Deontas Uasghrádaithe do Theaghlaigh seanbhunaithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge fógartha ag an Aire Dara Calleary
- Foilsithe: 13 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Deireadh Fómhair 2025
Inniu (Luain, 13 Deireadh Fómhair) d’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, go mbeadh scéim gearrthéarmach Deontas Uasghrádaithe Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar fáil do theaghlaigh seanbhunaithe a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí faoin scéim.
Faoin scéim seo, cuirfear deontas suas le €2,000 nó 80% de na costais iomlána cibé acu is lú, ar fáil do theaghlaigh a bhí aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge roimh 2019 chun tacú leis an gcostas chun troscán nua (buincleapacha, leapacha singil agus tochtanna singil) a cheannach.
Tagann an tacaíocht seo sna sála ar ardú de €1.50 a fógraíodh i mí Lúnasa ar fhóirdheontais aon-oíche na scéime atá iníoctha le teaghlaigh. Ardaíodh an deontas aon-oíche ó €13 go €14.50 in aghaidh an scoláire do theaghlaigh agus ó €9.50 go €10.50 do bhrúnna.
Is é cuspóir foriomlán an bheartais seo atá fógartha ná tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht de réir cuspóirí na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Is féidir le teaghlaigh incháilithe foirm iarratais a íoslódáil ó shuíomh na Roinne le líonadh ag an nasc seo, áit ina bhfuil cáipéis le ceisteanna coitianta na scéime ar fáil chomh maith.
Dúirt an tAire Calleary:
“Tá tábhacht faoi leith ag Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge do gheilleagar na Gaeltachta agus í ar an scéim is sine atá á riar ag mo Roinn. Tá gealltanas i gClár an Rialtas 2025: Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú, go gcoinneofar ‘ag tabhairt tacaíochta do Mhná Tí na gcoláistí samhraidh sa Ghaeltacht agus na tacaíochtaí a fheabhsú nuair is féidir’. Is iad na teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil atá mar chnámh droma na scéime. Mar aitheantas air sin tá áthas orm an tacaíocht breise seo a chur ar fáil do theaghlaigh atá ag cur lóistín ar fáil le roinnt blianta anuas.”
Glacfar le hiarratais ar ríomhphost amháin ag teaghlaighsfg@drcdg.gov.ie ó 13/10/2025 go dtí 07/11/2025.