An Clár Seirbhísí Pobail
- Foilsithe: 29 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 2 Aibreán 2026
- Cad é an Clár Seirbhísí Pobail
- Conas cáiliú
- Cláraigh do spéis
- Gairm ar Iarratais 2023
- Athbhreithniú ar an Chlár Seirbhísí Pobail
- Leithdháiltí maoinithe
- Teagmháil:
Cad é an Clár Seirbhísí Pobail
Faoin Chlár Seirbhísí Pobail (CSP), tacaítear le heagraíochtaí pobalbhunaithe chun seirbhísí áitiúla sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil a chur ar fáil trí mhúnla fiontraíochta sóisialta. Tá mar aidhm leis an CSP míbhuntáiste a chomhrac trí ranníocaíocht chómhaoinithe a chur ar fáil i leith an costas a bhaineann le bainisteoir agus poist coibhéise lánaimseartha (CLA) a fhostú.
Conas cáiliú
Tacaítear le trí fhochlár faoin chlár:
Fochlár 1: Spásanna agus Seirbhísí
Is í príomhaidhm an fhochláir seo ná tacú le heagraíochtaí atá ag dul i ngleic le riachtanas áitiúil atá ann cheana nó atá ag teacht chun ceann (freagrúil), chun ionchuimsitheacht a mhéadú agus míbhuntáiste a mhaolú trí:
- An úsáid is mó a bhaint as acmhainní pobail agus is féidir
- Soláthar seirbhísí áitiúla
- Nó an dá rud thuas
Fochlár 2: Tacú le Daoine Aonair
Is í príomhaidhm an fhochláir seo ná tacú le heagraíochtaí le béim ar “fhostaíocht” a sholáthar do spriocghrúpaí sonracha an Chláir nó do cheantair áitiúla shonracha ina bhfuil leibhéal ard dífhostaíochta fadtéarmaí. San fhochlár seo tá súil go ndíreoidh na heagraíochtaí ar dhul chun cinn pearsanta na ndaoine aonair.
- Deiseanna chun dul chun cinn laistigh den eagraíocht nó lasmuigh di
- Scileanna nó oiliúint a chur ar fáil
- Ceangail le tacaíochtaí áitiúla ábhartha eile
- Oiliúint nó tacaíocht a éascú laistigh den fhostaíocht
Fochlár 3: Nuálaíocht agus Fás
Is iad aidhmeanna an fhochláir seo ná:
- Tacú le méadú cineálacha áirithe seirbhísí agus gníomhaíochtaí atá ar siúl ag fiontair shóisialta i.e. borradh a chur faoina bhfás.
- Fiontair shóisialta a chur chun cinn agus a spreagadh le bheith féinchothabhálach.
- Nuálaíocht a chumasú i.e. réitigh nua ar fhadhbanna áitiúla; dul i ngleic le hathrú aeráide agus feabhas a chur ar an gheilleagar chiorclach agus ghlas.
Cláraigh do spéis
Gairm Oscailte 2026 ar Iarratais faoin CSP
Tá fáilte anois roimh eagraíochtaí incháilithe Réamhiarratas a chur faoi bhráid Pobal faoi ghairm nua ar Iarratais CSP 2026. Is féidir iarratas a dhéanamh idir 30 Márta agus 08 Bealtaine 2026.
Tá na sonraí go léir faoin Ghairm Oscailte seo, lena n-áirítear seirbhísí agus eagraíochtaí pobail incháilithe, foirmeacha iarratais agus treoirlínte, ar fáil ar shuíomh gréasáin Pobal in éineacht le heolas maidir leis an Chlár Seirbhísí Pobail 2023 go 2027 atá ar siúl cheana. Beidh Pobal, atá ag riar an Chláir thar ceann na Roinne, ag reáchtáil seisiúin eolais ar líne ar an 8ú Aibreán.
Iarrtar ar gach iarrthóir ionchasach breathnú ar Threoirleabhar an Chláir Seirbhísí Pobail sula gcuireann siad iarratas isteach, ina dtugtar léargas ar:
- Fís agus cuspóirí straitéiseacha CSP
- Fochláir
- Múnla maoinithe
- Rialacha an chláir
Tá tuilleadh eolais faoin Chlár Seirbhísí Pobail ar fáil ar shuíomh gréasáin Pobal. Is féidir rochtain a fháil ar shuíomh gréasáin Pobal anseo.
