Infheistíocht bhreise do chonairí siúil in Éirinn agus an leathnú is deireanaí ar Scéim na Siúlóidí fógartha ag an Aire Calleary
- Foilsithe: 16 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Bealtaine 2025
- 22 conair nua curtha le Scéim na Siúlóidí, ar fud 10 gcontae dhifriúla.
- Tacaíocht á tabhairt faoin tionscnamh anois do 164 conair, ina bhfuil 2,850 sealbhóir talún rannpháirteach.
- Maoiniú €465,000 fógartha chun feabhas agus uasghrádú a dhéanamh ar 49 conair siúil ar fud na tíre.
D'fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, inniu (Dé hAoine, 16 Bealtaine), go mbeidh 22 conair nua á gcur le Scéim Siúlóidí na Roinne, chomh maith le breis is €465,000 maoiniú do thionscadail chun tacú le 49 conair atá mar chuid de Scéim na Siúlóidí cheana féin agus feabhas a chur orthu.
Tá na 22 conair nua a fógraíodh inniu scaipthe ar fud 10 gcontae agus áirítear orthu sin conairí ar nós Shiúlóid an tSáis i gCiarraí, ina bhfuil 40 úinéir talún rannpháirteach, agus Siúlóid Lúibe Keenagh i Maigh Eo a bhfuil os cionn 20 úinéir talún i gceist léi. Tá dhá chonair lonnaithe ar Chliara freisin. Is féidir na mionsonraí maidir leis na 22 conair nua a fháil i gcuid na nótaí thíos.
Chomh maith leis sin, d'fhógair an tAire Calleary maoiniú sa bhreis ar €465,000 freisin faoi Chiste Forbartha Scéim na Siúlóidí chun tacú le 49 conair atá faoi Scéim na Siúlóidí cheana féin agus feabhas a chur orthu.
Áirítear ar thionscadail atá ag fáil tacaíochta, feabhsúcháin dromchla ar scála beag, comharthaíocht agus marcanna slí, limistéir phicnice agus caitheamh aimsire agus conairí atá in aice le bóithre atá gnóthach a chur ar mhalairt slí. Beidh na tionscadail seo faoi stiúir cuideachtaí forbartha áitiúla i gcomhar le húinéirí talún, eagraíochtaí bainistíochta conairí pobail agus páirtithe leasmhara eile. Tá liosta de na tionscadail ar fáil i gcuid na nótaí thíos.
Dúirt an tAire Calleary, le linn dó an fógra a bheith á dhéanamh aige:
“In Éirinn, tá ár gceantar tuaithe álainn ar cheann de na hacmhainní is luachmhaire atá againn. Tá an t-ádh dearg orainn conairí siúlóide iontacha a bheith againn ar fud na tíre agus úinéirí talún atá flaithiúil agus atá sásta rochtain phoiblí a cheadú chuig conairí a thrasnaíonn a gcuid talún.
“Is cúis áthais dom a fhógairt inniu go bhfuil 22 conair ceadaithe i bprionsabal chun iad a chur le Scéim na Siúlóidí chomh maith le maoiniú chun feabhsúchán breise a dhéanamh ar 49 conair atá sa scéim cheana féin.
“Tá mo roinn tiomanta do thacú le forbairt, cothabháil agus cur chun cinn bonneagar caitheamh aimsire ag teacht le haidhmeanna 'Téigh Amach Faoin Aer' straitéis náisiúnta na hÉireann um áineas faoin aer.
“Is mian liom buíochas a ghlacadh leis na húinéirí talún go háirithe, as na deiseanna seo a chur ar fáil. Níl aon amhras ann maidir leis na buntáistí sláinte agus folláine atá á soláthar ag na conairí seo agus an tionchar geilleagrach is féidir leo a chur ar fáil freisin trí chur le líon na gcuairteoirí chuig ceantair thuaithe na hÉireann.”
