Trádáil ar mhaithe le Tionchar: ‘Móráireamh Fiontar Sóisialta 2026’ seolta ag an Aire Buttimer
- Foilsithe: 30 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2026
- Iarrtar ar gach fiontar sóisialta an suirbhé a chomhlíonadh
- Deis thábhachtach d’fhiontair shóisialta tionchar a imirt ar chinntí beartais agus tosaíochtaí maoinithe amach anseo, agus chun tacú le forbairt clár
Inniu (Déardaoin, 30 Aibreán 2026) d’fhógair an tAire Forbartha Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD, oscailt Mhóráireamh Fiontar Sóisialta 2026. Cuirfidh sé seo leis an fhaisnéis a bailíodh le linn an Bhirt Bailithe Faisnéise Bonnlíne a tharla in 2023.
I ndiaidh próiseas tairisceana iomaíoch, a bhí freagrach ó thaobh sóisialta de, bronnadh an conradh ar Amárach Research, i gcomhar le Social Enterprise Republic of Ireland (SERI), chun an tionscadal seo a thabhairt i gcrích thar ceann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Is príomhspriocanna i mBeartas Fiontraíochta Sóisialta an Rialtais, ‘Trádáil ar mhaithe le Tionchar’, iad fiontair shóisialta a fhorbairt agus a neartú, agus tionchar iomlán s’acu a bhaint amach, agus beidh na sonraí seo ríthábhachtach chun an beartas seo a thabhairt i gcrích ar bhealach leanúnach spriocdhírithe, agus don tacaíocht don earnáil amach anseo.
Agus an fógra á dhéanamh aige inniu, dúirt an tAire Buttimer:
“Tá ról lárnach ag fiontair shóisialta i bpobail ar fud na tíre. Cuireann siad seirbhísí ar fáil dóibh siúd is mó gá leo, cuidíonn siad leis an aistriú glas agus feabhsaíonn siad ár gcaighdeán maireachtála in Éirinn agus thar lear. Chun gur féidir leanúint de bheith ag tacú leo i gceart, tá tuilleadh eolais de dhíth orainn faoin timpeallacht ina bhfeidhmíonn siad.
“Cabhróidh an Móráireamh seo linn chun tuiscint a fháil ar na réimsí ina bhfuil siad ag fás agus ina bhfuil breis tacaíochta de dhíth orthu, le cinntiú go ndéantar cinntí faoin earnáil le heolas ó thuairimí agus taithí iad siúd atá i mbun oibre ar an láthair.
“Den chéad uair, beidh muid in ann anailís chomparáideach a dhéanamh idir na sonraí ó 2023 agus ó 2026, a bheidh mar bhonn fianaise láidir don Rialtas, in éineacht leis na geallsealbhóirí a bhfuilimid i gcomhar leo, lenár n-obair a spriocdhíriú chun tacú leis an earnáil. Tá súil agam go bhfoilseofar tuarascáil roimh dheireadh 2026.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Mholfainn do gach fiontar sóisialta, gan beann ar a mhéid nó a earnáil, páirt a ghlacadh agus cinntiú go n-éistear lena dtuairimí. Ní neart go cur le chéile, agus dá mhéad freagraí a fhaigheann muid, is ea is fearr a bheidh ár dtuiscint ar an earnáil.”
Dúirt Michael McLoughlin ó Amárach Research, agus é ag labhairt thar ceann bhaill an chuibhreannais:
“Is cúis áthais dúinn Móráireamh Náisiúnta Fiontar Sóisialta 2026 a reáchtáil thar ceann RFTPG. Ní mór sonraí iontaofa chun tuiscint a fháil ar riachtanais fiontar sóisialta agus a lánacmhainn a bhaint amach.
“Tríd an gcomhar seo idir chomhpháirtithe an chuibhreannais, Amárach Research agus SERI, cuirfidh muid an léargas ar fáil atá de dhíth chun eolas a dhéanamh do chinnteoireacht, tacaíochtaí a neartú agus cinntiú gur féidir le fiontair shóisialta leanúint de bheith ag tabhairt athrú fiúntach i gcrích i bpobail ar fud na tíre.”
