Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh
- Foilsithe: 13 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 3 Meitheamh 2026
- Beart 1
- Beart 2
- Beart 3
- Beart Forbartha Tionscadail
- Spriocdháta le haghaidh iarratais
- Eolas teagmhála
Cuirtear cistiú ar fáil faoin Scéim um Bonneagair Caithimh Aimsire Lasmuigh le bonneagar nua caithimh aimsire lasmuigh a fhorbairt. Cuirtear tacaíocht ar fáil freisin leis an deisiú, an chothabháil, an feabhsú nó an cur chun cinn riachtanach a dhéanamh ar an mbonneagar caithimh aimsire lasmuigh atá i gceantair thuaithe ar fud na hÉireann cheana féin.
Tacaítear faoin scéim seo le gníomhaíochtaí caithimh aimsire lasmuigh, cosúil le siúl, siúlóireacht, rothaíocht, cadhcáil agus coisíocht. Is áisiúil úsáid a bhaint as acmhainní na tuaithe a chuireann le stíl mhaireachtála shláintiúil ghníomhach. Tacaítear le hacmhainn gheilleagrach agus turasóireachta an cheantair do phobail áitiúla agus do chuairteoirí turasóireachta araon.
Tá iarratais á nglacadh faoi scéim 2026/2027 faoi láthair.
Tá achoimre ar an scéim iomlán le fáil anseo:
Is féidir teacht ar shonraí faoi thionscadail a maoiníodh faoi scéim roimhe seo a fháil anseo.
Soláthraítear maoiniú faoin Scéim Infreastruchtúr Áineasa Allamuigh mar seo a leanas:
Beart 1
- Deisiú/forbairt/cur chun cinn agus margaíocht ar scála beag.
- Maoiniú suas le €40,000 ag ráta 90% den chúnamh.
- Is féidir le gach údarás áitiúil uasmhéid de *6 iarratas a chur isteach.
- Is féidir le gach cuideachta forbartha áitiúil suas le 3 iarratas ar a mhéad a chur ar aghaidh.
*I gcás ina bhfuil limistéar Gaeltachta agus/nó Oileán amach ón gcósta ag údarás áitiúil, ceadófar dóibh iarratas breise amháin faoi bheart 1 a chur isteach suas le luach €40,000, agus ní mór é seo a mharcáil go soiléir mar Ghaeltacht nó Oileán.
Beart 2
- Deisiú/uasghrádú agus forbairt conairí/áiseanna nua ar scála meánmhéide.
- Maoiniú suas le €200,000 ag ráta 90% den chúnamh.
- Is féidir le gach údarás áitiúil suas le 3 iarratas ar a mhéad a chur ar aghaidh.
- Is féidir iarratas amháin ar a mhéad a chur isteach in aghaidh na cuideachta forbartha áitiúla nó an chomhlachta Stáit.
Beart 3
- Deisiú/uasghrádú agus forbairt conairí/áiseanna straitéiseacha nua ar scála mór
- Maoiniú suas le €500,000 ag ráta 90% den chúnamh
- Is féidir le húdaráis áitiúla agus comhlachtaí stáit iarratas amháin a chur isteach faoin mBeart seo.
Beart Forbartha Tionscadail
- Tionscadail a fhorbairt go mion trína mbeifear ábalta iad a thabhairt chuig caighdeán ag a mbeifear ábalta iarratas a dhéanamh faoi Bheart 1, Bheart 2 nó faoi Bheart 3.
- Is féidir le húdaráis áitiúla suas le ceithre iarratas tosaíochta a chur isteach le luach iomlán €100,000 faoin mBeart seo. Más ann do dhóthain éilimh agus spéise, is féidir leo iarratas breise amháin a chur isteach le haghaidh conairí marcaíochta/cosáin mharcaíochta suas le €50,000. Is féidir le húdaráis áitiúla a bhfuil Gaeltacht agus/nó Oileán amach ón gcósta acu iarratas breise amháin a chur isteach faoin mBeart seo suas le €50,000.
- Is féidir le cuideachtaí forbartha áitiúla suas le trí iarratas tosaíochta a chur isteach le luach iomlán €70,000.
- Is féidir le comhlachtaí stáit iarratas amháin suas le €50,000 a chur isteach.
Spriocdháta le haghaidh iarratais
|
Beart |
Spriocdháta |
Dáta Ceadaithe (táscach) |
Tréimhse ama le haghaidh criochnaithe |
|
|
Beart 1 |
25 Meán Fómhair 2026 |
Ráithe 1 2027 |
18 mí |
|
|
Beart Forbartha Tionscadail |
25 Meán Fómhair 2026 |
Ráithe 1 2027 |
18 mí |
|
|
Beart 2 |
15 Nollaig 2026 |
Ráithe 2 2027 |
24 mhí |
|
|
Beart 3 |
15 Nollaig 2026 |
Ráithe 2 2027 |
24 mhí |
|
Eolas teagmhála
Má bhíonn aon cheisteanna eile agat, déan teagmháil le ORIS@drcdg.gov.ie