Foilsiú
Tacú le hInbhuanaitheacht ár bPobal ar na hOileáin agus ar an gCósta
- Foilsithe: 29 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 20 Iúil 2021
Beartas Forbartha Tuaithe 2021-2025 - Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann
Tá dúshláin roimh phobail ar oileáin agus pobail le cósta atá scoite amach atá cosúil le chéile, dúshláin i dtaobh bonneagair, athrú aeráide, seirbhísí agus ioncam a shaothrú, chomh maith le hathnuachan ó ghlúin go glúin.
- Féachtar leis an mbeartas seo a chinntiú go leanann ár n-oileáin amach ón gcósta de thacú le pobail inbhuanaithe agus bhríomhara agus go mbeidh deis ag cuairteoirí an cultúr, oidhreacht agus an saibhreas timpeallachta atá le fáil ar na hoileáin a thaithí agus a thuiscint.
- Bainfear sin amach tríd an "bPean Gnímh d'Fhorbairt Oileáin' atá ag teacht aníos. Féachtar leis an mbeartas seo a chinntiú go leanfaidh pobail le cósta ag baint tairbhe as na gnéithe ar leith a bhaineann le cósta na hÉireann agus na hacmhainní nádúrtha atá ann ar bhealach inbhuanaithe.