Trádáil ar mhaithe le Tionchar: ‘Scéim um Chothú Fiontar Sóisialta 2026/27’, ar fiú €4m é, fógartha ag an Aire Buttimer

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Trádáil ar mhaithe le Tionchar: ‘Scéim um Chothú Fiontar Sóisialta 2026/27’, ar fiú €4m é, fógartha ag an Aire Buttimer

  • Scéim nuálaíoch a dearadh chun tacú le fiontair shóisialta agus iad ag céim an chothaithe ina bhforbairt, trí mhaoiniú a chur ar fáil i gcomhair baill foirne thábhachtacha a earcú.
  • Tabharfaidh Fiontair Shóisialta tionscadail chun críche lena méadófar a n-ioncam trádáilte agus a n-inbhuanaitheacht airgeadais thar thréimhse mhaoinithe 23 mhí.

Inniu (17 Aibreán 2026), d’fhógair an tAire Stáit d’Fhorbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD, go seolfar an ‘Scéim um Chothú Fiontar Sóisialta’, le maoiniú €4m ó Chiste na gCuntas Díomhaoin.

Is minic a bhíonn srianta roimh go leor fiontar sóisialta atá ag trádáil ar bhonn leanúnach maidir lena n-ioncam trádála a mhéadú mar gheall ar acmhainn foirne teoranta agus tosaíochtaí oibríochtúla iomaíocha. Tá an Ciste seo deartha chun aghaidh a thabhairt ar na srianta sin trí chumasú d’eagraíochtaí infheistíocht straitéiseach a dhéanamh sna daoine agus sna struchtúir atá riachtanach chun chruthú ioncaim a leabú mar chuid lárnach agus inbhuanaithe dá samhail ghnó.

Is príomhsprioc de Bheartas Fiontar Sóisialta an Rialtais – ‘Trádáil ar mhaithe le Tionchar’ – tionchar na bhfiontar sóisialta laistigh de phobail a fhás, a neartú agus a mhéadú.

Agus an fógra á dhéanamh aige inniu, dúirt an tAire Buttimer:

“Cuirfear tacaíocht bhunriachtanach ar fáil faoin ‘Scéim um Chothú Fiontar Sóisialta’, atá maoinithe ag Ciste na gCuntas Díomhaoin, d’fhiontair shóisialta ar fud na tíre, chun gur féidir leo a n-ioncam trádáilte a mhéadú ar bhealach inbhuanaithe agus borradh a chur faoina dtionchar ar na pobail ar a bhfreastalaíonn siad.

“Mar thionscadail faoin scéim seo, d’fhéadfaí ball foirne a fhostú chun ioncam trádáilte a mhéadú, nó post a thabhairt do dhuine, i Riarachán nó AD mar shampla, chun breis ama a thabhairt do bhaill foirne eile atá ann cheana le díriú ar bhorradh a chur faoina n-ioncam trádáilte. Tá an scéim seo ar oscailt d’fhiontair shóisialta aonair nó do ghrúpaí fiontar sóisialta mar chuid de mhúnla seirbhísí comhroinnte.”

Dúirt an tAire an méid seo freisin:

“Tá sé beartaithe go mbainfidh suas le 35 thionscadal tairbhe as an maoiniú seo, ar mór an tionchar a bheidh aige ar na fiontair féin, ar na pobail ina n-oibríonn siad, agus ar a gcustaiméirí agus ar úsáideoirí a seirbhísí.

“Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil as an obair atá á déanamh ag cuid mhór fiontar sóisialta i bpobail ar fud Éireann. Tá ról lárnach ag fiontair shóisialta ó thaobh poist a chruthú, earraí agus seirbhísí a chur ar fáil, agus buntáistí follasacha a thabhairt dá bpobail.”

Déanfaidh Pobal an scéim a riar thar ceann na Roinne.

Ag labhairt faoin bhfógra, dúirt Anna Shakespeare, POF Pobal:

“Tá áthas ar Phobal tacú le Scéim um Chothú Fiontar Sóisialta an DAF, rud a chabhróidh le heagraíochtaí a sruthanna ioncaim a neartú agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach a thógáil. Trí infheistíocht a dhéanamh in acmhainn agus i seirbhísí comhroinnte, cuirfidh an tionscnamh seo ar chumas fiontar sóisialta díriú ar fhás agus leanúint de thionchar suntasach a imirt i bpobail ar fud na hÉireann.”

