Cloch mhíle bainte amach maidir leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda agus Pointí Ceangailte Leathanbhanda á seoladh ag an Aire Humphreys agus ag an Aire Ryan
- Foilsithe: 8 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

- Níos mó ná 50 suíomh ceangailte ar fud na tíre faoi thionscnamh nua "Pobail á Nascadh"
- 275 suíomh le bheith ceangailte roimh dheireadh na bliana
Tá sé fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys TD, agus ag an Aire Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Líonraí Cumarsáide, Eamonn Ryan T.D., inniu , go bhfuil an chéad ghrúpa de Phointí Ceangailte Leathanbhanda ceangailte inniu, príomhghné de Phlean Náisiúnta Leathanbhanda an Rialtais.
Tá na Pointí Ceangailte Leathanbhanda (BCPanna) i measc na gcéad áitribh a ceanglaíodh faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda agus tá siad suite i gceantair thuaithe ina bhfuil cuid de na pobail is uaigní sa tír, lena n-áirítear na hoileáin amach ó chósta Dhún na nGall, Chiarraí, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chorcaí.
Beidh na pobail ábalta teacht a bheith acu ar idirlíon ardluais a bheifear in ann a fháil ag suíomhanna a mbeidh teacht ag an bpobal orthu faoi thionscnamh nua Pobail á Nascadh an Rialtais.
Is ag Ionad Pobail Ghleann an Smóil i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath a rinne an tAire Humphreys agus an tAire Ryan an fógra i dteannta Anne O'Leary, Príomhfheidhmeannach Vodafone Ireland, agus David McCourt, Cathaoirleach Leathanbhanda Náisiúnta Éireann.
Tá Ionad Pobail Ghleann an Smóil ar cheann de na chéad BCPanna atá anois ceangailte mar chuid den rolladh amach BCP trína gceanglófar breis is 200 pointe rochtana poiblí faoi dheireadh na bliana 2020 chomh maith le 75 scoil BCP. Tá tuilleadh suiteálacha beartaithe an bhliain seo chugainn, rud a fhágfaidh go mbeidh 300 pointe rochtana poiblí ceangailte in 2021.
Ag fógairt an tionscnaimh, dúirt an tAire Humphreys :
"Léiríonn seoladh na bPointí Ceangailte Leathanbhanda faoin tionscnamh Pobail á Nascadh an infheistíocht atáthar a dhéanamh i dtodhchaí na gceantar tuaithe agus, leis sin, tugtar aitheantas don méid a chuireann ceantair thuaithe le cultúr, nuálaíocht agus geilleagar na tíre. Tá os cionn 50 suíomh ceangailte cheana ag Vodafone Ireland agus ag an NBI, agus beidh tuilleadh suíomhanna á suiteáil gach seachtain as seo go deireadh na bliana.
"Léirítear, de bharr ghéarchéim COVID-19, an luach atá le teicneolaíocht dhigiteach ar mhaithe le hoibrithe, gnóthaí, agus teaghlaigh a bheith ábalta fanacht i dteagmháil lena chéile. Is éard ata beartaithe leis na BCPanna daoine a thabhairt le chéile trí nascacht dhigiteach agus is é an dlúthchaidreamh sin bhfuilim ag iarraidh béim a leagan air.
"Nuair atá daoine ábalta a bheith ag obair óna gcuid bpobal féin, is féidir leo na dlúthcheangail is mó a bhfuil tábhacht leo a choinneáil: lena muintir, lena gcairde, lena bpobal, agus lena mbailte. Ach anuas ar sin, is féidir leo a dtacaíocht a thabhairt do ghnóthaí, spóirt agus do ghrúpaí pobail áitiúla, agus is ar mhaithe le pobail inbhuanaithe atá sé sin ar fad."
Dúirt an tAire Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Líonraí Cumarsáide, Eamon Ryan TD,:
"Tá an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ar cheann de na hinfheistíochtaí caipitil is tábhachtaí ó bunaíodh an Stát. Déanfar athrú ó bhun ar na pobail sin, ar pobail iad a fágadh ar lár go rómhinic.
"Tá na céadta suíomh tuaithe á nascadh ag an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda trí úsáid a bhaint as suíomhanna mar Ionad Pobail Ghleann an Smóil sula ndéanfar snáithín a rolláil amach chuig teaghlaigh faoin tuath ar fud na tíre.
"Tá feicthe againn le cúpla mí anuas chomh tábhachtach agus atá sé go bhfanfaimis ceangailte lena chéile chomh maith leis an tábhacht a bhaineann leis na deiseanna a thagann le digitiú. Mar thoradh ar infheistíocht an Rialtais sa Phlean Náisiúnta Leathanbhanda beidh pobail tuaithe agus teaghlaigh faoin tuath ábalta na buntáistí sin a roinnt agus aghaidh a thabhairt ar an mbearna dhigiteach atá ann."
