Ciste Aitheantais Pobail

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Ciste Aitheantais Pobail


Intreoir agus Cúlra

Tá sé mar aidhm ag an gCiste Aitheantais Phobail tacú le forbairt bonneagair agus áiseanna pobail don phobal ar fad mar aitheantas ar an obair atá á déanamh ag pobail ar fud na tíre maidir le fáilte a chur roimh líon suntasach daoine a thagann ón Úcráin agus ó thíortha eile agus iad a óstáil.

Dírítear maoiniú go sonrach ar thionscadail atá lonnaithe i gcathracha, i mbailte agus i sráidbhailte a óstálann Tairbhithe Cosanta Sealadaí agus/nó Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta, lena n-áirítear bailte a aithnítear don chlár um thithe a thógáil go tapa. Tá sé mar aidhm ag an gCiste tacú le forbairt áiseanna a úsáidfidh gach ball den phobal amach anseo. Tá sé ar leithligh ina chuspóirí agus ina raon feidhme ó aon sruthanna maoinithe poiblí eile a bhfuil sé mar aidhm acu tacú le forbairt riachtanais seirbhíse poiblí a eascraíonn as an líon suntasach daoine a thagann ón Úcráin agus ó thíortha eile.

Is féidir faisnéis faoi thionscadail a leithdháiltear maoiniú dóibh a fháil anseo: Ciste Aitheantais Phobail - Leithdháiltí Maoinithe

Ciste Aitheantais Phobail 2024

Tugadh isteach an Ciste Aitheantais Phobail in 2023 chun aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí ollmhóra a dhéanann pobail chun fáilte a chur roimh dhaoine a thagann go hÉirinn agus iad a thacú. Trí leithdháileadh 2023, ceadaíodh maoiniú €50 milliún do thart ar 900 tionscadal chun tacú le cathracha, bailte agus sráidbhailte ar fud na tíre. Bunaithe ar na tionchair leanúnacha ar phobail ar fud na tíre agus an gá atá ann tacú leis na pobail seo chun fáilte a chur roimh dhaoine nua, tá €50 milliún breise á sholáthar faoin Chiste Aitheantais Phobail 2024.

Rannpháirtíocht an Phobail

Tá sé ríthábhachtach go bhforbrófar an togra maoinithe a chuireann gach údarás áitiúil isteach bunaithe ar phlé díreach le pobail atá buailte agus i gcomhairle leis na Ceantair Bhardasacha, leis an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil agus leis na Fóraim Fhreagartha Pobail áitiúla. Ba cheart go mbeadh tograí comhsheasmhach freisin le Pleananna Eacnamaíocha agus Pobail Áitiúla.

Caithfidh an togra a léiriú freisin go bhfuil an maoiniú dírithe ar na cathracha, na bailte agus na sráidbhailte sin ina bhfuil an leibhéal is airde de dhaoine nua lonnaithe agus ina bhfuil gá soiléir le hinfheistíocht aitheanta.

Tionscadail Incháilithe

Déanfar Ciste Aitheantais Pobail 2024 a leithdháileadh bunaithe ar líon na ndaoine i ngach limistéar údaráis áitiúil.

Beidh na tionscadail a bheidh le maoiniú de chineál caipitil, soláthrófar iontu sochair mheántéarmacha agus fhadtéarmacha do na pobail ina bhfuil siad lonnaithe, agus beidh siad in ann a sheachadadh i rith 2025 agus 2026. Ní mór íosmhéid caiteachais 50% den leithdháileadh a thabhú in 2025. Gheobhaidh tionscadail incháilithe maoiniú le haghaidh costais chaipitil, ach ní le haghaidh aon chostais oibríochtúla nó reatha leanúnacha.

Is é €50,000 an t-íosleibhéal maoinithe do thionscadal aonair agus uasmhéid €500,000 á chur i bhfeidhm. Ní féidir tionscadail níos lú a chur le chéile chun an tairseach íosta €50,000 a chomhlíonadh – cé gur sholáthair scéim 2023 maoiniú d’infheistíocht bheag i gclubanna agus i bpobail (e.g. le haghaidh trealaimh bheag), dírítear scéim 2024 ar thionscadail a bhfuil scála agus tionchar níos mó acu.

Tá raon feidhme ag údaráis áitiúla an maoiniú a infheistiú bunaithe ar a riachtanais áitiúla féin mar a aithnítear trí chur chuige “ón mbun aníos” agus bunaithe ar an rannpháirtíocht phobail dá dtagraítear thuas.