Comhlíonann fógra an lae inniu tiomantas atá i Téigh Amach Faoin Aer, Straitéis Náisiúnta Áineasa Allamuigh 2023-2027, sé sin líon na gconairí i Scéim na Siúlóidí a mhéadú go 150.
Ag plé an fhógra dó, dúirt an tAire Stáit, Jerry Buttimer, TD:
“Tá an Roinn seo tiomanta tacú le cuideachtaí forbartha áitiúla atá ag obair i gcomhar le grúpaí pobail chun forbairt agus feabhas a chur ar na conairí seo. Is mian liom buíochas a ghabháil leis na grúpaí pobail áitiúla go léir a bhí rannpháirteach san obair.
“Ní féidir dóthain moladh a thabhairt don tionchar dearfach atá ag na conairí seo ar phobail áitiúla. Bheinn ag moladh don uile dhuine a dhul ar thóir na gconairí seo agus blaiseadh a fháil d'áilleacht na tuaithe atá thart timpeall orthu.”
Nótaí d'eagarthóirí:
Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann
Is ionann Todhchaí Cheantair Thuaithe na Éireann agus beartas uile-rialtais don tuath in Éirinn don tréimhse 2021-2025. Leis an mbeartas, cuirtear treoirphlean ar fáil i ndáil le ceantair thuaithe na hÉireann atá rathúil agus ionchuimsitheach agus glactar le cur chuige níos straitéisí, níos uaillmhéine agus níos iomlánaíche i dtaca le hinfheistíocht a dhéanamh i gceantair thuaithe agus na deiseanna atá ar fáil iontu a uasmhéadú. Tá Creatlach Oibre Cheantair Thuaithe na hÉireann 2025 agus an 7ú Tuarascáil maidir le Dul Chun Cinn Cheantair Thuaithe na hÉireann le fáil anois ar láithreán gréasáin na Roinne.
Téigh Amach Faoin Aer, Straitéis Náisiúnta Áineasa Allamuigh 2023-2027
Is ionann Téigh Amach Faoin Aer agus straitéis tras-Rialtais faoi stiúir páirtithe leasmhara a bhfuil forbairt déanta uirthi i gcomhar le Comhairle na Tuaithe. Faoin straitéis, déanfar forbairt agus bainistiú inbhuanaithe na hearnála caitheamh aimsire lasmuigh a threorú agus a éascú sna chéad cúig bliana eile atá amach romhainn. Tá sé mar aidhm léi freisin cur le rannpháirtíocht ar mhaithe le buntáistí sóisialta, sláinte agus geilleagracha a bhaint amach.
Scéim na Siúlóidí
Éascaítear le Scéim na Siúlóidí forbairt agus cothabháil na bpríomhchonairí siúlóide ag úinéirí talún príobháideacha. Tá an scéim á riaradh ag 22 Cuideachta Forbartha Áitiúil (CFÁ) a dhéanann an scéim a chur i gcrích ina gcuid ceantar féin thar ceann na Roinne.
Déanann an Roinn maoiniú ar 23 Oifigeach Áineasa Tuaithe (OÁT) sna CFÁ seo, le cuidiú ó Fáilte Éireann, chun cuidiú leis an Scéim a chur i gcrích agus chun tacú le tionscnaimh áineasa tuaithe eile ag leibhéal áitiúil.
I láthair na huaire tá céad i bprionsabal ann do 142 conair lena gcur san áireamh i Scéim na Siúlóidí. Go dtí seo, tá 101 conair curtha leis an Scéim agus tá obair idir lámha chun na conairí atá fanta a chur leis an Scéim chomh luath agus is féidir. Beidh aithint úinéirí talún ag na Cuideachtaí Forbartha Áitiúla feadh na conaire i gceist leis seo agus creatlach oibre a fhorbairt do gach aon cheann acu ina leagfar amach an obair a bheidh i gceist ó thaobh cothabháil a dhéanamh ar a gcuid den chonair.