Dúirt Anne O'Leary, Príomhfheidhmeannach Vodafone Ireland:
"Tá bród ar Vodafone i bheith i gcomhpháirtíocht leis an Rialtas inniu chun Pobail á Nascadh - Pointí Ceangailte Leathanbhanda i bpobail tuaithe ar fud na hÉireann - a sheoladh go hoifigiúil. Tá ríméad orm a fhógairt go bhfuil an chéad 50 pointe ceangailte beo anois.
"Tá athrú mór tagtha le hocht mí - ar an gcaoi a gcaithimid an saol, a n-oibrímid agus a bhfuilimid i mbun caidrimh lena cheile - agus táimid imithe chun cinn i dtaobh dul i ngleic leis an tsochaí dhigiteach. Mar thoradh ar an athrú ó bhun atá tagtha ar an saol i dtaobh an méadú ar chianobair nó obair chliste, an méadú atá ar fhoghlaim, siopadóireacht agus ar idirghníomhaíocht shóisialta ar líne tá athrú tobann tagtha ar an ngá atá againn le nascacht agus mar a úsáidimid í.
"Ní mór dúinn díriú anois ar shochaí agus ar gheilleagar na tíre a thabhairt ar ais mar a bhí ach iad a dhéanamh níos láidre, níos iomaíche, níos digití agus níos cuimsithí. Tá a fhios againn go gcaithfidh nascacht a bheith i gcroílár an téarnaimh sin. Cuirfidh na BCPanna deis ar fáil chun creatlach eacnamaíoch agus shóisialta na mbailte agus na bpobal tuaithe a athrú ó bhun trí dhul i ngleic leis an mbearna dhigiteach, saol dhaoine a fheabhsú, fostaíocht a chruthú agus fás geilleagrach tuaithe a spreagadh.
Ag cur fáilte roimh sheoladh an tionscnaimh, dúirt David McCourt, Cathaoirleacht Leathanbhanda Náisiúnta Éireann:
“Is mór an t-údar bróid an lá inniu do NBI mar go gcuirfear tús inniu leis na chéad cheangail inláimhsithe sna pobail ionas go mbeidh siad in ann ceangal ardluais a fháil mar chuid den Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.
"Tugann Pointí Ceangailte Leathanbhanda deis do phobail tuaithe teacht ar idirlíon ardluais agus leagfaidh sin an bealach chun an Plean Náisiúnta Leathanbhanda a scaoileadh amach níos leithne ar tionscadal ollmhór é. Cuirfear leathanbhanda Fibre to the Home ar fáil go díreach chuig beagnach 540,000 baile, feirm agus gnó. Táimid thar a bheith sásta go mbeidh pobail in ann leas a bhaint as na sochair athraitheacha a bhaineann le ceangal ardluais i saol na ndaoine.
“Ó bronnadh an conradh orainn chun an Plean Náisiúnta Leathanbhanda a sholáthar agus ó cuireadh tús leis an obair i mí Eanáir, tá an fhoireann imithe i mbun oibre go tapa agus tá an-dul chun cinn déanta ar an sceideal lena rolladh amach. Tá na foirne s’againne ag obair ar fud 23 contae agus tá suirbhé déanta againn ar bhreis is 98,000 áitreabh. Mar chuid den suirbhé sin caitear an bealach a bhfuil an snáithín le leagan a shiúil.
“Tá 8,000 áitreabh inghlactha agus beidh ceangailte le seirbhís leathanbhanda ardluais faoi dheireadh na bliana agus táimid mórtasach ár gcuid a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil an rochtain chéanna ag gach duine ar fud na hÉireann ar leathanbhanda ardluais agus ar na deiseanna a thagann leis sin.”
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí::
Dícheall i gcomhar é tionscnamh BCP idir an Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe, an Roinn Comshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Cumarsáide, Rialtais Áitiúla agus úinéirí agus bainisteoirí na suíomhanna BCP.
Táthar ag súil go ndéanfar c.200 suíomh rochtana poiblí BCP agus 75 scoil BCP a cheangal sa bhliain 2020 agus breis suíomhanna a cheangal i dtús na bliana 2021.
Beidh fócas agus charachtar á chuid féin ag gach BCP. Tacóidh roinnt díobh le hobair ó chian, éascóidh cinn eile staidéar agus oiliúint i scileanna digiteacha agus feidhmeoidh go leor díobh mar mhoill rochtana ag an bpobal agus wifi ar fáil lasmuigh agus laistigh.
Cuirfear ceangal leathanbhanda ardluais gan sreang sealadach de suas le 150mps ar fáil sna BCPanna a choinneoidh siad go ceann trí bliana nó go gcuirfear ceangal leathanbhanda ardluais buan ar fáil faoin NBP.
Feidhmeoidh Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (NBI) mar an Soláthraí Seirbhíse Mórdhíola (WSP) agus gníomhóidh Vodafone Ireland mar an Soláthraí Seirbhíse Miondíola (RSP).