Beidh an móráireamh ar oscailt go dtí Dé Domhnaigh, 28 Meitheamh, agus is féidir rochtain a fháil air ag https://panel.amarachsurveys.ie
Nótaí d’Eagarthóirí
Fiontair Shóisialta
Is ionann fiontar sóisialta agus gnólacht a oibríonn go príomha chun feabhas a chur ar shaol daoine. Is é croíchuspóir s’acu ná tionchar sóisialta, sochaíoch, nó comhshaoil a bhaint amach. Mar an gcéanna le gnólachtaí eile, baineann fiontair shóisialta a n-aidhmeanna amach trí thrádáil earraí agus seirbhísí ar bhonn leanúnach.
Mar sin féin, déanann fiontair shóisialta cibé farasbarr a chruthaíonn siad a athinfheistiú chun a gcroíchuspóirí sóisialta a bhaint amach, seachas brabús a uasmhéadú dá n-úinéirí. Oibríonn siad go minic chun tacú le grúpaí faoi mhíbhuntáiste cosúil leo siúd atá dífhostaithe go fadtéarmach, daoine faoi mhíchumas, an Lucht Siúil, srl. nó chun dul i ngleic le fadhbanna ar nós ganntanas bia, tithíocht shóisialta, nó ceisteanna comhshaoil.
An Beartas Náisiúnta um Fhiontraíocht Shóisialta
Sheol an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Trádáil ar mhaithe le Tionchar – An Beartas Náisiúnta um Fhiontraíocht Shóisialta 2024-2027 i mí Iúil, 2024. Dearadh an beartas chun fiontair shóisialta láidre éifeachtacha a chur chun cinn agus a chothú in Éirinn chun leas sóisialta, timpeallachta agus eacnamaíoch na ndaoine atá ina gcónaí inár bpobail a shaibhriú.
Dírítear ar chúig phríomhchuspóir sa Bheartas:
- Feasacht a Chothú ar Fhiontraíocht Shóisialta
- Fiontraíocht Shóisialta a Fhorbairt agus a Chothú
- Comhréiteach Beartais Níos Fearr a Bhaint Amach
- Rannpháirtíocht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta
- Tionchar a Thomhas
Beart 51 ó Bheartas Trádáil ar mhaithe le Tionchar
Le linn an bheartais, reáchtálfar beart bailithe sonraí nó ‘Móráireamh Fiontar Sóisialta’ go tréimhsiúil. Leanfar de bheith ag beachtú an chur chuige taighde chun go mbeidh sonraí tábhachtacha nua ar fáil i gcónaí. Bainfear úsáid as seo chun borradh leanúnach a chur faoi thacar sonraí láidir náisiúnta maidir le fiontraíocht shóisialta agus sainaithint treochtaí laistigh den earnáil.
Cuibhreannas: SERI agus Amárach Research
Bunaíodh SERI, foras ionadaíoch faoi stiúir cleachtóirí, i mí Iúil 2020. Tá rún daingean acu córas den scoth dhomhanda d’fhiontair shóisialta a fhorbairt ar fud Éireann. Is iad na haidhmeanna atá acu ná earnáil na fiontraíochta sóisialta a fhorbairt chun tairbhe gach duine agus gach pobal, obair le rialtas áitiúil agus náisiúnta agus fiontraíocht phríobháideach agus shóisialta a cheangal ar bhealach nach ndearnadh riamh roimhe.
Tá Amárach Research ar cheann de na príomheagraíochtaí taighde margaidh neamhspleácha in Éirinn. Is í speisialtóireacht s’acu ná taighde san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, chun léargas a thabhairt ar iompar tomhaltóirí, éifeachtúlacht fógraíochta, agus eispéiris bhallraíochta trí shuirbhéanna, grúpaí fócais, agus anailísíocht le hintleacht shaorga.
Bhí an dá chomhpháirtí mar bhaill den chuibhreannas a thug faoin chéad Bheart Bailithe Sonraí Bonnlíne a foilsíodh in 2023. Is féidir teacht ar nasc chun na tuarascála anseo