Gairm ar Iarratais 2023
I Márta 2023 (léigh an Preasráiteas anseo), tugadh cuireadh d’eagraíochtaí incháilithe Nóta Coincheapa a chur faoi bhráid Pobal faoi dhá shnáithe de ghairm nua ar Iarratais CSP 2023.
- Snáithe 1: Eagraíochtaí atá ag feidhmiú sa gheilleagar chiorclach agus atá faoi úinéireacht agus stiúir eagraíochtaí Lucht Siúil nó a chuireann fostaíocht ar fáil go príomha do bhaill an Lucht Siúil. Fuarthas 14 Nóta Coincheapa faoi Shnáithe 1.
- Snáithe 2: Seirbhísí pobail ginearálta a léiríonn go bhfuil siad ag teacht le cuspóirí straitéiseacha agus prionsabail an CSP. Fuarthas 183 Nóta Coincheapa faoi Shnáithe 2.
Cuireadh maoiniú €1 milliún ar fáil faoin ghairm seo, chun deis a thabhairt d’eagraíochtaí nua rochtain a fháil ar thacaíocht le baill foirne bhreise a fhostú de réir fhochláir athshocraithe agus fhís nua an chláir. Is é cuspóir an mhaoinithe seo ná tacú le fiontair shóisialta agus le heagraíochtaí pobail agus deonacha.
Toradh na gairme ar iarratais 2023
Mar thoradh ar an Ghairm Oscailte seo, tugadh 14 iarrthóir nua isteach sa Chlár Seirbhísí Pobail (léigh an Preasráiteas anseo), lena dtacaítear le 13 phost bainisteora nua agus 23 post coibhéise lánaimseartha eile, ar fiú timpeall €1 milliún iad. Tá roinnt eagraíochtaí sa phíblíne i gcomhair tacaíochta, mar sin féin, breathnófar ar iontrálaithe breise ar bith i bhfianaise na n-acmhainní atá ar fáil.
Gairm Maoinithe Bhreise 2023 ar Eagraíochtaí atá ag fáil tacaíochta CSP cheana
Osclaíodh tréimhse iarratas eile i Meán Fómhair 2023 i gcomhair maoiniú do phoist bhreise d’eagraíochtaí atá ag fáil maoiniú CSP cheana. Ba í aidhm na gairme seo ná tacú le seirbhísí CSP reatha le maoiniú breise do phoist, chun gurbh fhéidir borradh a chur faoi na fiontair shóisialta agus eagraíochtaí pobail fíorthábhachtacha seo.
Fuair Pobal, atá ag bainistiú agus ag riar an chláir thar ceann na Roinne, líon ollmhór iarratas ó eagraíochtaí atá ag fáil tacaíocht CSP faoin ghairm ar iarratais ar mhaoiniú breise.
Mar thoradh ar an Ghairm ar Mhaoiniú CSP Breise, d’fhógair an tAire Joe O’Brien i Meitheamh 2024 (léigh an Preasráiteas anseo) go dtabharfar timpeall €1 milliún do 32 eagraíocht a bhí ag fáil tacaíocht CSP, rud a thacóidh le 42 phost breise faoin Chlár Seirbhísí Pobail.
Athbhreithniú ar an Chlár Seirbhísí Pobail
Tá struchtúr nua á chur ar an CSP ag an Roinn agus ag Pobal, agus iad i gcomhairle le geallsealbhóirí, i ndiaidh athbhreithniú neamhspleách le Indecon International Economic Consultants. Tugadh an clár athdheartha isteach ó Eanáir 2023 ar aghaidh, le múnla leithdháilte ráta maoinithe nua, chun teacht in ionad an mhúnla ráta comhréidh a bhí ann roimhe.
Leithdháiltí maoinithe
Is féidir teacht ar eolas faoin mhaoiniú a leithdháileadh faoin chlár anseo: An Clár Seirbhísí Pobail - Leithdháiltí Maoinithe
Teagmháil:
An Clár Seirbhísí Pobail
Seoladh: An tAonad um Fhorbairt Leabharlann agus Beartas Pobail, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Oifigí Rialtais, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, F26 E8N6
Ríomhphost: csp@drcdg.gov.ie
Uimhir Ghutháin: +353 1 7736934