Mar sin féin, seo a leanas na cineálacha tionscadal atá incháilithe le haghaidh maoinithe:

  • forbairt, feabhsú nó athchóiriú áiseanna pobail nó cultúrir lena n-áirítear limistéir súgartha, cosáin siúil, páirceanna, gairdíní pobail/céadfacha, cuibhrinn, agus limistéir áineasa;
  • forbairt, feabhsú nó athchóiriú áiseanna clubanna agus spóirt áitiúla lena n-áirítear áiseanna amhail linnte snámha pobail, seomraí feistis, leithris, áiseanna digiteacha amhail cláir scóir/eolais srl.;
  • feabhsú ar áiseanna scoile/paróiste atá oscailte lena n-úsáid ag an bpobal ar fad tar éis uaireanta scoile;
  • ceannach trealaimh do chlubanna áitiúla, féilte, imeachtaí pobail agus eagraíochtaí e.g. trealamh ceoil, ealaíon nó spóirt;
  • bonneagar iompair amhail ceannach feithiclí pobail, scáthláin bus agus cláir eolais a ghabhann leo; (ní mór aon fheithicil a mhaoinítear a bheith i riocht maith agus gan a bheith níos sine ná 5 bliana d'aois)
  • tionscadail a chabhraíonn le dul i ngleic le foirgnimh ag titim as a chéile agus/nó cuspóirí forbartha eacnamaíochta agus pobail áitiúla níos leithne;
  • ceannach agus athchóiriú foirgneamh folamh nó tréigthe le húsáid ag an bpobal i gcás ina n-aithnítear gá soiléir.
  • Ceannach talún agus oibreacha gaolmhara chun áiseanna pobail a fhorbairt amhail limistéir súgartha/MUGAanna nó páirceanna baile/gairdíní pobail, limistéir áineasa etc. (ní mór ach don údarás áitiúil na ceannacháin a riaradh).

Amchlár don Seachadadh

Difríocht thábhachtach sa Chiste Aitheantais Pobail 2024 seo ná bogadh ón gcur chuige bunaidh inar sheol údaráis áitiúla liosta aonair tionscadal isteach lena gceadú. Chun aghaidh a thabhairt ar athruithe i líon agus i suíomhanna na ndaoine nua a tháinig isteach le linn 2024, ní mór do gach údarás áitiúil 20% ar a laghad dá leithdháileadh a chur in áirithe le haghaidh togra a chur isteach faoin tríú deis iarratais. Seo a leanas na deiseanna iarratais:

Deis iarratais 1

Cuireadh deireadh leis an deis seo ar an 31 Bealtaine 2024

Deis iarratais 2

Cuireadh deireadh leis an deis seo ar an 30 Meán Fómhair 2024

Deis iarratais 3 (íosmhéid 20% den leithdháileadh imfhálaithe)

1 Eanáir 2025 go 31 Eanáir 2025

2024 - Tionscadail a ceadaíodh faoi Chéim 1

I mí Lúnasa 2024, fógraíodh maoiniú €16.5 milliún chun 185 thionscadal a sheachadadh ar fud na tíre faoi Chéim 1.

Tacóidh an infheistíocht mhór le raon éagsúil tionscadal amhail uasghráduithe ar áiseanna spóirt, ionaid phobail, páirceanna, cosáin siúil agus clóis súgartha.

Is féidir sonraí faoi na hiarratais ar éirigh leo a fháil sa doiciméad seo:

Ciste Aitheantais Phobail 2024 - Tionscadail a ceadaíodh faoi Chéim 1
Foilsíodh an liosta seo i mí Lúnasa 2024
Amharc amharc

2024 - Tionscadail a ceadaíodh faoi Chéim 2

Is féidir sonraí faoi na hiarratais ar éirigh leo a fháil sa doiciméad seo:

Ciste Aitheantais Phobail 2024 - Tionscadail a ceadaíodh faoi Chéim 2
Foilsíodh an liosta seo i mí Feabhra 2025
Amharc amharc

2024 - Tionscadail a ceadaíodh faoi Chéim 3

Ciste Aitheantais Phobail 2024 - Tionscadail a ceadaíodh faoi Chéim 3
Foilsíodh an liosta seo i mí Lúnasa 2025
Amharc amharc

Ceisteanna agus Iarratais

Déanfaidh údaráis áitiúla an Ciste a riaradh ag leibhéal an chontae. Is féidir ceisteanna faoi thionscadal a sheoladh chuig d’údarás áitiúil, tá sonraí ar fáil anseo.

Is féidir níos mó sonraí faoin gCiste Aitheantais Phobail a léamh ag na naisc seo a leanas:

Údarás Áitiúil

Nasc idirlín

Comhairle Chontae Cheatharlach

Ciste Aitheantais Phobail Cheatharlach 2024

Comhairle Chontae an Chabháin

Ciste Aitheantais Phobail an Chabháin 2024

Comhairle Chontae an Chláir

Ciste Aitheantais Phobail an Chláir 2024

Comhairle Chathair Chorcaí

Ciste Aitheantais Phobail Chathair Chorcaí 2024

Comhairle Chontae Chorcaí

Ciste Aitheantais Phobail Chontae Chorcaí 2024

Comhairle Chontae Dhún na nGall

Ciste Aitheantais Phobail Dhún na nGall 2024

Comhairle Chathair Átha Cliath

Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin

Comhairle Contae Fhine Gall

Ciste Aitheantais Phobail Fhine Gall 2024

Comhairle Chathair na Gaillimhe

Comhairle Chontae na Gaillimhe

Ciste Aitheantais Phobail na Gaillimhe 2024

Comhairle Chontae Chiarraí

Ciste Aitheantais Phobail Chiarraí 2024

Comhairle Chontae Chill Dara

Ciste Aitheantais Phobail Chill Dara 2024

Comhairle Chontae Chill Chainnigh

Ciste Aitheantais Phobail Chill Chainnigh 2024

Comhairle Chontae Laoise

Ciste Aitheantais Phobail Laoise 2024

Comhairle Chontae Liatroma

Ciste Aitheantais Phobail Liatroma 2024

Comhairle Chathair & Chontae Luimnigh

Ciste Aitheantais Phobail Luimnigh 2024

Comhairle Chontae an Longfoirt

Ciste Aitheantais Phobail an Longfoirt 2024

Comhairle Chontae Lú

Ciste Aitheantais Phobail Lú 2024

Comhairle Chontae Mhaigh Eo

Ciste Aitheantais Phobail Mhaigh Eo 2024

 

Comhairle Chontae na Mí

Ciste Aitheantais Phobail na Mí 2024

 

Comhairle Chontae Mhuineacháin

Ciste Aitheantais Phobail Mhuineacháin 2024

 

Comhairle Chontae Uíbh Fháilí

Ciste Aitheantais Phobail Uíbh Fháilí 2024

 

Comhairle Chontae Ros Comáin

Ciste Aitheantais Phobail Ros Comáin 2024

 

Comhairle Chontae Shligigh

Ciste Aitheantais Phobail Shligigh 2024

 

Comhairle Contae Dheisceart Bhaile Átha Cliath

 

Comhairle Chontae Thiobraid Árann

Ciste Aitheantais Phobail Thiobraid Árann 2024

 

Comhairle Chathair & Chontae Phort Láirge

Ciste Aitheantais Phobail Phort Láirge 2024

 

Comhairle Chontae na hIarmhí

Ciste Aitheantais Phobail na hIarmhí 2024

 

Comhairle Chontae Loch Garman

Ciste Aitheantais Phobail Loch Garman 2024

 

Comhairle Chontae Chill Mhantáin

Ciste Aitheantais Phobail Chill Mhantáin -2024

 

Leithdháiltí Contae 2024

Seo a leanas leithdháilte 2024 de réir contae:

Údarás Áitiúil

Leithdháileadh

Comhairle Chontae Cheatharlach

€1,171,621

Comhairle Chontae an Chabháin

€1,155,190

Comhairle Chontae an Chláir

€2,608,408

Comhairle Chathair Chorcaí

€1,214,022

Comhairle Chontae Chorcaí

€2,014,691

Comhairle Chontae Dhún na nGall

€3,391,917

Comhairle Chathair Átha Cliath

€2,140,584

Dun Laoghaire-Ráth an Dúin

€765,487

Comhairle Contae Fhine Gall

€1,538,573

Comhairle Chathair na Gaillimhe

€1,702,897

Comhairle Chontae na Gaillimhe

€1,303,230

Comhairle Chontae Chiarraí

€3,946,095

Comhairle Chontae Chill Dara

€830,007

Comhairle Chontae Chill Chainnigh

€867,987

Comhairle Chontae Laoise

€1,012,996

Comhairle Chontae Liatroma

€2,212,974

Comhairle Chathair & Chontae Luimnigh

€1,400,378

Comhairle Chontae an Longfoirt

€893,486

Comhairle Chontae Lú

€1,317,173

Comhairle Chontae Mhaigh Eo

€2,428,540

Comhairle Chontae na Mí

€1,188,066

Comhairle Chontae Mhuineacháin

€914,972

Comhairle Chontae Uíbh Fháilí

€1,055,308

Comhairle Chontae Ros Comáin

€1,002,434

Comhairle Chontae Shligigh

€1,742,899

Comhairle Contae Dheisceart Bhaile Átha Cliath

€2,249,663

Comhairle Chontae Thiobraid Árann

€1,465,434

Comhairle Chathair & Chontae Phort Láirge

€1,436,394

Comhairle Chontae na hIarmhí

€1,740,646

Comhairle Chontae Loch Garman

€1,703,377

Comhairle Chontae Chill Mhantáin

€1,584,550

Iomlán

€50,000,000

Ciste Aitheantais Phobail - Liosta Iarratasóirí ar Éirigh leo

Is féidir na tionscadail ar éirigh leo faoin gCiste Aitheantais Phobail a léamh ag an nasc seo a leanas:

Ciste Aitheantais Phobail - Liosta Iarratasóirí ar Éirigh leo

Déan Teagmháil linn

Is féidir aon cheist faoin gCiste Aitheantais Phobail a sheoladh i ríomhphost chuig crf@drcdg.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat