Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail
- Foilsithe: 15 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 26 Márta 2026
- Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2026 - Deontas Athchóirithe
- Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2024 - Deontas Athchóirithe
- Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2023 – Beart um Lárionaid Nuathógtha
- Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2022 – Lárionaid Phobail Reatha a Fheabhsú agus a Athchóiriú
- Eolas faoi mhaoiniú
- Déan teagmháil linn
Aithnímid an ról ríthábhachtach atá ag Lárionaid Phobail i gcroílár gach pobail chun daoine a thabhairt le chéile, chun teagmháil a dhéanamh leosan atá imeallaithe nó atá faoi mhíbhuntáiste, agus pobail níos láidre agus níos comhtháite a fhorbairt.
Is é Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail an infheistíocht chaipitil is mó riamh i Lárionaid Phobail. Cuirtear maoiniú ar fáil faoin chiste chun infheistiú i Lárionaid Phobail ionas go mbeidh na seirbhísí bunriachtanacha seo inúsáidte, inrochtana, agus sábháilte, agus go mbeidh siad ag freastal ar riachtanais an phobail amach anseo.
Cuireadh tuarascáil le chéile ar thorthaí Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2022. Is féidir teacht uirthi sin anseo.
Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2026 - Deontas Athchóirithe
Faoin chiste caipitil €25 milliún seo, tá maoiniú á chur ar fáil chun lárionaid phobail a fheabhsú agus a athchóiriú i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon.
Tá maoiniú á chur ar fáil faoi 2 Chatagóir, agus deontais de idir €10,000 agus €100,000 ar fáil:
Catagóir 1: Miontionscadail agus feabhsúcháin ar áiseanna - €10,000 go €25,000.
Catagóir 2: Mórthionscadail - €25,001 go €100,000
Osclófar an Tairseach i gcomhair iarratais ar líne ar an 29ú Bealtaine, 2026 ag Tairseach MyPobal agus beidh sé ar oscailt go dtí an 13ú Iúil, 2026.
Moltar d’éinne a bhfuil ar intinn acu iarratas a dhéanamh iad féin a chlárú ar an tairseach iarratas roimh an dáta seo.
Teimpléad de Sheiceálaí Incháilitheachta agus den Fhoirm Iarratais, Treoirlínte agus Ceisteanna Coitianta
Tá teimpléad de Sheiceálaí Incháilitheachta agus den Fhoirm Iarratais ar Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2026: Deontas Athchóirithe, le comhairle faoi conas gach cuid den fhoirm a chomhlíonadh, á chur ar fáil anseo sula n-osclófar an próiseas iarratais ar líne.
Is féidir teacht ar threoirlínte maidir le hiarratais, ina sonraítear gach gné de Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2026: Deontas Athchóirithe anseo.
Is féidir teacht ar fhreagraí ar Cheisteanna Coitianta faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2026: Deontas Athchóirithe anseo; cuirfear eolas nua leis seo de réir mar is gá le linn na tréimhse iarratais.
Cás-Staidéir
Chun tacú leat agus d’iarratas á ullmhú agat, tá ceangailte leis seo roinnt cás-staidéar ar thionscadail a d’éirigh leo roimhe seo faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail.
Seisiúin eolais
Reáchtálfaidh an Roinn seisiúin eolais ar líne i mí Aibreáin agus mí Bealtaine agus cuirfear clinicí gan réamhchoinne ar fáil idir Aibreán agus Meitheamh 2026 chun tacú le coistí chun iarratas a ullmhú agus a chur isteach faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2026: Deontas Athchóirithe. Déanfar taifead ar na seisiúin eolais seo agus beifear in ann iad a choimhéad anseo in am trátha.
Más spéis le coiste freastal ar na seisiúin eolais seo, ba cheart dóibh a spéis a chur in iúl roimh ré. Tá naisc chun an chéad 3 imeacht liostaithe thíos.
Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2024 - Deontas Athchóirithe
Faoin chiste caipitil €20 milliún seo, tá maoiniú á chur ar fáil chun lárionaid phobail a fheabhsú agus a athchóiriú i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon.
Cuireadh maoiniú ar fáil faoi 2 Chatagóir, agus deontais de idir €10,000 agus €100,000 ar fáil:
Catagóir 1: Miontionscadail agus feabhsúcháin ar áiseanna - €10,000 go €25,000.
Catagóir 2: Mórthionscadail - €25,001 go €100,000
Tá liosta de na tionscadail ar éirigh leo faoi Chatagóir 1 thíos.
Tá liosta de na tionscadail ar éirigh leo faoi Chatagóir 2 thíos.
Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2023 – Beart um Lárionaid Nuathógtha
- Seoladh Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail – Beart um Lárionaid Nuathógtha in 2023 chun timpeall €20 milliún a infheistiú i lárionaid phobail ilfheidhmeacha nuathógtha, le híosdeontas €1,000,000 agus uasdeontas €6,000,000.
- Faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail – Beart um Lárionaid Nuathógtha, iarradh iarratais ar thionscadail ar láithreáin athfhorbraíochta nó úrnua a raibh an phleanáil agus na ceadúnais riachtanacha go léir faighte ina leith, ionas go raibh dul chun cinn suntasach déanta acu cheana agus go raibh siad réidh le tosú i ndiaidh próiseas tairisceana.
- I ndiaidh próiseas measúnaithe iomaíoch, ceadaíodh infheistíocht de bhreis is €30 milliún, lena dtabharfar 12 lárionad pobail nua chun críche ar fud na tíre.
- Tabharfar deontais chaipitil idir €1 milliún agus €6 milliún do na 12 thionscadal lárionad pobail ar éirigh leo, chun lárionaid ilfheidhmeacha a thógáil i gceantair nach bhfuil áiseanna pobail iontu faoi láthair.
Liosta de na tionscadail ar éirigh leo faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2023 – Beart um Lárionaid Nuathógtha
|
Contae |
Ainm an Ghrúpa |
Páirtí i gCeannas |
Maoiniú CILP a Bronnadh |
|
Ceatharlach |
Mol Pobail Bhóthair na Tulaí |
Comhairle Contae Cheatharlach |
€4,135,178 |
|
Corcaigh |
Lárionad Pobail Réileáin |
IRD Duhallow |
€1,595,574 |
|
Gaillimh |
Áras Lae, Maigh Cuilinn |
Údarás na Gaeltachta |
€6,000,000 |
|
Cathair na Gaillimhe |
Lárionad Pobail an Chaisleáin Nua |
Comhairle Cathrach na Gaillimhe |
€4,343,255 |
|
Maigh Eo |
Teach Gasóg agus Lárionad Pobail Bhéal an Átha |
Oirthuaisceart Mhaigh Eo |
€1,152,193 |
|
An Mhí |
Lárionad Pobail Choill Chluana |
Comhairle Contae na Mí |
€1,915,000 |
|
Muineachán |
Lárionad Pobail Bhuíochair |
Comhairle Contae Mhuineachán |
€2,667,785 |
|
Uíbh Fhailí |
Lárionad Pobail Mhuine Gall |
Comhairle Contae Uíbh Fhailí |
€1,407,660 |
|
Sligeach |
Lárionad Pobail Bhaile an Mhóta |
Comhairle Contae Shligigh |
€2,650,991 |
|
Sligeach |
Lárionad Pobail Chill Ghlas |
Comhairle Contae Shligigh |
€1,163,710 |
|
Loch Garman |
Forbairt Phobail Bhaile Uí Mhitigh |
Comhairle Contae Loch Garman |
€1,398,035 |
|
Loch Garman |
Lárionad Pobail Shéipéal na hAbhann |
Comhairle Contae Loch Garman |
€1,797,919 |
|
|
|
Iomlán |
€30,227,300 |
Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail 2022 – Lárionaid Phobail Reatha a Fheabhsú agus a Athchóiriú
In 2022 cuireadh maoiniú caipitil de bhreis is €45 milliún ar fáil chun lárionaid phobail a fheabhsú agus a athchóiriú i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon.
Bhí maoiniú ar fáil faoi 3 Chatagóir, agus deontais de suas le €300,000 ar fáil:
Catagóir 1: Miontionscadail/feabhsúcháin ar áiseanna - €10,000 go €25,000.
Catagóir 2: Mórthionscadail - €25,001 go €100,000
Catagóir 3: Tionscadail shuntasacha - €100,001 go €300,000
Bhí maoiniú ar fáil i gcomhair oibreacha caipitil cosúil le:
- oibreacha chun áiseanna comhroinnte a fheabhsú, ar nós áiseanna cistine agus leithris
- aisfheistiú fuinnimh, fuinneoga / doirse / córais téimh nua
- uasghráduithe ar chórais soilsithe agus láithreacha stáitse
- oibreacha chun fadhbanna sábháilteachta a réiteach, lena n-áirítear fadhbanna a aimsíodh in iniúchadh sábháilteachta dóiteáin
- oibreacha chun rochtain a fheabhsú dóibh siúd faoi mhíchumas
- feabhsúcháin chun líon nó caighdeán na seirbhísí don phobal a ardú, cosúil le béilí do sheandaoine agus áiseanna óige
- oibreacha chun Lárionaid Phobail a fhorbairt mar Mhoil Shóisialta trí fhorbairt Pictiúrlanna Pobail, Moil Óige agus Leabharlanna Poiblí
- oibreacha bunriachtanacha cothabhála (m.sh. cóiriú dín)
Is féidir na tionscadail ar éirigh leo faoi Chatagóirí 1, 2 agus 3 de Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail a fheiceáil anseo.
Eolas faoi mhaoiniú
Is féidir teacht ar eolas faoin mhaoiniú a leithdháileadh ar Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail anseo: Ciste Infheistíochta na Lárionad Pobail - Leithdháiltí Maoinithe
Déan teagmháil linn
Má tá ceisteanna agat faoi Chiste Infheistíochta na Lárionad Pobail déan teagmháil le CCIF@drcdg.gov.ie