Tabharfaidh na 22 conair nua a fógraíodh inniu go 164 an líon conairí le cead i bprionsabal a bheidh ag dul isteach faoi Scéim na Siúlóidí.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le Scéim Náisiúnta Áineasa Allamuigh 2023-2027 féach anseo agus is féidir mionsonraí maidir le Scéim na Siúlóidí a fháil anseo.
Liosta de na 22 conair a ceadaíodh i bprionsabal lena gcur faoi Scéim na Siúlóidí.
Contae |
Ainm na Conaire |
Ainm na Cuideachta Forbartha Áitiúil atá freagrach |
An Cabhán |
Cosán Bruse Hill |
Forbairt Áitiúil Chontae an Chabháin |
Corcaigh |
Siúlóid Lúibe Yew Tree Hill |
Cuideachta Forbartha Iarthar Chorcaí |
Ciarraí |
Siúlóid an tSáis |
Oirthuaisceart Chiarraí Thiar |
Liatroim |
Fowley's Fall |
Cuideachta Forbartha Liatroma |
Liatroim |
O’Rourke’s Table |
Cuideachta Forbartha Liatroma |
Luimneach |
Siúlóid Lúibe an Ghleanna Bhig |
Forbairt Bhealach Eabhra |
Luimneach |
Bealach Lough Ghe |
Forbairt Bhealach Eabhra |
Luimneach |
Cosán Knights |
Forbairt Bhealach Eabhra |
Maigh Eo |
Siúlóid Lúibe an Fháin Ghlais - Siúlóid Lúibe Chliara |
Comhar na nOileán CTR |
Maigh Eo |
Siúlóid Lúibe Knocknaveena - Siúlóid Lúibe Chliara |
Comhar na nOileán CTR |
Maigh Eo |
Siúlóid Lúibe Keenagh |
Cuideachta Forbartha Iardheisceart Mhaigh Eo CLG |
Maigh Eo |
Conair Chósta Bhaile Uí Fhiacháin |
Cuideachta Forbartha Iardheisceart Mhaigh Eo CLG |
Ros Comáin |
Siúlóid Phortach Ardaithe Cheathrú Bheithí/na Cathrach |
Comhpháirtíocht Leader Ros Comáin |
Ros Comáin |
Siúlóid Kiltullagh Church |
Comhpháirtíocht Leader Ros Comáin |
Ros Comáin |
Siúlóid Lúibe Portaigh Chnoc an Bhiocáire |
Comhpháirtíocht Leader Ros Comáin |
Ros Comáin |
Siúlóid Portaigh an Tearmainn |
Comhpháirtíocht Leader Ros Comáin |
Tiobraid Árann |
Vee Valley |
Cuideachta Forbartha Áitiúla Thiobraid Árann Theas |
Port Láirge |
Conair Ramp Boreen |
Cuideachta Leader Phort Láirge |
Loch Garman |
Conair Jean Kennedy Smith |
Forbairt Áitiúil Loch Garman |
Loch Garman |
Conair Siúlóide Aillte Ros Láir |
Forbairt Áitiúil Loch Garman |
Loch Garman |
Conair na hUrrainne Inis Córthaidh |
Forbairt Áitiúil Loch Garman |
Loch Garman |
Conair Ringwood |
Forbairt Áitiúil Loch Garman |
Liosta de 49 tionscadal a ceadaíodh faoi Chiste Forbartha Scéim na Siúlóidí
Cuideachta Forbartha Áitiúil |
Ainm na Tionscadail |
Cur síos |
Costas |
Cuideachta Forbartha Bhealach Eabhra |
Bealach Eabhra – Uasghrádú conaire |
An chonair curtha ar mhalairt slí amach ón mbóthar. Cuimseofar próifíliú, fálú, slí mharcáil agus comharthaíocht conaire san obair. |
€10,000.00 |
Cuideachta Forbartha Bhealach Eabhra |
Siúlóid Lúibe Molanna - Deisiú agus uasghrádú conaire |
Deisiú stíleanna, geataí, céimeanna, limistéir áineasa, draenáil, dromchla conaire agus fálú. |
€10,000.00 |
Cuideachta Forbartha Bhealach Eabhra |
Siúlóid Lúibe Moore Abbey – Síneadh curtha leis an gconair chomh fada leis an tornóg aoil stairiúil |
Ullmhúchán, dromchlú conaire agus droichead srutha a shuiteáil chun rochtain a thabhairt don lucht siúlóide ar choillearnach dhúchasach agus ar thornóg aoil stairiúil. |
€10,000.00 |
Cuideachta Forbartha Áitiúil an Chabháin |
Slí an Chabháin - An bealach a chur ar mhalairt slí |
Athdhromchlú an chosáin a thagann amach ó Log an Sionna chun coisithe a chosc ó shiúl amach ar an mbóthar agus bealach níos sábháilte agus níos compordaí a chruthú. |
€10,000.00 |
Cuideachta Forbartha Áitiúil an Chláir |
Siúlóid Lúibe Bhaile Uí Bheacháin - Oibreacha conaire |
Athsholáthar déanta ar líon geataí ar shiúlóid lúibe Bhaile Uí Bheacháin agus comharthaíocht nua suiteáilte. |
€5,856.00 |
Cuideachta Forbartha Áitiúil an Chláir |
Slí Bhoirne - Uasghrádú comharthaíocht agus cláir léarscáile |
Athsholáthar déanta ar dhá chlár léarscáile agus uasghrádú comharthaíochta ar Shlí Bhoirne. |
€9,256.00 |
Cuideachta Forbartha Áitiúil an Chláir |
Slí Oirthear an Chláir - Oibreacha dromchla conaire |
Uasghrádú agus deisiú dromchla conaire i gceantar na Craige Léithe. |
€9,890.00 |
Cuideachta Forbartha Áitiúil an Chláir |
Siúlóid Lúibe Coille Bhaile Uí Bheacháin - Oibreacha uasghrádaithe conaire |
Comharthaíocht treo a raibh damáiste déanta dó a athsholáthar agus oibreacha gairbhéal ar chuid de bhóthar na feirme. |
€8,025.00 |
Comhpháirtíocht Co. Chill Mhantáin |
Bealach Chill Mhantáin - Deisiú conairí |
Athdhromchlú conaire mar gheall ar dhamáiste a rinne an aimsir agus innealra feirme. |
€10,000.00 |
Comhar na nOileán |
Slí Bhéarra Oileán Baoi - Limistéar Picnice |
Limistéar picnice agus suí a chur ar fáil ar chonair Oileán Baoi. |
€10,000.00 |
Comhar na nOileán |
Faoide – Léirmhíniú ar stair an oileáin |
Cláir chomharthaíochta nua agus ionad éisteachta fuaime a chur ar fáil chun cuntas mionsonraithe agus spéisiúil maidir le stair an oileáin a sholáthar. |
€10,000.00 |
CFÁ Dhún na nGall |
Bealach na Cruaiche Goirme - Glanadh tar éis damáiste stoirme |
Crainn atá ag blocáil agus atá contúirteach feadh an bhealaigh tar éis Stoirm Éowyn a thabhairt chun siúil agus Bealach na Cruaiche Goirme a oscailt go hiomlán arís. |
€10,000.00 |
Fóram Chonamara |
Slí Ó Maine - Deisiú dromchla conaire agus fálú |
Deisiú dromchla agus fálú nua ar achar 300m de chonair Shlí Ó Maine, in aice le sráidbhaile na Cealtraí Léithe. |
€10,000.00 |
Fóram Chonamara |
Lúibín Mhaírois - Uasghrádú bonneagar na conaire |
Uasghrádú ar chomharthaíocht bhonneagar na conaire, cuaillí, fálú, marcanna slí, stíleanna agus clár eolais |
€10,000.00 |
Fóram Chonamara |
Slí an Iarthair - Deisiú conaire ag Fionasclainn |
Roinnt codanna den chonair atá díghrádaithe le himeacht ama mar gheall ar sciorradh talún a dheisiú. |
€10,000.00 |
IRD Dhúiche Ealla |