Ní mór d’iarrthóirí cruthú, trí ghairm oscailte, go bhfuil siad incháilithe chun tairbhe a bhaint as an scéim, sula dtabharfar cuireadh dóibh iarratas iomlán a chur isteach.

Is féidir teacht ar shonraí faoin scéim, agus faoi conas iarratas a chur isteach, ar shuíomh gréasáin Pobal: www.pobal.ie

Nótaí d’Eagarthóirí

Fiontair Shóisialta:

Is ionann fiontar sóisialta agus gnólacht a oibríonn go príomha chun feabhas a chur ar shaol daoine. Is é croíchuspóir s’acu ná tionchar sóisialta, sochaíoch, nó comhshaoil a bhaint amach. Mar an gcéanna le gnólachtaí eile, baineann fiontair shóisialta a n-aidhmeanna amach trí thrádáil earraí agus seirbhísí ar bhonn leanúnach.

Mar sin féin, déanann fiontair shóisialta cibé farasbarr a chruthaíonn siad a athinfheistiú chun a gcroíchuspóirí sóisialta a bhaint amach, seachas brabús a uasmhéadú dá n-úinéirí. Oibríonn siad go minic chun tacú le grúpaí faoi mhíbhuntáiste cosúil leo siúd atá dífhostaithe go fadtéarmach, daoine faoi mhíchumas, an Lucht Siúil, srl. nó chun dul i ngleic le fadhbanna ar nós ganntanas bia, tithíocht shóisialta, nó ceisteanna comhshaoil.

An Beartas Náisiúnta um Fhiontraíocht Shóisialta

Sheol an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Trádáil ar mhaithe le Tionchar – An Beartas Náisiúnta um Fhiontraíocht Shóisialta 2024-2027 i mí Iúil, 2024. Dearadh an beartas chun fiontair shóisialta láidre éifeachtacha a chur chun cinn agus a chothú in Éirinn chun leas sóisialta, timpeallachta agus eacnamaíoch na ndaoine atá ina gcónaí inár bpobail a shaibhriú.

Dírítear ar chúig phríomhchuspóir sa Bheartas:

  1. Feasacht a Chothú ar Fhiontraíocht Shóisialta
  2. Fiontraíocht Shóisialta a Fhorbairt agus a Chothú
  3. Comhréiteach Beartais Níos Fearr a Bhaint Amach
  4. Rannpháirtíocht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta
  5. Tionchar a Thomhas

Ciste na gCuntas Díomhaoin

Sna hAchtanna um Chuntais Dhíomhaoine 2001-2012, in éineacht leis an Acht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe 2003, cuirtear creat ar fáil i gcomhair riarachán cuntas neamhéilithe in institiúidí creidmheasa (i.e. bainc, cumainn foirgníochta agus An Post) agus polasaithe árachais saoil neamhéilithe i ngnóthais árachais.

Is é príomhchuspóir na reachtaíochta ná sealbhóirí cuntas nó sealbhóirí polasaithe a thabhairt ar ais le chéile lena n-airgead in institiúidí creidmheasa nó gnóthais árachais, agus ina leith seo, ceanglaítear ar na forais seo céimeanna a ghlacadh chun úinéirí na gcuntas díomhaoin agus na bpolasaithe árachais saoil neamhéilithe a shainaithint agus teagmháil a dhéanamh leo.

Mar sin féin, ionas gur féidir úsáid a bhaint as an airgead nár úsáideadh i gcuntais dhíomhaoine agus polasaithe nár éilíodh, tugadh scéim isteach leis an reachtaíocht lenar féidir úsáid a bhaint as maoiniú nár dhócha go n-éileofar ar ais é ó na cuntais dhíomhaoine agus na polasaithe neamhéilithe, ar mhaithe le bearta chun tacú le:

  1. forbairt phearsanta agus shóisialta daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta;
  2. forbairt oideachasúil daoine atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil; nó
  3. daoine faoi mhíchumas.

Oibríonn Fiontair Shóisialta ar an iliomad bealaí chun tacú le daoine sna catagóirí seo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat