Ár dTodhchaí Tuaithe: Tá beagnach €2.3 milliún fógartha ag an Aire Humphreys chun 50 tionscadail caitheamh aimsire lasmuigh nua a fhorbairt
- Foilsithe: 21 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Tacóidh cistiú le hobair ullmhúcháin a theastaíonn chun tionscadail mhórscála áineasa faoin aer a thabhairt go dtí céim réidh le sluasaid
- Cinnteoidh infheistíocht go mbeidh píblíne láidir de thionscadail taitneamhachta lasmuigh ar fud na tíre sna blianta atá le teacht
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, inniu (Dé Máirt, 21 Samhain 2023) maoiniú de bheagnach €2.3 milliún chun tacú le forbairt 50 tionscadal eachtraíochta faoin aer ar fud na hÉireann.
Beidh an infheistíocht faoin Scéim Infreastruchtúir Caitheamh Aimsire Lasmuigh (ORIS) ríthábhachtach maidir le feabhas a chur ar thaitneamhachtaí amuigh faoin aer mar ár siúlbhealaí, ár rotharbhealaí, aibhneacha, lochanna agus tránna.
Nuair a dhéanfar na tionscadail a sheachadadh ar deireadh, cuirfidh siad go mór le geilleagair áitiúla trí chuairteoirí a mhealladh agus cur lenár gcáil mar cheann scríbe don turasóireacht eachtraíochta.
Infheisteofar an maoiniú seo i 50 tionscadal áineasa lasmuigh atá ag céim luath forbartha faoi láthair.
Tá maoiniú suas le €50,000 le fáil ag na tionscadail seo chun iad a thabhairt chuig céim réidh le sluasaid. Nuair a bheidh siad réidh le sluasaid, beidh siad in ann tuilleadh maoinithe a fháil trí bhearta eile na Scéime um Bonneagar Caitheamh Aimsire Lasmuigh.
Fógróidh an tAire Humphreys go luath an bhliain seo chugainn maoiniú do sheachadadh tionscadal ar an talamh faoi Bhearta eile na scéime.
I measc na dtionscadal atá á maoiniú faoin mBeart Forbartha Tionscadal inniu tá:
- Cill Ala, Co. Mhaigh Eo: Costais pleanála comhshaoil - €50,000 a scóip le cruthú na chéad sceir shaorga faoi uisce in Éirinn i gCuan Chill Ala.
- Sliabh Bearnach, Co. an Chláir:Staidéar féidearthachta chun Mol Rothaíochta a fhorbairt i Sliabh Bearnach - €50,000
- Linn Taoide Árann, Co. na Gaillimhe: Staidéar Féidearthachta chun linn taoide a sholáthar ar Árann cois cladaigh - €35,847
- Dhoire Fhuinsigh, Co. Laoise: Staidéar Féidearthachta d'fhorbairt fhéideartha Cheantar Taitneamhachta Dhoire Fhuinsigh - €44,280
- An Caisleán Riabhach, Co. Ros Comáin: Scagadh, measúnuithe comhshaoil agus ullmhúchán d'fhorbairt Chosán Cois Abhann an Chaisleáin Riabhaigh - €50,000
- Ceann Bhré, Co Chill Mhantáin:Plean Caitheamh Aimsire chun an tírdhreach a bhainistiú agus a chosaint agus caitheamh aimsire sábháilte agus cuí a chinntiú - €45,000
- Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman:Pleanáil agus dearadh le haghaidh deiseanna spóirt uisce i Ros Mhic Thriúin agus sa chuid taoide den Bhearú - €47,579
Ag fógairt an mhaoinithe, dúirt an tAire Humphreys:
“Táimid ag druidim isteach i laethanta dorcha an gheimhridh anois agus tá sé níos tábhachtaí ná riamh an leas is fearr a bhaint as na huaireanta lómhara solas lae sin trí dhul amach nuair is féidir leat.