Slí Dhúiche Ealla na Dubhabhann – Uasghrádú conaire |
Saincheisteanna sábháilteachta a aithníodh le linn chigireacht is deireanaí Spórt Éireann a chur ina gceart. |
€10,000.00 |
Comhpháirtíocht Leader Chill Chainnigh |
Cnoc Bhréanail - Deisiú na Teorann |
Athsholáthar a dhéanamh ar gheataí, crochadáin, stíleanna agus fálú. |
€10,000.00 |
Comhpháirtíocht Leader Chill Chainnigh |
Conair Lúibe Achadh Úr - Uasghrádú inrochtaineachta |
Athsholáthar bacainní fálaithe adhmaid, geataí agus stíleanna feadh chuid na habhann chun inrochtaineacht a fheabhsú. |
€10,000.00 |
Comhpháirtíocht Leader Chill Chainnigh |
An Geata Bán - Fálú a athsholáthar |
Athsholáthar 620m d'fhál sreang dheilgneach teorann le 620m d'fhál leictreach stocdhíonach. |
€10,000.00 |
Comhpháirtíocht Leader Chill Chainnigh |
Siúlóid Lúibe Choill Mhic Oiliféara - Oibreacha uasghrádaithe dromchla |
Athdhromchlú ar chuid ghnóthach 260m den chonair, stíleanna nua agus ráillí a raibh damáiste déanta dóibh a athsholáthar. |
€10,000.00 |
Comhpháirtíocht Leader Chill Chainnigh |
Gleann na Feoire - conair a chur ar mhalairt slí timpeall bhruach na habhann |
Conair a chur ar mhalairt slí seachas timpeall bhruach na habhann nach bhfuil sábháilte. Fálú bacainne suiteáilte ar mhaithe le sábháilteacht an úsáideora |
€10,000.00 |
Cuideachta Comhpháirtíochta Laoise |
Bealach Binnianea - Uasghrádú conaire |
Áirítear ar uasghrádú conaire, troscán conaire, comharthaíocht léirmhínithe agus uasghrádú dromchla conaire ar scála beag a shuiteáil chun cur le hinrochtaineacht na conaire. |
€10,000.00 |
Cuideachta Comhpháirtíochta Laoise |
Bealach Shliabh Bladhma - Uasghrádú conaire |
Uasghrádú conaire, lena n-áirítear troscán conaire, comharthaíocht thús na siúlóide a shuiteáil agus deisiú ginearálta ar scála beag na conaire. |
€10,000.00 |
Cuideachta Comhpháirtíochta Laoise |
Slí Uíbh Fhailí - Uasghrádú conaire |
Uasghrádú conaire, lena n-áirítear troscán conaire, comharthaíocht thús na siúlóide a shuiteáil agus deisiú ginearálta ar scála beag na conaire. |
€10,000.00 |
Cuideachta Forbartha Liatroma |
Slí na Mianadóirí & Conair Stairiúil - Deisiú conaire |
Uasghrádú comharthaíochta, ábhair dhraenála agus troscán conaire. |
€10,000.00 |
Cuideachta Forbartha Liatroma |
Slí Liatroma - Feabhsúcháin chonaire agus malairt slí bheag |
Uasghrádú conaire, comharthaíocht nua, ábhair dhraenála agus troscán conaire agus cur ar mhalairt slí na conaire timpeall ar limistéar leathbháite a thabhairt chun críche. |
€10,000.00 |
Cuideachta Forbartha Iarthar & Oirthuaisceart Chiarraí |
Slí an Daingin - Uasghrádú conaire |
Athdhromchlú 320m den chonair, a thugann aghaidh ar fhadhbanna draenála agus uasghrádú a dhéanamh ar riocht foriomlán na conaire. |
€10,000.00 |
Cuideachta Forbartha Iarthar & Oirthuaisceart Chiarraí |
