Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh


Cuirtear cistiú ar fáil faoin Scéim um Bonneagair Caithimh Aimsire Lasmuigh le bonneagar nua caithimh aimsire lasmuigh a fhorbairt. Cuirtear tacaíocht ar fáil freisin leis an deisiú, an chothabháil, an feabhsú nó an cur chun cinn riachtanach a dhéanamh ar an mbonneagar caithimh aimsire lasmuigh atá i gceantair thuaithe ar fud na hÉireann cheana féin.

Tacaítear faoin scéim seo le gníomhaíochtaí caithimh aimsire lasmuigh, cosúil le siúl, siúlóireacht, rothaíocht, cadhcáil agus coisíocht. Is áisiúil úsáid a bhaint as acmhainní na tuaithe a chuireann le stíl mhaireachtála shláintiúil ghníomhach. Tacaítear le hacmhainn gheilleagrach agus turasóireachta an cheantair do phobail áitiúla agus do chuairteoirí turasóireachta araon.

Tá scéim 2024/2025 dúnta anois.

Tá achoimre ar an scéim iomlán le fáil anseo:

ORIS Scheme Outline 2024 - 2025
Amharc amharc

Is féidir teacht ar shonraí faoi thionscadail a maoiníodh faoi scéim roimhe seo a fháil anseo.

Cuirtear maoiniú ar fáil faoi an scéim mar seo a leanas:

Beart 1

  • Deisiú/forbairt/cur chun cinn agus margaíocht ar scála beag.
  • Maoiniú suas le €40,000 ag ráta 90% den chúnamh.
  • Is féidir le gach údarás áitiúil suas le 6 iarratas ar a mhéad a chur ar aghaidh.
  • Is féidir le gach cuideachta forbartha áitiúil suas le 3 iarratas ar a mhéad a chur ar aghaidh.

Beart 2

  • Deisiú/uasghrádú agus forbairt conairí/áiseanna nua ar scála meánmhéide.
  • Maoiniú suas le €200,000 ag ráta 90% den chúnamh.
  • Is féidir le gach údarás áitiúil suas le 3 iarratas ar a mhéad a chur ar aghaidh.
  • Is féidir iarratas amháin ar a mhéad a chur isteach in aghaidh na cuideachta forbartha áitiúla nó an chomhlachta Stáit.

Beart 3

Deisiú/uasghrádú agus forbairt conairí/áiseanna straitéiseacha nua ar scála mór

  • Maoiniú suas le €500,000 ag ráta 90% den chúnamh
  • Is féidir le húdaráis áitiúla agus comhlachtaí stáit iarratas amháin a chur isteach faoin mBeart seo.

Beart Forbartha Tionscadail

  • Tionscadail a fhorbairt go mion trína mbeifear ábalta iad a thabhairt chuig caighdeán ag a mbeifear ábalta iarratas a dhéanamh faoi Bheart 2 nó faoi Bheart 3.
  • Maoiniú suas le €50,000 ag ráta 90% den chúnamh.
  • Is féidir le húdaráis áitiúla dhá iarratas a sheoladh ar aghaidh faoin mBeart seo.
  • Is féidir le cuideachtaí forbartha áitiúla agus comhlachtaí stáit iarratas amháin a sheoladh ar aghaidh faoin mBeart seo.
  • Féadfaidh údaráis áitiúla a bhfuil oileáin amach ón gcósta a bhfuil cónaí orthu faoina gcúram iarratas breise amháin a chur isteach faoin mBeart seo (3 iarratas ar a mhéad) a bhaineann go díreach le tionscadal ar cheann de na hoileáin amach ón gcósta a bhfuil cónaí orthu.

Eolas teagmhála

Má bhíonn aon cheisteanna eile agat, déan teagmháil le ORIS@drcd.gov.ie.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat