina gceantair féin agus tacóidh sé le bearta a chuireann fostaíocht ar fáil agus a chruthaíonn poist i gceantair thuaithe na hÉireann."
"Cuirfidh LEADER tacaíocht ar fáil do thionscadail faoi threoir áitiúil a dhíríonn ar acmhainn pobal a neartú, lena dtugtar aghaidh ar an gclár oibre aeráide, ar an athrú digiteach agus ar fhorbairt fiontraíochta."
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Humphreys:
"Mholfainn do phobail agus d'fhiontair phríobháideacha ar mhaith leo leas a bhaint as an maoiniú seo teagmháil a dhéanamh lena gCuideachta Forbartha Áitiúil chun mar a bheadh an Clár LEADER ábalta cuidiú leo lena bpleananna a phlé."
Is féidir liosta iomlán de na Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta agus a gcuid Páirtithe Feidhmiúcháin (Cuideachtaí Forbartha Áitiúla) a fháil anseo.
Tá an Roinn ag scríobh chuig gach Grúpa Áitiúil Gníomhaíochta le briseadh síos ar a gcuid leithdháiltí tionscadail agus Riaracháin.
Is iad an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (EAFRD), Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) agus maoiniú Státchiste atá ag cur an €70 milliún ar fáil.
Táthar ag cur na leithdháiltí ar fáil faoi réir an 10ú leasú ar an gClár Forbartha Tuaithe a bheith ceadaithe ag an gCoimisiún Eorpach.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí:
Is clár forbartha tuaithe é LEADER arna chómhaoiniú ag an AE agus baintear úsáid as cur chuige faoi threoir áitiúil agus ó bhun aníos chun é a chur i bhfeidhm ar mhaithe le riachtanais na bpobal agus na ngnóthaí áitiúla a shásamh. Tacaíonn an clár le fiontair áitiúla agus le grúpaí pobail i gceantair thuaithe. Is cuid é LEADER de Chlár Forbartha Tuaithe ilbhlianta na hÉireann atá cómhaoinithe ag an AE agus is cuid den Chomhbheartas Talmhaíochta (CAP) é chomh maith.
Cuireann 29 Grúpa Áitiúil Gníomhaíochta (LAGanna) an clár LEADER ar fáil i 28 limistéar foréigiúin. Is comhpháirtíochtaí iad na grúpaí seo d'eintitis phoiblí agus phríobháideacha ó limistéar geografach sainithe. Tá LAGannna freagrach as tionscadail áitiúla a aithint agus as cuidiú a thabhairt chun iad a fhorbairt, ar tionscadail iad a thacaíonn leis na téarmaí a bhaineann le Forbairt Gheilleagrach (lena n-áirítear forbairt fiontraíochta agus cruthú poist), Ionchuimsiú Sóisialta agus Forbairt na Tuaithe.
As an €70 milliún sin, tá €65 milliún le leithdháileadh ar fud na 29 LAGanna, tá €3 milliún le leithdháileadh chun tacú le tionscadail Chomhoibrithe agus nuálaíocht idir LAGanna agus tá €2 mhilliún le cur ar fáil chun tacú leis an gcéad Chlár LEADER eile a fhorbairt.
Tá an dáileadh €65 milliún atá á chur ar fáil do na Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta sna blianta 2021 & 2022 faoin gClár Idirthréimhseach bunaithe, pro-rata, ar na leithdháiltí a fuair gach LAG nuair a cuireadh tús le clár 2014-2022. Tá leithdháileadh gach limistéar LAG leagtha amach in Aguisín 1.
Tá €45 milliúin as an €65 milliún ar fáil do na LAGanna láithreach. Cuirfear an €20 milliún deiridh ar fáil nuair a fhaigheann an Roinn cead maidir le maoiniú Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) agus comhaontú ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an gClár Forbartha Tuaithe sínte.
Aguisín 1