English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

An Scéim Feabhsúcháin Áitiúil

Faoin Scéim Feabhsúcháin Áitiúil (LIS), cuirtear maoiniú ar fáil chun cabhrú le húdaráis áitiúla obair feabhsúcháin a dhéanamh ar bhóithre príobháideacha agus ar bhóithre nach ndéantar cothabháil phoiblí orthu. Is cuid thábhachtach í an scéim freisin de na bearta atá le cur i gcrích faoi Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉirea, Beartas Forbartha Tuaithe 2021-2025 an Rialtais. Tá ceann de cholúin an phlean gnímh dírithe ar bhonneagar agus nascacht na tuaithe a fheabhsú.

Is bóithre incháilithe iad na bóithre a thugann rochtain ar:

  • phíosaí talún, a bhfuil dhá phíosa nó níos mó díobh faoi úinéireacht nó in úsáid ag daoine éagsúla, agus ní mór píosa amháin acu a bheith in úsáid chun críocha talmhaíochta, nó
  • chun críocha bainte (lena n-áirítear móin nó feamainn) ag beirt nó níos mó daoine, nó
  • phíosa talún amháin ar a laghad atá faoi úinéireacht nó in úsáid ag duine atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí talmhaíochta AGUS a sholáthraíonn rochtain ar leith chun críocha bainte (lena n-áirítear móin nó feamainn) do dhuine amháin eile ar a laghad, nó
  • ar thaitneamhachtaí amhail locha, aibhneacha nó tránna.

Má tá bóthar neamhphoiblí agat a bhfuil deisiú de dhíth air agus nach bhfuil cothabháil á déanamh air, déan teagmháil le do thoil le Údaráis Áitiúla lena fháil amach an mbeadh maoiniú LIS ar fáil.

Tá tuilleadh eolais faoin Scéim Feabhsúcháin Áitiúil le fáil san achoimre ar an scéim:

An Scéim Feabhsúcháin Áitiúil (Bóithre)
An Scéim Feabhsúcháin Áitiúil (Bóithre) Achoimre ar Scéim 2025
Amharc amharc

Cé go gcuireann an Roinn maoiniú ar fáil don LIS, tá an scéim á riar ag údaráis áitiúla a bhfuil freagracht orthu as na bóithre a roghnú agus iad a chur in ord tosaíochta. Is iad na húdaráis áitiúla, a bhíonn i dteagmháil le tairbhithe na scéime, a fhaigheann na hiarratais go díreach.

Is féidir tuilleadh eolais faoin maoiniú a leithdháiltear ar údaráis áitiúla don Scéim Feabhsúcháin Áitiúil a fháil anseo:

Leithdháiltí maidir le Maoiniú na Scéime Feabhsúcháin Aitiúil