Siúlóidí Ghleann na Ginte - Uasghrádú Conaire |
Athdhromchlú thart ar 1.5km den chonair in dhá áit: ceann amháin feadh na habhann agus an ceann eile ar bhóithrín isteach chuig cábán picnice lucht siúlóide. |
€9,993.65 |
Comhpháirtíocht Leader Ros Comáin |
Slí na Mianadóirí & Conair Stairiúil - Deisiú conaire - Oibreacha feabhsúcháin ar an gconair |
Oibreacha draenála agus obair chloiche ar an gconair a fheabhsú. |
€10,000.00 |
Comhpháirtíocht Leader Ros Comáin |
Bealach Lung Loch Uí Ghadhra - Oibreacha feabhsúcháin |
Dromchla na conaire ar an gcuid bhog a fheabhsú. |
€10,000.00 |
Acmhainneacht Chomhpháirtíocht Leader Ros Comáin |
Slí Ghleann an tSuca - Oibreacha feabhsúcháin |
Athdhromchlú a dhéanamh ar chuid den chonair |
€10,000.00 |
Comhpháirtíocht Leader Shligigh Teo |
Ceann Eachrois - Oibreacha athshlánaithe cosáin |
Clocha a chur arís ar chodanna den chosán atá creimthe, draenacha a oscailt agus fál a chur arís ar chodanna a bhfuil damáiste déanta dóibh. |
€10,000.00 |
Comhpháirtíocht Leader Shligigh Teo |
Sruth in Aghaidh an Aird - Tionscadal fálaithe |
Fálú a dhéanamh ar achar measta 300M in aice na conaire a bhfuil damáiste déanta dó. |
€10,000.00 |
Comhpháirtíocht Leader Shligigh Teo |
Bealach Lung Loch Uí Ghadhra - Oibreacha draenála agus deisithe cosáin |
Oibreacha draenála agus deisithe cosáin |
€10,000.00 |
Comhpháirtíocht Leader Shligigh Teo |
Slí na Mianadóirí & Conair Stairiúil - Deisiú conaire – Athdhromchlú Seanbhóthar an Chóiste |
Athdhromchlú na conaire áit ar tharla creimeadh. |
€10,000.00 |
Comhpháirtíocht Leader Shligigh Teo |
Slí Shligigh - Rialú an róslabhrais agus leathnú a dhéanamh ar an gcosán |
Rialú imfhás an róslabhrais feadh chuid Slieve Deane de Shlí Shligigh |
€10,000.00 |
Comhpháirtíocht Forbartha Chiarraí Theas |
An Póna/Cnoicín an Mhadra - Forbairt thús na siúlóide |
Feabhas a chur ar charrchlós thús na siúlóide atá ann cheana féin, lena n-áirítear, athdhromchlú binse picnice agus soithí plandaí. |
€10,000.00 |
Cuideachta Forbartha Thiobraid Árann Theas Teo |
Cosán Lúibe Felim Inch - Le cur ar mhalairt slí ón mbóthar poiblí |
Achar 250m a chur ar mhalairt slí ón mbóthar poiblí atá gnóthach. |
€10,000.00 |
Cuideachta Forbartha Thiobraid Árann Theas Teo |
Siúlóid Lúibe Chnoc an Loig - Crainn atá tite a thabhairt chun siúil agus an chonair a dheisiú |
Adhmad atá tite agus atá ag titim a thabhairt chun siúil agus dromchla na conaire a dheisiú mar gheall ar chrainn dhífhréamhaithe. Slí mharcáil agus comharthaíocht a dheisiú agus a chur ar ais. |
€10,000.00 |
Cuideachta Forbartha Thiobraid Árann Theas Teo |
Bealach Loch Dearg - Fáil réidh le crainn atá tite agus an chonair a dheisiú |
Adhmad atá tite agus atá ag titim a thabhairt chun siúil agus dromchla na conaire a bhfuil damáiste déanta ag crainn dhífhréamhaithe dhó a dheisiú ar fud choillte Seymours i mBaile Uí Dhroighneáin, Baile Uí Chomáin agus san Aonach. Slí mharcáil, comharthaíocht agus stíl a dheisiú agus a chur ar ais. |