“Tacóidh an maoiniú atá á fhógairt agam inniu le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar ár gconairí fánaíochta, ar ghníomhaíochtaí uisce-bhunaithe agus ar áiseanna eile, rud a fhágann go mbeidh siad níos taitneamhaí fós ar féidir le teaghlaigh cuairt a thabhairt orthu ar fud na tíre.
“Is féidir linn go léir taitneamh a bhaint as na háiseanna seo. Mholfainn do gach duine ar féidir leis dul amach agus an tairbhe is fearr a bhaint as a bhfuil le tairiscint ag ár dtuath.”
Lean an tAire Humphreys ar aghaidh, agus dúirt:
“Cheadaigh polasaí Forbartha Tuaithe an Rialtais, ‘Ár dTodhchaí Tuaithe’, dúinn infheistíocht a dhéanamh inár n-áiseanna amuigh faoin aer ag leibhéal nach bhfacthas riamh cheana in Éirinn.
“Is féidir na buntáistí eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann leis an infheistíocht seo dár gceantar tuaithe a fheiceáil inniu tríd an líon gan fasach daoine a bhaineann taitneamh as na háiseanna nua atá maoinithe ag mo Roinn i gcomhar le pobail áitiúla ar fud na tíre.
“Tá áthas orm freisin go mbeidh an infheistíocht seo mar chéim eile chun cinn maidir le Straitéis uaillmhianach nua an Rialtais um Chaitheamh Aimsire Lasmuigh a bhaint amach – Ag Glacadh le hÉirinn Amuigh Faoin Aer,.”
Tá liosta iomlán de na tionscadail rathúla ar fáil thíos.
Nótaí
Liosta de Thionscadail Rathúla Beart Forbartha Tionscadal ORIS
Ár dTodhchaí Tuaithe
Is é Ár dTodhchaí Tuaithe an polasaí uile-rialtais don tuath in Éirinn don tréimhse 2021-2025. Is cloch mhíle nua é sa chur chuige maidir le polasaí forbartha tuaithe d’Éirinn agus glacann sé cur chuige níos straitéisí, uaillmhianaí agus iomlánaíoch chun infheistíocht a dhéanamh i gceantair thuaithe agus deiseanna a uasmhéadú dóibh.
Ag Glacadh le hÉirinn Amuigh Faoin Aer
Forbraíodh Ag Glacadh le hÉirinn Amuigh Faoin Aer, an Straitéis Náisiúnta nua um Chaitheamh Aimsire Lasmuigh 2023-2027, a lainseáladh in 2023 i gcomhar le Comhairle na Tuaithe agus is straitéis chomhoibríoch Tras-Rialtais í, faoi cheannas na ngeallsealbhóirí. Léiríonn sé tuairimí na bpáirtithe leasmhara, an phobail agus an Rialtais ar fad agus leagann sé amach an chéim chun forbairt inbhuanaithe na hearnála áineasa lasmuigh in Éirinn a neartú agus tacú léi ar feadh na mblianta atá le teacht.
Soláthraíonn an Scéim um Bonneagar Áineasa Lasmuigh (ORIS) maoiniú mar seo a leanas:
- Beart 1: Deisiú/forbairt/cur chun cinn agus margaíocht ar mhionscála (deontas suas le €30,000 ar fáil)
- Beart 2: Uasghrádú meánscála agus forbairt conairí/taitneamhachta nua (deontas suas le €200,000 ar fáil)
- Beart 3: Deisiúchán/uasghrádú ar mhórscála agus forbairt rian straitéiseach/taitneamhachta nua (deontas suas le €500,000 ar fáil)
- Beart Forbartha Tionscadal: Costais forbartha do thionscadail mhórscála straitéiseacha de chineál Beart 2 nó Bheart 3 m.sh. dearadh mionsonraithe, ullmhúchán don phleanáil agus/nó don soláthar, measúnú cuí srl. (deontas suas le €50,000 ar fáil)