€10,000.00 |
Cuideachta Forbartha Thiobraid Árann Theas Teo |
Slí Bhaile an Bharúnaigh - Ardán Féachana nua i nGarrán na Caoilce, sa Teampall Uachtarach, |
Ardán féachana nua ag an bpointe is airde i limistéar ar a dtugtar Garrán na Caoilce, in aice leis an Teampall Uachtarach, Co. Thiobraid Árann. |
€6,000.00 |
Cuideachta Forbartha Thiobraid Árann Theas Teo |
Slí Oidhreachta Thiobraid Árann – Deisiú conaire ar chosán Bhéal Locha |
Deisiú conaire agus uasghrádú draenála ag Béal Locha (Corrie Lake) |
€8,000.00 |
Cuideachta Forbartha Iardheisceart Mhaigh Eo |
Siúlóid Lúibe Bhuiríos Umhaill 1 - Pointe Féachana Shlí Rocky Mountain agus Limistéar Picnice |
Athdhromchlú ar chosán atá ann cheana féin chuig an bpointe féachana agus 2 bhinse atá inrochtana do chathaoireacha rothaí a shuiteáil ar bhonn coincréite, comharthaíocht treoir agus faisnéise. |
€10,000.00 |
Cuideachta Forbartha Iardheisceart Mhaigh Eo |
Conair Oidhreachta Chruach Phádraig - Sábháilteacht a Fheabhsú ag Pluaiseanna na hAille |
50m den chosán a chur ar mhalairt slí, ag ardú achar 120m den chosán ó limistéar atá fliuch áit a bhfuil sé faoi láthair agus fálú beostoic a dhéanamh ar an dá thaobh. |
€10,000.00 |
Comhpháirtíocht Leader Phort Láirge CLG |
Siúlóid Aille Airde Móire - Síneadh curtha le Fálú agus Athdhromchlú déanta |
Athdhromchlú, trasdraen suiteáilte agus síneadh 100m le fálú atá ann cheana féin le sábháilteacht lucht siúlóide a chinntiú agus Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta a chosaint. |
€7,900.00 |
Comhpháirtíocht Leader Phort Láirge CLG |
Siúlóid Lúibe Dhroichead Byrne - Oibreacha Draenála |
Fáil réidh leis na seandroichid phortaigh agus a bhfuil damáiste déanta dóibh agus draenacha nua a shuiteáil a bhfuil píopaí curtha trasna iontu le draenáil a fheabhsú agus rochtain éigeandála a chur ar fáil chuig an gcnoc. |
€7,661.25 |
Comhpháirtíocht Leader Phort Láirge CLG |
Cosáin Oilithreachta Chnoc Mheilearaí - uasghrádú a dhéanamh ar chomharthaíocht |
Comharthaíocht a thabhairt cothrom le dáta ag gach aon cheann de na séadchomharthaí stairiúla feadh na gcosán. |
€2,982.75 |
Comhpháirtíocht Leader Phort Láirge CLG |
Slí Dhéagláin - Athdhromchlú, Draenáil agus Droichead Coise a Athsholáthar |
Athdhromchlú in dhá phíosa, oibreacha draenála agus athsholáthar a dhéanamh ar dhroichead atá ag trasnú shruthán Chill Riain. |
€9,555.57 |
Comhpháirtíocht Forbartha Iarthar Chorcaí |
Slí Rinn Mhuintir Bháire - Feabhsúcháin Conaire Deelish Cascades |
Crainn atá tite a thógáil as an abhainn, bruach na habhann atá creimthe a dheisiú chun an tsiúlóid a chaomhnú, armúr carraige teipthe agus dromchla na conaire a dheisiú. |
€10,000.00 |
€465,120.22 |